Jump to content

Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/9

From Wikisource
292073Táin Bó Cuailnge ’na dhráma — An Dara Gníomh, An Naomhadh RadharcPeadar Ua Laoghaire
[ 58 ]

AN NAOṀAḊ RAḊARC.


An sliaḃ.—Tig triúr de’n tsluaġ isteaċ, agus anairt puible acu.


Fear acu.—Duḃraḋ liom go raiḃ coill annso. Má tá ba ċóir go ḃféadfaimís foiṫin d’ ḟaġáil inti. Ní ḟeaca riaṁ sneaċta ag tuitim ċoṁ tiuġ. Má leanan sé ag cur ṡneaċtaiḋ do’n réir seo múċfar an saoġal.

Fear eile.—Leog dom féin, a ḋuine. Ní hag cur ṡneaċtaiḋ atá sé aċ an sneaċta ag teaċt anuas i n‑aon ḃróin aṁáin!

Fear eile.—Deirim leat má leanan an obair seo go maidin go mbeiḋ sgéal nua ag daoine. Ní ḃeiḋ cnoc ná gleann le feiscint, aċ an dúṫaiġ i n‑aon ċlár ġeal aṁáin, díreaċ mar a ḃí fadó nuair a ḃí an sneaċta mór ann.

An ċéad Ḟear.—Má ṫagan gaoiṫ agus cáṫaḋ beiḋ an sgéal go holc againn.

An dara fear.—Cad ’na ṫaoḃ gur hiompuiġeaḋ mar seo siar sinn arís?

An tríoṁaḋ fear.—D’ airiġeas‑sa gur b’ aṁlaiḋ atá Conċoḃar roṁainn ar an sliġe lastair, agus mór-ṡluaġ Ultaċ aige, agus go nduḃairt Oilill nár ċeart caṫ a ṫaḃairt dó go maidin.

An ċéad ḟear.—Ní hé sin d’ airiġeas‑sa aċ gur b’aṁlaiḋ a ċuir Cú Ċulainn Luġ mac Eiṫleann agus a ṡluaġ síḋe ar an mbóṫar roiṁe Ṁéiḃ agus go mb’ éigean di casaḋ.

An dara f.—Ní ċreidfinn focal de. Is mó na coṁaċta atá ag Cú Raoi mac Dáire ná ag Cú Ċulainn, [ 59 ]agus is fearr na cáirde síḋe atá aige ná cáirde síḋe Ċú Ċulainn. Ní ḟéadfaḋ Luġ draoiḋeaċt do ḋéanaṁ ná déanfaḋ Cú Raoi draoiḋeaċt ’ġá ḟreagairt, agus tá draoiḋeaċt agus coṁaċta agus cáirde síḋe ag Méiḃ féin ċoṁ maiṫ agus atá ag aoinne acu. Méiḃ ag casaḋ ṫar n‑ais tar éis a saoṫair! Sgéal gan daṫ is eaḋ é. Níor iompuiġ Méiḃ riaṁ fós i ndiaiḋ a cúil ó’n rud a ċuir sí roimpi, agus ní hag dul i ndiaiḋ a cúil atá sí anois. Ní heaḋ dá mbeaḋ a ḃfuil do ċoṁaċtaiḃ síḋe i nÉirinn ar an mbóṫar roimpi!

An ċéad ḟ.—Táimíd ag gaḃáil siar pé sgéal é. Is é mo ṫuairim-se gur aḃaile atáimíd ag dul. Cé ḟéadfaḋ coṁrac do ḋéanaṁ le sneaċta mar é seo! Tá Méiḃ dána gan aṁras, aċ tá ciall aici.

An dara f.—Tá ciall ag Méiḃ, aċ ní’l ciall le d’ ċaint-se. Ní ḟéadfaḋ Cú Ċulainn draoiḋeaċt do ḋéanaṁ ná déanfaḋ Cú Raoi draoiḋeaċt a ḃuaḋfaḋ air.

An ċéad ḟ.—Má ’s eaḋ cad ’na ṫaoḃ ná cuirean Cú Raoi an sneaċta so ar neaṁní uainn agus gan sinn a ḃeiṫ dár leaṫaċ agus dár múċaḋ mar atáimíd?

An dara f.—Mar sin ní hó aoinne acu a ṫáinig an sneaċta so aċ ó’n spéir féin. Tá a ḟios ag an saoġal gur treise coṁaċt spéire, agus coṁaċt gaoiṫe, agus coṁaċt niṁe, ná aon ċoṁaċt draoiḋeaċta. Is minic a ċonacamair sneaċta draoiḋeaċta, aċ ba neaṁní an sneaċta draoiḋeaċta ba ṁó dá ḃfeacamair riaṁ seaċas an sneaċta so. Ó’n spéir féin is eaḋ ṫáinig an sneaċta so.

An ċéad ḟ.—Pé áit as a dtáinig sé, nó pé coṁaċt a ṫug ann é, is eagal liom ná himṫeóċaiḋ sé gan [ 60 ]díoġḃáil a ḋéanaṁ. Má leanan sé cá ḃfaġfar biaḋ do’n ṁór-ṡluaġ so! Má leaṫtar sinn ar ċliaṫán an ċnuic seo, nó má ġeiḃmíd bás do’n ġorta, is suaraċ an sólás dúinn tusa ’ġá innsint dúinn náċ iad coṁaċta draoiḋeaċta Ċú Ċulainn a ṫug an sneaċta ann, aċ gur coṁaċta is treise ná coṁaċta draoiḋeaċta a ṫug ann é. Dar ndó sin mar is measa an sgéal! An dóiċ leat ar ṁaiṫ an ċiall do Ṁéiḃ aġaiḋ do ṫaḃairt ar ċoṁaċtaiḃ atá níos treise ná coṁaċta draoiḋeaċta! Ní dóiċ liom go mbeaḋ sí buiḋeaċ díot dá mbeaḋ a ḟios aici gur b’ é sin meas atá agat ar a ciall. Measaim, áṁ, go ḃfuil an ceart agat i dtaoḃ na gcoṁaċt a ṫug an sneaċta orainn, agus measaim go dtuigean Méiḃ an sgéal. Ní haon scorn do Ṁéiḃ dul i ndiaiḋ a cúil ó ċoṁaċtaiḃ spéire agus néal agus gaoiṫe.—Náċ fuar atá sé! Tá niṁ sa ġaoiṫ. Tá an fuaċt ag gaḃáil tré m’ ċnáṁaiḃ treasna! Deirim leat go ndéanfaiḋ an oiḋċe anoċt obair! Leaṫfar i n‑ár mbeaṫaiḋ sinn. Déanfaiḋ bró lic’ oiġre dár gcuid fola. Do taiḋḃriġeaḋ aréir dom go ḃfeaca ár i ndiaiḋ mór-ċaṫa. Na mílte corp agus gan aon ḃraon fola leó. Is eagal liom go ndéanfaiḋ an aoiḋċe seo taiḋḃreaṁ na súl osgalta de m’ ṫaiḋḃreaṁ!

An tríoṁaḋ f.—Seo! seo! Beiḋ sé ’na ṫaiḋḃreaṁ súl osgalta agat féin agus ag an gcuid eile againn láiṫreaċ má ḟanaimíd annso puinn eile aimsire. Má ’sé an spéir atá ag cur orainn dá luaṫaċt a ċuirfimíd rud éigin idir sinn agus an spéir is eaḋ is fearra ḋúinn é. Má ’tá ag teip ar Ċú Raoi mac Dáire, nó ar Ċú Ċulainn, stop a ċur leis an sneaċta agus leis an ḃfuaċt, ní [ 61 ]hé mo ṫuairim go ndéanfaiḋ ḃur nglugaireaċt cainte-se stop a ċur leó. Nó an aṁlaiḋ a ṁeasfaḋ siḃ ḃeiṫ ag caint go dtí go gcruaḋfaiḋ an sioc na carbail agaiḃ! Beiriḋ ar an anairt seo im’ ṫeannta féaċaint an ḃféadfaimís pubal do ḋéanaṁ. Is suaraċ an díon anairt idir sinn agus an spéir anoċt.

(Gaḃaid ag déanaṁ na puible. Tig beirt eile isteaċ agus fear leaṫ-ṁarb acu dá iomċar eatarṫa.)

Duine de’n ḃeirt nua.—Féaċ, a ḟeara, tá an fear boċt so i ndeire an anama. Ní ṫiocfaiḋ sé ċuige féin go deó mara ḃféadam é ṫé ar ċuma éigin.

An tríoṁaḋ f.—Déiniḋ é ṫé má ’s eaḋ.

An duine.—Sdó, ní’l an ċóir againn ċuige.

An tríoṁaḋ f.—Ná bacaiḋ é má ’s eaḋ.

An d.—Ġeaḃaiḋ sé bás mara dtéitear é.

An tríoṁaḋ f.—Ní fearra ḋó rud a ḋéanfaiḋ sé.

An d.—Ná fuil aon truaġ agat dó!

An tríoṁad f.—Ní’l aon truaġ ag an ḃfuaċt so d’ aoinne.

An d.—Nár ċóir go leogfá ḋúinn é ċur isteaċ sa ṗubal?

An tríoṁaḋ f.—Ba ċóir, dá n‑iaraḋ siḃ orm é, aċ níor iaraḃair.

An d.—An misde leat sinn ’ġá ċur isteaċ?

An tríoṁaḋ f.—Ní misde. Ní ḃeiḋ aċ corp sa mbreis ann ar maidin.

(Beirid isteaċ é.)
Ní ḟeadar an ḃfuil fuaċt ar Ṁéiḃ. Dá dtuigeaḋ ríġṫe i gceart an t‑annró agus an cruaḋtan a ṫagan ar ḋaoiniḃ de ḋruim cogaiḋ ní ḟeadar an mbeidís ċoṁ tugṫa ċun cogaiḋ do ḋéanaṁ.

An ċéad ḟ.—Ní hé mo ṫuairim go ḃfuil aon ṗioc dá [ 62 ]ṁearaṫal orṫa, aċ gur cuma leó, an ḟaid a ṫiocfaiḋ mór-ċlú ċúċa féin as, cad é an cor a ḃéarfaiḋ fir ḃoċta an tslóiġ. Téimís isteaċ fé ’n ḃfoiṫin dá luiġead é.

(Imṫiġid isteaċ sa ṗubal.)


292073An Dara Gníomh, An Naomhadh Radharc