Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
63
TÁIN BÓ CUAILNGE

an tslóiġ. Tar annso, a Laoiġ, agus breiṫniġ an slioċt-lorg agus dein airṁeas ar an líon a ċuadar ṫarainn soir.

(Cromas Laoġ ag iniúċaḋ an tailiṁ agus imṫiġeas amaċ ar an gcuma san.)
Do ċaillis orm, a ṁic Eiṫleann! Do ċaillis orm glan. Do meallaḋ Caṫḃaḋ draoi. An lá a ġaḃas arm gaisge duḃairt sé liom, i láṫair Ċonċoḃair, go mbeaḋ mo ṡaoġal duṫain, diombuan, dá ngaḃainn arm an lá san, aċ go mairfeaḋ mo ċlú agus m’ árdsgéal i mbéalaiḃ daoine go deó. Do ġaḃas arm air sin. Ba ḃeag agam mo ṡaoġal a ḃeiṫ buan nó diombuan seaċas árdsgéal mo ḃeaṫa agus mo ṁór-ġníoṁ do leanaṁaint i mbéalaiḃ na ndaoine, ó ṡlioċt go clioċt agus ó ṡaoġal go saoġal. Tá ceó ar mo ċlú indiu! Isé droċ-sgéal an lae indiu a leanfaiḋ i mbéalaiḃ daoine. Is ar ṫiubaist an lae seo a ṁairfiḋ cuiṁne i gcroiḋṫiḃ Ultaċ go deó deó, agus i n‑aigne Gaeḋeal. Ní gan ċúis é. Tá Cúige Ulaḋ fé ċosaiḃ naṁad. Táid na tiġṫe dá losgaḋ ċeana féin agus na daoine dá marḃaḋ! Tá fuil Ultaċ ag riṫ le fánaiḋ agus mise fé ndeár é. Isé focal a ḃioḋ ag muintir Muiġe Muirṫeiṁne le ċéile, ó ṫosnuiġ na ráflaí ar ċórú agus ar ṫoisg an ṁór-ṡlóiġ seo ar ḋul ċúca, “Ní baoġal dúinn Méiḃ agus Oilill! Ní baoġal dúinn ċeiṫre ollċúige Éirean! Tá Cú Ċulainn idir sinn agus ár naṁaid! An ḟaid a’s tá Cú Ċulainn idir sinn agus iad ní’l baoġal orainn!” Tá an naṁaid ’na measg anois, ag sladaḋ agus ag creaċaḋ agus ag losgaḋ, agus cá ḃfuil Cú Ċulainn! Beiḋ cuiṁne acu ar an