Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

25

gcuiṁne ḋuit cé’n tart uaṫḃásaċ atá orainn le fada de laeṫiḃ: ní call dom a ċur i gcuiṁne ḋuit cé’n t-ocras atá orainn....”

Ṫáinig diúil fola agus feóla i súiliḃ furṁor na cuideaċtan. Ṫug an breiṫeaṁ faoi deara go raiḃ an triúr a laḃair i gcoṁnaiḋe i n-éinḟeaċt ag féaċaint go sanntaċ ar a ċosa cama ḟéin, agus ṫarraing sé isteaċ faoi’n gclóca dearg iad go tapaiḋ.

“Ní call dom-sa a ċur i gcuiṁne duit cé’n t-ocras millteaċ atá ag gaḃail dúinn, agus sé an fear sin is siocair leis,” arsa Bel.

Ḃí fonn ar ċuid aca an caiptín alpaḋ n-a ḃeaṫa.

“Ní fear cainnte mé,” arsa Bel, “aċt noċtóċad a ċoire móra i n-aṫ-uair ḋuit, a ḃreiṫiṁ:

An ḃean ruaḋ;

An ceann sionnaġ;

An cat duḃ;

Agus le bárr ar an gcleas ċuir sé iallaċ orainn calaḋ breáġ na Gaillṁe ḟágáil ar an Aoine agus ar an 13aḋ lá de’n ṁí....”

D’eiriġ an cócaire a ċaill a ṡrón de ġeit.

“An Aoine! An Aoine! Feóil! Gan feóil! Baineaḋ an tsrón ḋíom-sa ar an Aoine! Ṫáinig sé orm a ngan ḟios, a ċoṁluadair, agus ṡáit sé na fiacla fada duḃa isteaċ im’ ċuid feóla....”

Ċuir an breiṫeaṁ cosg leis an gcócaire. B’olc leis ḃeiṫ ag féaċaint air agus ag cuiṁneaḋ ar an gcaoi ċaill sé féin a leaṫ-ċluas!

Ṫosaiġ Bel arís.

“Iarraim ort i n-ainm fuirne na Brídeóige a ḃreiṫiṁ,” ar se, “breiṫ báis ṫaḃairt ar an ḃfear atá ós do ċoṁair. Mara dtiuḃraiḋ, a ḃreiṫim, fágaim le huaḋaċt é naċ gcaiṫfiḋ mé smugairle as mo ḃéal arís ċoiḋċe.”

Ḃuail sé faoi ar an úrlár. Ċaiṫ sé smugairle uaiḋ faoi ḋó, agus annsin ṡáiṫ sé píosa mór tobac n-a ḃéal agus ṫosaiġ sé ġá ċogaint,

D’eirig Satan n-a ṡeasaṁ.