20
aġ néaduġaḋ i ngéagaiḃ caola slíme an ċrainn sin. Ḃí pearóid ann, agus na seaċt ndaṫ a moltar sna seanleaḃraiḃ Síneaċa ar a ċlúṁ. Ḃí fear a raiḃ culaiṫ mairnéalaiġ air ’n-a ṡuiḋe faoi ḃun an ċrainn, agus bean óg a raiḃ folt uirṫi ċoṁ trom agus ċoṁ dualaċ le aon ḟolt dár facṫas ariaṁ n-a suiḋe le n-a ċois, agus greim láiṁe aici air. B’foras d’aiṫint uirṫi go raiḃ muinġín ṁór aice as! Aċt an naṫarniṁe mór cealgaċ ḃí ar a gcúl agus é ag teaċt orṫa i ngan ḟios! Ḃeaḋ fonn ort béiċ a leigint asat ḋá ḃfeicṫeá é agus an dealg niṁe ag teaċt amaċ as a ḃéal!
Ḃí triúr fear eile ann, aċt ó ḃíodar n-a suiḋe ar ṫrí ḃaraille i ndorċadas na pluaise, ní féidir a ráḋ ’n-a dtaoḃ aċt go raiḃ a súile ag lonnraḋ ar nós sméaróid a ṡéidfiḋe i n-uaiṁ ḋorċa, agus go mba ċosaṁail a nglór leis an torann ġniṫfeaḋ uisge i soiṫeaċ leaṫ- ḟolaṁ dá gcraiṫtí é. ’Deirṫeá go mba ṁór an stróṁ, agur go mba ṁillteaċ an saoṫar orṫa aon ċainnt a ḋéanaṁ agus a laġad di is ḃí ar síuḃal aca; aċt nuair laḃradar, laḃradar i n-aonḟeaċt agus ḃíodar triúr ar aon ḟocal agus ar aon smaoineaḋ.
D’eiriġ Satan agus laḃair sé leis an gcuideaċtain ṡéiṁ seo.
“A ḃráiṫre ionṁuine, a ċáirde cléiḃ,” ar seisean, “is fada sinn ag súil leis an oiḋċe seo,” ar seisean.
“Fíor ḋuit! Fíor ḋuit! ars’ an triúr i n-éinḟeaċt.
“Tá ḃreiṫ báis tuġṫa againn ar an gCaiptín Mongaċ,” arsa Satan, “agus tá caoi againn leis an mbreiṫ sin a ċur i ḃfeiḋm. Ar maidin ar eiriġe gréine siuḃalfaiḋ sé an clár....”
“Siuḃalfaiḋ sé an clár,” ars an triúr i n-éinfeaċt.
“Siuḃalfaiḋ sé an clár agus béiḋ a ṡeanċaḃail lom ġránda ’ġá iṫe ag míoltaiḃ alpaċa na mara móire,” arsa Satan.
“Beirtear air! Beirtear air go beó!” ars’ an triúr i n-éinfeaċt.
“Foiġid a ḃráiṫre ocraċa!” arsa Satan. “Caiṫfear an obair a ḋéanaṁ go ceart agus go dlistineaċ.”