Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
65
TÁIN BÓ CUAILNGE

Cú.—Tá go maiṫ, a Laoiġ. Fan-se annso ag taḃairt aire do’n eaċra agus déanfad-sa an t‑airṁeas má ’s féidir é.

(Imṫiġeas Cú Ċulainn.)

Laoġ.—Is iongantaċ an fear é má ḋeinean sé an t‑airṁeas san. Agus déanfaiḋ! Ní ṫeipean aon rud air. Ní ḃuaḋan aon rud air. Ní féidir d’aoinne ḃeiṫ suas leis. Aiṫniġean sé an rud a ḃeaḋ i n‑aigne ḋuine agus ní féidir é ċeilt air! Bíon mo ḋearḃráṫair, Iḋ mac Rianġaḃra, ’gá áiteaṁ orm gur fearr de ṫriaṫ agus de ṫiġearna Fear Diaḋ mac Daṁáin ná Cú Ċulainn. Tá Fear Diaḋ go maiṫ, aċ ní’l breiṫ aige ar Ċú Ċulainn. Nuair a ċuadar araon ag foġluim gaisge ó Aoife agus ó Sgáṫaiġ ḃí Cú Ċulainn aḃfad níos óige ’ná Fear Diaḋ, agus dá ḃríġ sin is é Cú Ċulainn a ḋeineaḋ frioṫálaṁ ar Ḟear Diaḋ ag áireaṁ a ṡleaġ agus ag córú a leapṫan dó. Aċ níor ḃ’ ḟada gur neartuiġ Cú Ċulainn dá óige ’ḃí sé. Is maiṫ is cuiṁin liom an lá a ċuadar ag iomrusgáil agus nár ḟéaḋ aoinne acu an fear eile do leagaḋ!—Ḃí sé buailte isteaċ im’ aigne féin go ḃféadfaḋ Cú Ċulainn é leagaḋ dá mba ṁaiṫ leis é. Ḃí iomad ceana aige air agus níor ṁaiṫ leis an easonóir do ṫaḃairt dó. Do sguradar gan aoinne acu do leagaḋ an ḟir eile. Is iongantaċ an cion atá acu ar a ċéile! Is mór an truaġ iad do ḃeiṫ ar an dá ṫaoḃ. Agus sin me féin agus Iḋ ar an dá ṫaoḃ leis. Is olc an obair í. Tá ana ċion agam ar Iḋ ḃoċt. Má ’s fear beag é tá croiḋe mór aige. Is mó an cion a ḃí agam’ báṫair air ná ar aoinne eile dá cloinn. Agus ní dóiċ liom go raiḃ aon éad