AN T‑OĊTṀAḊ RAḊARC.
Fearġus agus Méiḃ agus Oilill agus maiṫe fear Éirean i n‑aon láṫair. Caraig ṁór ċloiċe ar an gclár laistiar, i gan ḟios dóiḃ. Fúnsa ḋe ṡlataiḃ daraiġe ar an gcaraig. Oġam sgríoḃṫa ar an ḃfúnsa.
M.—Ní foláir nó tá do ḋalta i ḃfolaċ a Ḟearġuis. Ní féidir linn tásg ná tuairisg d’ ḟaġáil air féin ná ar a ċrann-taḃail.
F.—Tá breiṫ agat air, a ríogan.
M.—Sdó, duḃraís an méid sin ċoṁ minic ċeana, a rí, go ḃfuil eagal orm gur breiṫ fada anonn é.
F.—Ná bıoḋ ceisd ort, a ríogan. Ḃeirim-se m’ ḟocal duit leis, nuair a ġeaḃair tuairisg ar Ċú Ċulainn go mbeiḋ caṫú ort ná raiḃ an ḃreiṫ níos sia anonn.
M.—Is fuirisde caint do ḋéanaṁ. Is minic airiġeas “deataċ mór ar droċ-ṫeine.” An té is árd glór ní hé is maiṫ gníoṁ, go minic. Ní maiṫ an ċomaoine atá agat-sa dá ċur ar do ḋalta, a Ḟearġuis.
F.—Conus san, a Ṁéiḃ?
M.—Mar ní ḟéadfaiḋ sé go bráṫ teaċt suas leis an molaḋ atá agat dá ḋéanaṁ air. Is dóċa go [ 55 ]dtuigean an fear boċt féin an ní sin agus gurab é sin an ċúis ná leogan an náire ḋó é féin a ṫaisbeáint.
O. (Ag féaċaint ar an gcloiċ).—Cad é seo annso againn? (Féaċaid uile ar an gcloiċ.) Féaċ, tá rud éigin casda ar an gcloiċ. Rud éigin i ḃfuirm fúnsa iseaḋ é. Ní raiḃ aon ġá le fúnsa ag an gcloiċ seo. Ní’l aon sgoilt inti. Cad ċuige gur cuireaḋ an fúnsa uirṫi? Agus féaċ, tá sgríḃinn ar ḃeinn an ḟúnsa. Cad é an ḃríġ atá leis an obair seo? An geasa, nó an coṁaċta síḋe, atá curṫa roṁainn annso? Má ’s eaḋ ní foláir dúinn coṁaċta eile do ċur i ḃfeiḋm ’na n‑aġaiḋ, a ċuirfiḋ iad ar neaṁní. Ní ṫuigim an t‑oġam. An dtuigean tusa é, a Ḟearġuis?
F.—Tuigim an t‑oġam, agus tuigim na geasa, agus tuigim na coṁaċta. Ainm Ċú Ċulainn an t‑oġam. Iḋ déanta de ḃuinníḃ daraiġe iseaḋ an fúnsa. Isé Cú Ċulainn do ḃain agus do ċas agus do ṡníṁ na slata so, agus do ḋein an iḋ seo ḋíoḃ. Ċuir sé an iḋ ar ċaol na cloiċe agus do ḃrúiġ sé síos í go dtí tiuġ na cloiċe, mar a ḃfeictear anois í. Annsan do sgríḃ sé a ainm féin ar a beann.
M.—Cad ċuige, a Ḟearġuis, gur ḋein sé an ní sin? Ní ḟeicim féin puinn tairḃe ḋó sa tsórd san cleasaiḋeaċta. Ba ḋóiċ liom gur ḃ’ aḋḃaraiġe ḋó mar ṡaoṫar ḃeiṫ ag cruinniú fear agus ag córú mór-ṡlóiġ, má ’s mian leis Maġ Muirṫeiṁne do ċosaint orainne.
F.—Táid san iḋ seo, a ríogan, coṁaċta agus geasa a ċosnóċaiḋ Maġ Muirṫeiṁne ort-sa níos fearr ná ċosnóċ mór-ṡluaġ, mara ḃféadtar na geasa agus na coṁaċta d’ ḟreagairt.
[ 56 ]M.—Léiriġ-se ḋúinn na coṁaċta, má ’s eaḋ, agus feiceam an ḃfuil ar ár gcumas iad do ḟreagairt.
F.—Do ċuaiḋ an rí-nia úd amaċ fé ’n gcoill úd amuiċ agus do ḃain sé as an dtalaṁ na buinní daraiġe. Do ṡnas sé iad agus do ġlan sé iad. Do ċas sé ar a ċéile iad, ag déanaṁ na hiḋe sin mar a ċítear. Do ḋaingniġ sé ar an gcloiċ, mar a ċítear, an iḋ. Do ḋein sé an obair sin go léir ar aon ċois, ar aon láiṁ agus ar aon tsúil. Leis an ngníoṁ san do ċuir sé de ġeasaiḃ ar ḟearaiḃ Éirean gan gaḃáil ṫar an áit seo soir gan riġneas lae agus oiḋċe do ḋéanaṁ annso, nó duine éigin d’ ḟearaiḃ Éirean do ḋéanaṁ iḋe eile mar an iḋ seo, de ḃuinníḃ daraiġe mar iad so, agus í ḋéanaṁ ar aon ċois, ar aon láiṁ agus ar aon tsúil, díreaċ mar a ḋein sé féin an iḋ seo.
O.—Dar ár mbriaṫar, a Ḟearġuis, ní’l an fear san ar ḟearaib Éirean d’ ḟéadfaḋ an dair seo do lúbaḋ ná do ċasaḋ, agus a ḋá láiṁ do ċur ċuige!
M.—Cad is gá ḋúinn aon tsuim do ċur ins na geasaiḃ! Sin é an sean-sgéal, a Ḟearġuis. Riġneas, riġneas, riġneas!
F.—Seaċain, a Ṁéiḃ. Tá coṁaċta móra laistiar de na geasa. Má ṡáruiġean an mór-ṡluaġ an iḋ, agus má gaḃtar soir gan riġneas lae agus oiḋċe do ḋéanam annso, nó iḋ eile do ḋéanaṁ mar a deineaḋ í seo tiocfaiḋ ar ḟearaiḃ Éirean bárṫan agus mille agus léirsgrios a ḋéanfaiḋ níos mó díoġḃála ḋóiḃ ná ḋéanfaḋ brise caṫa agus dearg-ruaṫar.
M.—Is mór an ċaint í sin, má’s fíor í. Ní ḃréagnuiġim ṫu, a Ḟearġuis, aċ ca ḃḟios dúinn ná [ 57 ]fuil dearṁad ort? Sin é Cúige Ulaḋ os ár gcoṁair. Ca ḃfios dúinn náċ ag magaḋ fúinn atá an Cú Ċulainn seo! Ní halaiḋ do ṁór-ṡluaġ fear Éirean géille do ċleasaiḋeaċt de’n tsórd so. Caraig cloiċe agus fúnsa daraiġe uirṫi! Téanaíġ a uaisle, sara mbeiḋ uain ag muintir na háite ar a mbuar do ḃreiṫ ċun siuḃail uainn!
O.—Is féidir, a Ṁéiḃ, dearṁad do ḃeiṫ ar Ḟearġus sa ní seo, aċ ní minic a ġeiḃmíd dearṁad air. Níor ḋein aon ḟear beó an iḋ sin, ar aon tsúil, ar aon láiṁ, agus ar aon ċois, gan coṁaċta móra síḋe ag caḃrú leis! Ní halaiḋ ḋúinn neart na gcoṁaċt san do ṫarang ar ár mór-ṡluaġ. Ní gá an iḋ do ṡárú. Ní riġneas mór dúinn dúna agus longṗuirt do ġaḃáil ar an gcnoc sin ṫall ar feaḋ lae agus oiḋċe. Ní gá ḋúinn stad annso. Beiḋ ár ngluaiseaċt ó’n gcnoc san níos éasga ná ḃeaḋ ár ngluaiseaċt as so. Ní ṡáróċam an iḋ, lom díreaċ, agus ní ḃeiḋ aon riġneas curṫa orainn gur fiú é a áireaṁ.
M.—Ní maiṫ liom an riġneas, a Oilill, aċ ní luġa ná is maiṫ liom caoi ṫaḃairt ar urċóid do ḋéanaṁ dúinn. Ní ċuige sin a ṫánamair.
F.—Measaim, dá luaṫaċt a ḃeimíd ar an gcnoc agus boṫa agus pubail curṫa suas againn, gurab eaḋ is fearr é. Tá droċ-ḋeaḃraṁ ar na sgamail. Ní cuiṁin liom an spéir do ḃeiṫ ag féaċaint ċoṁ lán, ċoṁ trom, ċoṁ dúr, ó’n oiḋċe úd an tsneaċtaiḋ ṁóir fadó.