Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Deichmhadh Radharc
[ 62 ]

AN DEIĊṀAḊ RAḊARC.


Imeal coille.—Tig Cú Ċulainn agus Laoġ isteaċ.


Cú.—Ní maiṫ atá ár ngnó déanta againn, a Laoiġ. Tá an mór-ṡluaġ so gaḃṫa ṫarainn soir. Níor ṡáruiġeadar an iḋ, aċ níor ḋein aon ḟear acu a mac-saṁail d’iḋ. Ní raiḃ aon ḟear orṫa d’ḟéadfaḋ a mac-saṁail d’ iḋ do ḋéanaṁ ar aon ċois agus ar aon láiṁ agus ar aon tsúil. Dá ḃríġ sin do ṫáinig an sneaċta orṫa. Is maiṫ an ḃail orṫa nár ṡáruiġeadar an iḋ. Dá sáruiġidís í ní raċaḋ aon duine acu beó ó’n sneaċta. D’ iompuiġeadar i leiṫ taoiḃ agus bíoḋ gur ḋeineadar an riġneas ceart níor ċailleadar an aimsir mar do ḃí saoráid acu ar imṫeaċt ó’n gcnoc ná beaḋ acu ar imṫeaċt ó’n áit ’na raḃadar, dá ḃfanaidís ann i longṗurt, mar a ṁeasas iad d’ ḟanaṁaint. Do ġluaiseadar go héasga agus táid siad sleaṁnuiġṫe ṫarainn soir. Is mór an truaġ an ní sin! Is mór go léir an truaġ é! Ní ċeadóċainn ar ríġe Ulaḋ iad ḃeiṫ imiġṫe ṫarainn ar an gcuma san!

L.—D’ innseas-sa ḋuit, a rí, gur mar sin a ḃeaḋ. Duḃart gur ċeart an faire do ḋéanaṁ.

C.—Féaċ a Laoiġ, sid é a rian. Sid é slioċt-lorg [ 63 ]an tslóiġ. Tar annso, a Laoiġ, agus breiṫniġ an slioċt-lorg agus dein airṁeas ar an líon a ċuadar ṫarainn soir.

(Cromas Laoġ ag iniúċaḋ an tailiṁ agus imṫiġeas amaċ ar an gcuma san.)
Do ċaillis orm, a ṁic Eiṫleann! Do ċaillis orm glan. Do meallaḋ Caṫḃaḋ draoi. An lá a ġaḃas arm gaisge duḃairt sé liom, i láṫair Ċonċoḃair, go mbeaḋ mo ṡaoġal duṫain, diombuan, dá ngaḃainn arm an lá san, aċ go mairfeaḋ mo ċlú agus m’ árdsgéal i mbéalaiḃ daoine go deó. Do ġaḃas arm air sin. Ba ḃeag agam mo ṡaoġal a ḃeiṫ buan nó diombuan seaċas árdsgéal mo ḃeaṫa agus mo ṁór-ġníoṁ do leanaṁaint i mbéalaiḃ na ndaoine, ó ṡlioċt go clioċt agus ó ṡaoġal go saoġal. Tá ceó ar mo ċlú indiu! Isé droċ-sgéal an lae indiu a leanfaiḋ i mbéalaiḃ daoine. Is ar ṫiubaist an lae seo a ṁairfiḋ cuiṁne i gcroiḋṫiḃ Ultaċ go deó deó, agus i n‑aigne Gaeḋeal. Ní gan ċúis é. Tá Cúige Ulaḋ fé ċosaiḃ naṁad. Táid na tiġṫe dá losgaḋ ċeana féin agus na daoine dá marḃaḋ! Tá fuil Ultaċ ag riṫ le fánaiḋ agus mise fé ndeár é. Isé focal a ḃioḋ ag muintir Muiġe Muirṫeiṁne le ċéile, ó ṫosnuiġ na ráflaí ar ċórú agus ar ṫoisg an ṁór-ṡlóiġ seo ar ḋul ċúca, “Ní baoġal dúinn Méiḃ agus Oilill! Ní baoġal dúinn ċeiṫre ollċúige Éirean! Tá Cú Ċulainn idir sinn agus ár naṁaid! An ḟaid a’s tá Cú Ċulainn idir sinn agus iad ní’l baoġal orainn!” Tá an naṁaid ’na measg anois, ag sladaḋ agus ag creaċaḋ agus ag losgaḋ, agus cá ḃfuil Cú Ċulainn! Beiḋ cuiṁne acu ar an [ 64 ]sgéal san. Sin é an t-árdsgéal a ṁairfiḋ acu agus ag an méid do fágfar beó ċun sleaċta ḋíoḃ i gcríoċaiḃ Muiġe Muirṫeiṁne. Ḃí a n iontaoiḃ as Cú Ċulainn agus do ċaill Cú Ċulainn orṫa! Dá mbeaḋ a n iontaoiḃ níoba luġa a Cú Ċulainn ní tiocfaí i gan ḟios orṫa ċoṁ críoċnuiġṫe. Is olc é an saoġal diombuan. Aċ is fiú mór-ċlú é ṫuilleaṁ ar ṡaoġal ḋiombuan. D’ ḟuilingeóċainn diombuaine agus duṫaine go fonnṁar ar ṁórḋaċt agus ar ḃuaine sgéil mo ḃeaṫa; ar a ḃeiṫ le ráḋ go deó ag slioċt gaċ sleaċta gur ḃ’ uasal agus gur ḃeaċt mo ġníoṁ agus nár ċailleas i nguais dá ġéire ar an té ċuir a ṁuiniġin asam, nó an naṁaid a ċuir caṫ orm nár ċuaiḋ a ġníoṁ i n‑aisge leis. Aċ cá ḃfuil an té ḟuilingeóċ ná ċuirfeaḋ suas le diombuaine saoġail agus le mí-ċlú i n‑aoinḟeaċt!
(Tig Luċ mac Eiṫleann isteaċ Laistiar.)

L. M. E.—A Ċú Eaṁna, níor meallaḋ Caṫḃaḋ agus níor cailleaḋ ort-sa! Fíorfar séan an lae úd a ġlacais arm! Clú uasal duit! Árdsgéal oirḋeirc duit! T’ ainm i mbéalaiḃ daoine an ḟaid a ḃeiḋ slioċt ar slioċt. Sin é an séan agus ġeaḃair é. Tá sé le faġáil agat níos iomláine, níos forleiṫne, níos uaisle, níos buaine, ná mar a ṁeasais féin a geallaḋ duit é. Dein do ġníoṁ ar ḟearaiḃ Éirean, bídís lastair nó lastriar díot. Is trom a ḃeiḋ do láṁ orṫa aċ gan staonaḋ ó d’ ġníoṁ.

(Imṫiġeas. Filleas Laoġ.)

Cú.—Ar ṫeip an t‑airṁeas ort, a Laoiġ?

Laoġ—Do ṫeip, a rí. Tá rud éigin bun os cionn sa riarú atá orṫa.

[ 65 ]Cú.—Tá go maiṫ, a Laoiġ. Fan-se annso ag taḃairt aire do’n eaċra agus déanfad-sa an t‑airṁeas má ’s féidir é.

(Imṫiġeas Cú Ċulainn.)

Laoġ.—Is iongantaċ an fear é má ḋeinean sé an t‑airṁeas san. Agus déanfaiḋ! Ní ṫeipean aon rud air. Ní ḃuaḋan aon rud air. Ní féidir d’aoinne ḃeiṫ suas leis. Aiṫniġean sé an rud a ḃeaḋ i n‑aigne ḋuine agus ní féidir é ċeilt air! Bíon mo ḋearḃráṫair, Iḋ mac Rianġaḃra, ’gá áiteaṁ orm gur fearr de ṫriaṫ agus de ṫiġearna Fear Diaḋ mac Daṁáin ná Cú Ċulainn. Tá Fear Diaḋ go maiṫ, aċ ní’l breiṫ aige ar Ċú Ċulainn. Nuair a ċuadar araon ag foġluim gaisge ó Aoife agus ó Sgáṫaiġ ḃí Cú Ċulainn aḃfad níos óige ’ná Fear Diaḋ, agus dá ḃríġ sin is é Cú Ċulainn a ḋeineaḋ frioṫálaṁ ar Ḟear Diaḋ ag áireaṁ a ṡleaġ agus ag córú a leapṫan dó. Aċ níor ḃ’ ḟada gur neartuiġ Cú Ċulainn dá óige ’ḃí sé. Is maiṫ is cuiṁin liom an lá a ċuadar ag iomrusgáil agus nár ḟéaḋ aoinne acu an fear eile do leagaḋ!—Ḃí sé buailte isteaċ im’ aigne féin go ḃféadfaḋ Cú Ċulainn é leagaḋ dá mba ṁaiṫ leis é. Ḃí iomad ceana aige air agus níor ṁaiṫ leis an easonóir do ṫaḃairt dó. Do sguradar gan aoinne acu do leagaḋ an ḟir eile. Is iongantaċ an cion atá acu ar a ċéile! Is mór an truaġ iad do ḃeiṫ ar an dá ṫaoḃ. Agus sin me féin agus Iḋ ar an dá ṫaoḃ leis. Is olc an obair í. Tá ana ċion agam ar Iḋ ḃoċt. Má ’s fear beag é tá croiḋe mór aige. Is mó an cion a ḃí agam’ báṫair air ná ar aoinne eile dá cloinn. Agus ní dóiċ liom go raiḃ aon éad [ 66 ]ar aoinne againn mar ġeall air sin. Ḃí báiḋ againn go léir leis an ḃfear mboċt toisg gan é ḃeiṫ ċoṁ láidir ná ċoṁ deaġ-ċúmṫa leis an gcuid eile againn. Is mór an truaġ é féin agus Fear Diaḋ do ḋul riaṁ i ngéilsine do Ṁéiḃ agus d’ Oilill. Aċ ní’l leiġeas anois air.

(Tig Cú Ċulainn isteaċ.)
Seaḋ, a rí, ar ṫáinig leat an t‑airṁeas do ḋéanaṁ?

Cú.—Ṫáinig. Is é rud fé ndeár an bun os cionn ná tríoċa céad na nGailian do ḃeiṫ díosgaoilte ar an mór-ṡluaġ i dtreó nác féidir liom ṫar rian cúigir acu d’ ḟeiscint ċoiḋċe i ḃfoċair a ċéile. Tá ċeiṫre ṫríoċa céad déag Connaċtaċ ann, agus ḋá ṫríoċa céad déag Muiṁneaċ, i n‑éaġmais gnáṫ-ṫeaglaiġ Ċú Raoi ṁic Dáire féin. Tá Pobal na Teaṁraċ ann. Tá tríoċa céad na nGailian díosgaoilte ar an mór-ṡluaġ, an tríoċa céad is fearr orṫa go léir. Cuir leis an méid sin gnáṫ-ṫeaġlaċ Ṁéiḃ agus gnáṫ-ṫeaġlaċ Oiliolla agus ní ḃeiḋ fé ḃun daċad tríoċa céad agat, a Laoiġ!

Laoġ.—Oċ ón! óċ ón! Céad agus fiċe míle fear! Ní fágfar duine ná beiṫiḋeaċ againn! Ní fágfar tiġ ná treaḃ i gCúige Ulaḋ!

Cú.—Gaiḃ na heiċ dúinn, a Laoiġ, go leanam iad. Is cuma liom ceocu rómpa nó ’na ndiaiḋ nó ’na lár a ṫiocfad orṫa, aċ mara gcuiread rian mo láṁ orṫa indiu ní ḃeiḋ mé beó!


An Dara Gníomh, An Naomhadh Radharc