Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

18

gan congnaṁ san uaċais ġránda sin. Ḃí droċḃalaḋ ann ó’n mboḋar-uisge bréan a ḃí bailiġṫe i dtóin an ḃáid, agus is ar éigin nár ḃain an bolaḋ sin a céadfaiḋ ḋi.

Ḃí sí tamall maiṫ ag gol nuair ṁoṫuiġ sí rud beó i n-aice léiṫe. Ḃí an t-ainṁiḋe seo, ma’s ainṁiḋe ḃí ann, ag srónaċt timċeall uirṫi ’gur bualaḋ a ġob le n-a leicinn. Luċ franncaċ a ḃí ann agus é go halpaċ. D’eiriġ leiṫe an ruaig a ċur air aċt ṁoṫuiġ sí go raiḃ na céadta eile aca n-a gar. Ċonnaic sí ḋá ċéad súil i ḃfoisgeaċt slaite ḋi Ba ċosaṁla le réaltaiḃ beaga dearga ḃeaḋ ag soillsiuġaḋ i spéir ḋuiḃ iad, ná le súiliḃ.

Ḃí iongnaḋ a hanma uirṫi, agus ní iongnaḋ ar biṫ é, aċt níor ṫosuiġ sí ag caoineaċán ná ag gol. Dá dtosnuiġeaḋ is cinnte go n-ionnsuiġeaḋ na hainṁiḋṫe fíoċṁara ocraċa seo í. Níl ḟios céard a ċuir ’n-a ceann é, aċt séard a rinne sí amrán bog cronánaċ a ġaḃail.

Cineál suantraiġe ḃí ’san aṁrán a ḃí aice, agus ḃí á ḋá súil dúnta aice agus í ġá ġaḃail; nuair d’osgail sí na súile arís, ní raiḃ na réaltóga beaga dearga le feiceál aice, agus ní ḃfuair sí amaċ ariaṁ an é an ċaoi gur ċuir an ceól bog eagla ṁór ar na luċaiḃ, nó ar ċuir an binneas neaṁġnaṫaċ codlaḋ trom orṫa.

Ar aon ċuma, ní ḋeárna sí mórán moille san áit ar casaḋ léiṫe iad aċt siúd léiṫe ar aġaiḋ arís.

Faoi ḋeireaḋ, ċonnaic sí na réalta ós a cionn. Ċonnaic sí mar ḃeaḋ ballaí duḃa dorċa timċeall uirṫe. Rinne sí ar ċeann de na ballaiḃ seo. Tráṫṁail go leór ḃí téad cnáibe ag sileaḋ leis an mballa, agus ó ḃí aicliḋeaċt cos agus lám aice—go deiṁin ba ḃeag naċ raiḃ sí ċoṁ sgofánta le buaċaill óg—d’eiriġ leiṫe strapadóireaċt a ḋéanaṁ, agus leiṫead a ḋá bonn ḟaġáil ar urlár meaḋonaċ na luinge le duaḋ mór.

B’éigin di siuḃal go réiḋ agus go cúramaċ nuair ḃain sí an t-urlár seo amaċ, mar ní raiḃ aon solus ann agus ní raiḃ ḟios aici cá sáṫfaḋ sí a cos. Ḃí téadraċa,