21
Rug sé ar ḃlúire cailce agus ṫosaiġ ag sgríoḃaḋ ar an mbórd léiṫe.
“Níl de ċongnaṁ againn aċt naonḃar,” ar seisean, “aċt tá an uile ḋuine do’n naonḃar sin i n-ann troid a ḋéanaṁ má ḃíonn gáḃaḋ leis. Tá an máta n-a ċod- laḋ. Ḃeirtear air gan a ḋúiseaċt, agus cuirtear ceangal na gcúig gcaol air. Tá an Caiptín ar an droiċead—ní obair ṁór oraiḃ-se, a ċáirde, ṫeaċt air i ngan ḟios agus na heangaca teanna cnáibe sin a ċaiṫeaṁ anuas air ionnós naċ mbéiḋ ann corruġaḋ: naċ féidir liḃ sin a ḋéanaṁ a ċáirde, a ḃráiṫre ḋílse?”
“Is féidir! is féidir,” ars’ an triúr i n-éinḟeaċt.
“Téiḋeaḋ tusa, a Ḃel, go cabán an Ċaiptín,” arsa Satan, “agus téiḋeaḋ an cócaire agus beireaḋ sé ar an mnaoi ruaiḋ sin is siocair le n-ar ḟulaingeamar, an ḃean is siocair le sróin ḃreáġ an ċócaire a ċailleaḋ agus beirtear ar a hál freisin, agus annsin.... aċt ní gáḃaḋ ḋom innseaċt do Ḃel céard is ceart a ḋéanaṁ. Tá sean-ṫaiṫiġe aige-sean ar a ċéird. Agus ní call dúinn, innseaċt do’n ċócaire goidé an cineál ainḃruiṫe is feárr linn....”
Rnneadar uile gáiriḋ.
D’eiriġ an cócaire a ċaill a ṡrón. “Srónta fada cama agus srónta geárra díreaċa, srónta boga milse agus srónta cruaḋa cnáṁaċa....”
D’eiriġ Bel. Ḋo noċt sé na fiacla fada fuara. Ṫáinig dúil fola n-a ḋá ṡúil. Ḃí a ṫeanga ḟada ċalacṫa ag sileaḋ leis ar nós gaḋair a mbeaḋ anaiṫe air.
“Ġeoḃaiḋ mé greim fiacal ar a caolsgróg, slugfad a ḃfuil d’ḟeoil ar a cnaṁaiḃ....”
Ḃí faoi a lán eile a ráḋ aċt ċuir ḋá rud cosg leis. An tart mór a ḃí ġá ṁarḃaḋ, agus Satan, ċuir iallaċ air stopaḋ.
“Ná déantar a leiṫéid,” arsa Satan go huġdarásaċ. “Déantar an obair go ceart. Déantar í go dlistineaċ, nó ní ḃéiḋ an t-áḋ orainn.”
Ṫainig triúr eile isteaċ ar an nóiméad seo.