Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
62
TÁIN BÓ CUAILNGE

ṁearaṫal orṫa, aċ gur cuma leó, an ḟaid a ṫiocfaiḋ mór-ċlú ċúċa féin as, cad é an cor a ḃéarfaiḋ fir ḃoċta an tslóiġ. Téimís isteaċ fé ’n ḃfoiṫin dá luiġead é.

(Imṫiġid isteaċ sa ṗubal.)



AN DEIĊṀAḊ RAḊARC.


Imeal coille.—Tig Cú Ċulainn agus Laoġ isteaċ.


Cú.—Ní maiṫ atá ár ngnó déanta againn, a Laoiġ. Tá an mór-ṡluaġ so gaḃṫa ṫarainn soir. Níor ṡáruiġeadar an iḋ, aċ níor ḋein aon ḟear acu a mac-saṁail d’iḋ. Ní raiḃ aon ḟear orṫa d’ḟéadfaḋ a mac-saṁail d’ iḋ do ḋéanaṁ ar aon ċois agus ar aon láiṁ agus ar aon tsúil. Dá ḃríġ sin do ṫáinig an sneaċta orṫa. Is maiṫ an ḃail orṫa nár ṡáruiġeadar an iḋ. Dá sáruiġidís í ní raċaḋ aon duine acu beó ó’n sneaċta. D’ iompuiġeadar i leiṫ taoiḃ agus bíoḋ gur ḋeineadar an riġneas ceart níor ċailleadar an aimsir mar do ḃí saoráid acu ar imṫeaċt ó’n gcnoc ná beaḋ acu ar imṫeaċt ó’n áit ’na raḃadar, dá ḃfanaidís ann i longṗurt, mar a ṁeasas iad d’ ḟanaṁaint. Do ġluaiseadar go héasga agus táid siad sleaṁnuiġṫe ṫarainn soir. Is mór an truaġ an ní sin! Is mór go léir an truaġ é! Ní ċeadóċainn ar ríġe Ulaḋ iad ḃeiṫ imiġṫe ṫarainn ar an gcuma san!

L.—D’ innseas-sa ḋuit, a rí, gur mar sin a ḃeaḋ. Duḃart gur ċeart an faire do ḋéanaṁ.

C.—Féaċ a Laoiġ, sid é a rian. Sid é slioċt-lorg