Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
57
TÁIN BÓ CUAILNGE

fuil dearṁad ort? Sin é Cúige Ulaḋ os ár gcoṁair. Ca ḃfios dúinn náċ ag magaḋ fúinn atá an Cú Ċulainn seo! Ní halaiḋ do ṁór-ṡluaġ fear Éirean géille do ċleasaiḋeaċt de’n tsórd so. Caraig cloiċe agus fúnsa daraiġe uirṫi! Téanaíġ a uaisle, sara mbeiḋ uain ag muintir na háite ar a mbuar do ḃreiṫ ċun siuḃail uainn!

O.—Is féidir, a Ṁéiḃ, dearṁad do ḃeiṫ ar Ḟearġus sa ní seo, aċ ní minic a ġeiḃmíd dearṁad air. Níor ḋein aon ḟear beó an iḋ sin, ar aon tsúil, ar aon láiṁ, agus ar aon ċois, gan coṁaċta móra síḋe ag caḃrú leis! Ní halaiḋ ḋúinn neart na gcoṁaċt san do ṫarang ar ár mór-ṡluaġ. Ní gá an iḋ do ṡárú. Ní riġneas mór dúinn dúna agus longṗuirt do ġaḃáil ar an gcnoc sin ṫall ar feaḋ lae agus oiḋċe. Ní gá ḋúinn stad annso. Beiḋ ár ngluaiseaċt ó’n gcnoc san níos éasga ná ḃeaḋ ár ngluaiseaċt as so. Ní ṡáróċam an iḋ, lom díreaċ, agus ní ḃeiḋ aon riġneas curṫa orainn gur fiú é a áireaṁ.

M.—Ní maiṫ liom an riġneas, a Oilill, aċ ní luġa ná is maiṫ liom caoi ṫaḃairt ar urċóid do ḋéanaṁ dúinn. Ní ċuige sin a ṫánamair.

F.—Measaim, dá luaṫaċt a ḃeimíd ar an gcnoc agus boṫa agus pubail curṫa suas againn, gurab eaḋ is fearr é. Tá droċ-ḋeaḃraṁ ar na sgamail. Ní cuiṁin liom an spéir do ḃeiṫ ag féaċaint ċoṁ lán, ċoṁ trom, ċoṁ dúr, ó’n oiḋċe úd an tsneaċtaiḋ ṁóir fadó.

(Imṫiġid.)