Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
TÁIN BÓ CUAILNGE

sgéal san. Sin é an t-árdsgéal a ṁairfiḋ acu agus ag an méid do fágfar beó ċun sleaċta ḋíoḃ i gcríoċaiḃ Muiġe Muirṫeiṁne. Ḃí a n iontaoiḃ as Cú Ċulainn agus do ċaill Cú Ċulainn orṫa! Dá mbeaḋ a n iontaoiḃ níoba luġa a Cú Ċulainn ní tiocfaí i gan ḟios orṫa ċoṁ críoċnuiġṫe. Is olc é an saoġal diombuan. Aċ is fiú mór-ċlú é ṫuilleaṁ ar ṡaoġal ḋiombuan. D’ ḟuilingeóċainn diombuaine agus duṫaine go fonnṁar ar ṁórḋaċt agus ar ḃuaine sgéil mo ḃeaṫa; ar a ḃeiṫ le ráḋ go deó ag slioċt gaċ sleaċta gur ḃ’ uasal agus gur ḃeaċt mo ġníoṁ agus nár ċailleas i nguais dá ġéire ar an té ċuir a ṁuiniġin asam, nó an naṁaid a ċuir caṫ orm nár ċuaiḋ a ġníoṁ i n‑aisge leis. Aċ cá ḃfuil an té ḟuilingeóċ ná ċuirfeaḋ suas le diombuaine saoġail agus le mí-ċlú i n‑aoinḟeaċt!

(Tig Luċ mac Eiṫleann isteaċ Laistiar.)

L. M. E.—A Ċú Eaṁna, níor meallaḋ Caṫḃaḋ agus níor cailleaḋ ort-sa! Fíorfar séan an lae úd a ġlacais arm! Clú uasal duit! Árdsgéal oirḋeirc duit! T’ ainm i mbéalaiḃ daoine an ḟaid a ḃeiḋ slioċt ar slioċt. Sin é an séan agus ġeaḃair é. Tá sé le faġáil agat níos iomláine, níos forleiṫne, níos uaisle, níos buaine, ná mar a ṁeasais féin a geallaḋ duit é. Dein do ġníoṁ ar ḟearaiḃ Éirean, bídís lastair nó lastriar díot. Is trom a ḃeiḋ do láṁ orṫa aċ gan staonaḋ ó d’ ġníoṁ.

(Imṫiġeas. Filleas Laoġ.)

Cú.—Ar ṫeip an t‑airṁeas ort, a Laoiġ?

Laoġ—Do ṫeip, a rí. Tá rud éigin bun os cionn sa riarú atá orṫa.