Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/68

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
54
TÁIN BÓ CUAILNGE

ḋúltuiġ Fearġus do’n eólus a ḋéanaṁ dúinn. Ní loċt air náċ maiṫ leis sinn do ḋul ró ḟada soir. Aċ ní’l leiġeas aige anois ar an sgéal.

F.—Bíoḋ ḃur dtoil agaiḃ, a ríogra.



AN T‑OĊTṀAḊ RAḊARC.


Fearġus agus Méiḃ agus Oilill agus maiṫe fear Éirean i n‑aon láṫair. Caraig ṁór ċloiċe ar an gclár laistiar, i gan ḟios dóiḃ. Fúnsa ḋe ṡlataiḃ daraiġe ar an gcaraig. Oġam sgríoḃṫa ar an ḃfúnsa.


M.—Ní foláir nó tá do ḋalta i ḃfolaċ a Ḟearġuis. Ní féidir linn tásg ná tuairisg d’ ḟaġáil air féin ná ar a ċrann-taḃail.

F.—Tá breiṫ agat air, a ríogan.

M.—Sdó, duḃraís an méid sin ċoṁ minic ċeana, a rí, go ḃfuil eagal orm gur breiṫ fada anonn é.

F.—Ná bıoḋ ceisd ort, a ríogan. Ḃeirim-se m’ ḟocal duit leis, nuair a ġeaḃair tuairisg ar Ċú Ċulainn go mbeiḋ caṫú ort ná raiḃ an ḃreiṫ níos sia anonn.

M.—Is fuirisde caint do ḋéanaṁ. Is minic airiġeas “deataċ mór ar droċ-ṫeine.” An té is árd glór ní hé is maiṫ gníoṁ, go minic. Ní maiṫ an ċomaoine atá agat-sa dá ċur ar do ḋalta, a Ḟearġuis.

F.—Conus san, a Ṁéiḃ?

M.—Mar ní ḟéadfaiḋ sé go bráṫ teaċt suas leis an molaḋ atá agat dá ḋéanaṁ air. Is dóċa go