Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
TÁIN BÓ CUAILNGE

díoġḃáil a ḋéanaṁ. Má leanan sé cá ḃfaġfar biaḋ do’n ṁór-ṡluaġ so! Má leaṫtar sinn ar ċliaṫán an ċnuic seo, nó má ġeiḃmíd bás do’n ġorta, is suaraċ an sólás dúinn tusa ’ġá innsint dúinn náċ iad coṁaċta draoiḋeaċta Ċú Ċulainn a ṫug an sneaċta ann, aċ gur coṁaċta is treise ná coṁaċta draoiḋeaċta a ṫug ann é. Dar ndó sin mar is measa an sgéal! An dóiċ leat ar ṁaiṫ an ċiall do Ṁéiḃ aġaiḋ do ṫaḃairt ar ċoṁaċtaiḃ atá níos treise ná coṁaċta draoiḋeaċta! Ní dóiċ liom go mbeaḋ sí buiḋeaċ díot dá mbeaḋ a ḟios aici gur b’ é sin meas atá agat ar a ciall. Measaim, áṁ, go ḃfuil an ceart agat i dtaoḃ na gcoṁaċt a ṫug an sneaċta orainn, agus measaim go dtuigean Méiḃ an sgéal. Ní haon scorn do Ṁéiḃ dul i ndiaiḋ a cúil ó ċoṁaċtaiḃ spéire agus néal agus gaoiṫe.—Náċ fuar atá sé! Tá niṁ sa ġaoiṫ. Tá an fuaċt ag gaḃáil tré m’ ċnáṁaiḃ treasna! Deirim leat go ndéanfaiḋ an oiḋċe anoċt obair! Leaṫfar i n‑ár mbeaṫaiḋ sinn. Déanfaiḋ bró lic’ oiġre dár gcuid fola. Do taiḋḃriġeaḋ aréir dom go ḃfeaca ár i ndiaiḋ mór-ċaṫa. Na mílte corp agus gan aon ḃraon fola leó. Is eagal liom go ndéanfaiḋ an aoiḋċe seo taiḋḃreaṁ na súl osgalta de m’ ṫaiḋḃreaṁ!

An tríoṁaḋ f.—Seo! seo! Beiḋ sé ’na ṫaiḋḃreaṁ súl osgalta agat féin agus ag an gcuid eile againn láiṫreaċ má ḟanaimíd annso puinn eile aimsire. Má ’sé an spéir atá ag cur orainn dá luaṫaċt a ċuirfimíd rud éigin idir sinn agus an spéir is eaḋ is fearra ḋúinn é. Má ’tá ag teip ar Ċú Raoi mac Dáire, nó ar Ċú Ċulainn, stop a ċur leis an sneaċta agus leis an ḃfuaċt, ní