Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

19

blocanna, sean-iarann, soiṫiġ, cleiṫí agus gaċ aon tsórd oirnéis caiṫte ṫall is i ḃfus, agus is iomḋa trisleóg agus tuairt baineaḋ aiste go ḃfaca sí léas beag soluis ag deallraṁ ṫrí ṡiúntaċaiḃ na gclár ar a haġaiḋ amaċ.

Ċuala sí torann freisin. Glórṫa fear—sin é ċuala sí; agus ḃí na glórṫa seo i ngoireaċt ceiṫre slat di. Ag ceann na luinge ḃí sí, i n-aíce le pluais ċodalta na mairnéalaċ. Ġlac mór-eagla í; b’ḟeárr léiṫe na luiċ féin ġá halpaḋ na ḃeiṫ i ngreim ag Satan agus a ċuideaċta.

Ḃíodar ag cainnt go hárd agus fearg i nglór cuid díoḃ; ċuir sí súil le siúnta go ḃfeiceaḋ sí céard a ḃí ar siuḃal, agus annsin do leaṫ an raḋarc uirṫe.


X.

Ní raiḃ i n-Árus codalta na mairnéalaċ aċt fíor ḋroċ ṡolus ó lampa ḃeaġ a ḃí croċta ó ṡail, aċt ba ḋall an duine naċ dtuigfeaḋ cé’n droċ-obair a ḃí ar siuḃal ag an gcúigear fear a ḃí istiġ.

Ḃí Satan ann go n-a ċosaiḃ cnapaċa, go n-a ċroiméal trom sguabaċ, go n-a ḟiar-ṡúil, go n-a ċraiceann a ḃí ar ḋaṫ ċró capall sa ḃfóġṁar. Ḃí an brísde beag bán air, agus an léine ḋearg agus an fáinne ait ag baint na leaṫ-ċluaise ḋe le n-a ṁeaḋċan ṁór! Agus ar ndoiġ níor ḋearmad sé an ċrios iongantaċ!

Ḃí biṫeaṁnaċ eile le n-a ais. Bel an t-ainm ḃi acá ar an mboc seo. Ḃí seisean n-a ṡuiḋe ós íseal, ar a gogaide ar nós táilliúra, agus gan falaċ air aċt drár beag giobaċ. Ḃí mór-ċuid de’n ċainnt dá ḋéanaṁ aige-sean, aċt ba ṁó go mór an tsuim ċuirṫeá sna pictiúiriḃ ḃí sgríoḃṫa ar a ċraiceann ḃuiḋe ná ’n a ḃriaṫraiḃ beóil. Ní raiḃ ordlaċ dá ċabail, ó ṁuineal go básta, naċ raiḃ píctiúr éigin geárrṫa isteaċ ann le snáṫaid. Ḃí pictiúir crainn ṁóir failme ar a ḋruim, agus éanlaiṫ de gaċ uile ḋaṫ, agus de gaċ uile cineál,