Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

24

Ní raiḃ aon niḋ beó le feiceál ó’n luing siaḃraċ seo, aċt an ḟairrge n-a ṁaċaire leaṫan órḋa n-a timċeall, an spéir ċoṁ gorm le haon gorm dár facṫas ariaṁ, aċt aṁáin san áird a raiḃ an ġrian óg ġá horḋaḋ, an Ḃrídeóg agus na seólta a loḃaḋ ar a crannaiḃ, a cuid áḋmuid a dul ó ċéile, agus í ċoṁ seasṁaċ i lár na fairrge ciúine doiṁne seo le carraig ṁóir.

“Cuirfead i gcéill duit-se a ḃreiṫiṁ, agus do’n ċoisde onóraċ atá ag caḃruġaḋ leat sa gcuis, gur cuirpeaċ an príosúnaċ atá ’n-ár láṫair agus go ḃfuil an bás tuillte aige,” arsa Bel. “Ar an gcéad ḟáisg,” ar seisean, “ṫug sé bean ruaḋ leis ar bord na luinge: an ḃféadfaḋ an t-áḋ ḃeiṫ orainn agus bean ruaḋ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ!” ar siad uile go léir d’aon ġuṫ.

“A ropaire an tsaoġail,” arsa bean an Ċaiptín agus coċall uirṫi, “má ṫugann tú bean ruaḋ ormsa....”

Cuireaḋ cosg léiṫe.

“Ṫug sé bean ruaḋ leis ar bord na luinge,” arsa Bel, “aċt ní raiḃ a ḋóṫain annsin gan ceann sionnaiġ ċur i n-áirde ós cionn dorais an ċabáin: an ḃféadfaḋ an t áḋ ḃeiṫ orainn agus ceann sionnaiġ ḃeiṫ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ,” ar siaḋ uile d’aon ġuṫ.

“Agus an cat duḃ!” arsa Bel, “cá ḃfuil an fear ar ḋruim bóċna indiu nár ċuala sgéalta fíora faoi longaiḃ nár ṡroiċ ċalaḋ ariaṁ mar ġeall ar cat duḃ ḃeiṫ ar bord? Naċ ḃfuil ḟios ag an saoġal cé’n dlúṫḃaint atá ag an aicme sin le Fear na Riḃe? An ḃféadfaḋ an t-áḋ ḃeiṫ orainn agus a leiṫéid d’ainṁiḋe ḃeiṫ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ!” ar siad uile d’aon ġuṫ.

“A ḃreiṫiṁ ċoir,” arsa Bel, “ní call dom ċur i gcuiṁne ḋuit-se cé na pianta d’ḟulaingeamar toisg caiptín dá ṡórt ḃeiṫ againn: ní call dom a ċur i