Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
56
TÁIN BÓ CUAILNGE

M.—Léiriġ-se ḋúinn na coṁaċta, má ’s eaḋ, agus feiceam an ḃfuil ar ár gcumas iad do ḟreagairt.

F.—Do ċuaiḋ an rí-nia úd amaċ fé ’n gcoill úd amuiċ agus do ḃain sé as an dtalaṁ na buinní daraiġe. Do ṡnas sé iad agus do ġlan sé iad. Do ċas sé ar a ċéile iad, ag déanaṁ na hiḋe sin mar a ċítear. Do ḋaingniġ sé ar an gcloiċ, mar a ċítear, an iḋ. Do ḋein sé an obair sin go léir ar aon ċois, ar aon láiṁ agus ar aon tsúil. Leis an ngníoṁ san do ċuir sé de ġeasaiḃ ar ḟearaiḃ Éirean gan gaḃáil ṫar an áit seo soir gan riġneas lae agus oiḋċe do ḋéanaṁ annso, nó duine éigin d’ ḟearaiḃ Éirean do ḋéanaṁ iḋe eile mar an iḋ seo, de ḃuinníḃ daraiġe mar iad so, agus í ḋéanaṁ ar aon ċois, ar aon láiṁ agus ar aon tsúil, díreaċ mar a ḋein sé féin an iḋ seo.

O.—Dar ár mbriaṫar, a Ḟearġuis, ní’l an fear san ar ḟearaib Éirean d’ ḟéadfaḋ an dair seo do lúbaḋ ná do ċasaḋ, agus a ḋá láiṁ do ċur ċuige!

M.—Cad is gá ḋúinn aon tsuim do ċur ins na geasaiḃ! Sin é an sean-sgéal, a Ḟearġuis. Riġneas, riġneas, riġneas!

F.—Seaċain, a Ṁéiḃ. Tá coṁaċta móra laistiar de na geasa. Má ṡáruiġean an mór-ṡluaġ an iḋ, agus má gaḃtar soir gan riġneas lae agus oiḋċe do ḋéanam annso, nó iḋ eile do ḋéanaṁ mar a deineaḋ í seo tiocfaiḋ ar ḟearaiḃ Éirean bárṫan agus mille agus léirsgrios a ḋéanfaiḋ níos mó díoġḃála ḋóiḃ ná ḋéanfaḋ brise caṫa agus dearg-ruaṫar.

M.—Is mór an ċaint í sin, má’s fíor í. Ní ḃréagnuiġim ṫu, a Ḟearġuis, aċ ca ḃḟios dúinn ná