Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Cúigeadh Radharc
[ 14 ]

AN CÚIGEAḊ RAḊARC.


Tig Dáire mac Fiaċna.


D.—Is iongantaċ an ḃean Méiḃ seo! Tá an ċraoḃ aici. Ní’l aon teóra lé. Naṁaid fíoċṁar do Ċonnaċtaiḃ dob eaḋ Fearġus. Naṁaid dóiḃ dob eaḋ Cormac, mac Conċoḃair. Ní raiḃ duine de ríogra Ulaḋ ná raiḃ fuaṫ agus mioscais aige [ 15 ]riaṁ do Ċonnaċtaiḃ agus acu ḋó. Sin é an bainne cíġe a fuaradar ar gaċ taoḃ, agus a sinsir rómpa, ó ċiantaiḃ aimsire. Agus anois sin iad Fearġus agus Cormac Conloingeas, agus na laoċra atá leó, socair go síṫeaċ agus go sáṁ i gCruaċain, ċoṁ neaṁċorḃuaiseaċ agus ḃíodar riaṁ i nEaṁain Ṁaċa, agus gan aoinne de ṁacaiḃ Máġaċ ag cur ċúċa ná uaṫa! Nuair a ċuadar ann ar dtúis níor ṁeasamair go réiḋteóċ an áit leó. Go deiṁin níor ṁeasamair. Ċeapamair gur ġiorraide a saoġal an t‑aistriú. Níor ċeapas féin go raiḃ coṁaċt ar an dtalaṁ so d’ḟéadfaḋ caradas agus muintearṫas do ṫaḃairt idir ḋaoiniḃ ċoṁ mór fuaṫ dá ċéile. Ḃí a ḟios agam go raiḃ smaċt Ṁéiḃ daingean go leór, aċ níor ṁeasas go raiḃ smaċt ar biṫ d’ḟéadfaḋ an ní sin do ċur i ḃfeiḋm. Is ait an teaċtaireaċt é seo curṫa aici ċuġam-sa. Ní foláir nó tá ní éigin laistiar de. Tá níos mó ná an Donn Cuailnge uaiṫi. “Má tá aon ċur ’na ċoinniḃ ag muintir na tíre seo an tarḃ do leogaint uaṫa, me féin do ḋul siar agus an tarḃ do ḃreiṫ liom.” Ní dóċa gur ag cuiṁneaṁ a ḃeaḋ sí ar ṫuille de ríogra Ulaḋ do ṁeallaḋ lé siar. Nár ċóir nár ḃeag di a ḃfuil aici ċeana ḋíoḃ? Cad dob áil lé dá ṫuille acu? An ar ṁaiṫe le Conċoḃar agus le Cúige Ulaḋ atá ’ġár mbailiú lé siar? Ġeaḃair an Donn, a Ṁéiḃ. Aċ ní ḃfaġair mise go fóil. Ní haon ċeataiġe ḋúinn tu ḃeiṫ buiḋeaċ dínn. Ní fios conus oirfeaḋ do ċongnaṁ dúinn. Ba ṁór an lán béil Conċoḃar tamal. Tá sé lag go leór anois. Tá loċt air is measa ná a laige. Ca ḃfios do’n ċara is dílse aige ná himṫeóċ air [ 16 ]féin mar d’imṫiġ ar Naoise! Do ġearr Conċoḃar an fód ó n‑a ċois féin nuair a ḋein sé an feall san! Do ṫuit aer agus talaṁ ar a ċéile i gCúige Ulaḋ nuair a ċuaiḋ tásg an ḟill sin ameasg daoine ann. Níor ḋeacair an ċúige sin do ċur fé ċosaiḃ naṁad san am so. Ní’l sé ar ċumas Ċonċoḃair é féin ná sinne do ċosaint. B’ḟéidir nár ṁisde ḋúinn do láṁ a ḃeiṫ linn, a Ṁéiḃ. Aċ bíoḋ foiḋne agat! Ġeaḃair an Donn aċ ní ḃfaġair a ṫuille go fóil.

(Tig an Stíoḃard.)

Stíoḃard.—Ní dóċa, a rí, gur fíor an ní seo a deirtear.

D.—Go gcloisead é ní fios dom an fíor é nó an bréag é.

St.—Deirtear go ḃfuil an Donn Cuailnge ag imṫeaċt amáireaċ go Cúige Connaċt.

D.—Agus má’s fíor é, a ḟir tiġis, cad é sin d’aoinne eile sin?

St.—Agus deirtear gurab é Dáire mac Fiaċna atá ag taḃairt an Duinn do na heaċlaċaiḃ seo, le breiṫ leó ag triall ar Ṁéiḃ.

D.—Mara dtugaḋ Dáire mac Fiaċna ḋóiḃ é le breiṫ leó ní dóċa go ḃféadfaḋ aoinne eile é ṫaḃairt dóiḃ.

St.—Is fíor an ċaint sin, a rí, agus is dóċa gur fíor leis, an rud a deir na heaċlaċa féin.

D.—Cad deir na heaċlaċa féin?

St.—Deir na heaċlaċa go ḃfuil ciall ag Dáire mac Fiaċna agus gur maiṫ an ḃail air féin go ḃfuil.

D.—Ní ró-ḟuirisde loċt d’ḟaġáil ar an gcaint sin, a ḟir tiġis. Aċ cad í an ċiall áiriṫe a deir na heaċlaċa atá ag Dáire mac Fiaċna, agus cad í [ 17 ]an ḃail fé leiṫ atá air mar ġeall ar an gcéill sin?

St.—Ḃí mo ḋá cluais ag éisteaċt leó aréir ’ġá ṁaoiḋeaṁ nár ċóir ḃeiṫ buiḋeaċ de Ḋáire ṁac Ḟiaċna mar ġeall ar an dtarḃ do ṫaḃairt uaiḋ mar gur ró-ṁaiṫ a ḃí fios aige, mara dtugaḋ sé uaiḋ ar ais é go gcaiṫfeaḋ sé é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin nuair a ṫiocfaḋ mór-ṡoċraide Ṁéiḃ agus Oiliolla ’ġá iaraiḋ, dá stiúrú fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Dar leó, tá ciall ag Dáire. Is fearr leis an tarḃ do ṫaḃairt uaiḋ ar ais ná é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin.

D. (Ag lasaḋ le feirg).—Tá go maiṫ, a ḟir tiġis, duḃairt an t-eaċlaċ, mara dtugtaí ar ais go mbéarfaí ar éigin. Deirim-se anois ná faġfar an tarḃ ar ais ná ar éigin. Imṫiġ, a ḟir tiġis.

(Imṫiġeas an St.)

Dar láṁ m’aṫar! A Ṁéiḃ, tá dearṁad mór ort. Ní maiṫ í do ċiall nó níor ṁúinis a gceaċt go cruinn dod’ ṫeaċtairíḃ. Nó má ṁúinis níor ṫugadar leó an sgéal i gceart. Má’s tuille de ṁaiṫiḃ Ulaḋ atá uait ní mar sin a ṫiocfair ar iad do ḃreiṫ leat. “Mara dtugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é!” Tá go maiṫ! Ní béas le Mac Fiaċna caint de’n tsórd san do ḟulang. Is líonṁar iad do ṡlóiġte. Beiḋ gá agat leó uile ċun an Duinn do ḃreiṫ ar éigin leat.

(Tig Mac Roṫ.)

M. R.—Is dóċa, a rí, go ḃfuil sé ċoṁ maiṫ againn ḃeiṫ ag gluaiseaċt aḃaile. Is dóċa náċ féidir dúinn an Donn a ḃreiṫ linn gan cúpla saṁaisg do ḃreiṫ i n‑aoinḟeaċt leis.

D.—Ní ḃéarfair saṁaisg ná tarḃ leat, a rí-eaċlaċ [ 18 ]Agus dá mba ḃéas doṁsa feall do ḋéanaṁ ar eaċlaċaiḃ ná ar luċt taisdil sliġe, ní ḃéarfaḋ siḃ ḃur n‑anam liḃ aċ ċoṁ beag!

M. R.—Aililiú! a rí onóraiġ! Ní foláir nó tá tuaṫal éigin déanta. Cad fé ndeár an t‑aṫrú aigne, le toil t’onóra?

D.—Tá tuaṫal déanta, agus siḃ-se do ḋein an tuaṫal.

M. R.—Cad é an tuaṫal é, a rí? B’ḟéidir go ḃféadfaí leiġeas éigin do ḋéanaṁ air.

D.—Duḃraís-se aréir, mara dtugainn-se an tarḃ uaim ar ais go gcaiṫfinn é ṫaḃairt uaim ar éigin, tré ṁór-ṡlóiġte Ṁéiḃ, fé stiúrú agus fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Agus duḃraís gur ṁaiṫ an ċiall dom an tarḃ do ṫaḃairt uaim ar ais. Deirim-se leat-sa náċ maiṫ an ċiall do Ṁéiḃ teaċtaireaċt de’n tsórd san do ċur ċuġam-sa.

M. R.—Aċ! a rí. Ná cuir-se suim i gcaint gan éifeaċt a ṫáinig ó eaċlaċaiḃ gan ċiall, agus iad ar meisge le feaḃas an leanna a ṫugais dóiḃ.

D.—Ní ċuirim suim ’na gcaint, agus ní ḃéarfair an tarḃ leat an turus so.

(Imṫiġeas.)

M. R.—Oċón! Sin casaḋ timċeall agat! Dar grian agus éasga, a Ḋáire ṁic Ḟiaċna, tá eagal orm go bḟuil droċ-ḟuadar fút! Is é mo ṫuairim láidir náċ fearr le Méiḃ cuma ’na ḃfuil an sgéal ná mar sin! Ní deirim ná gur airíġeas í ’ġá ráḋ le duine dem’ eaċlaċaiḃ, mara dtugtaí an tarḃ ar ais go gcaiṫfí é ṫaḃairt ar éigin. Is dóċa gurḃ’ ṡin é a ċuir an t‑eaċlaċ ag caint. Dá luaṫaċt a ḃeimíd ṫiar sa ḃaile iseaḋ is fearr é.

(Imṫiġeas.)


An Chéad Ghníomh, An Cúigeadh Radharc