Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
17
TÁIN BÓ CUAILNGE

an ḃail fé leiṫ atá air mar ġeall ar an gcéill sin?

St.—Ḃí mo ḋá cluais ag éisteaċt leó aréir ’ġá ṁaoiḋeaṁ nár ċóir ḃeiṫ buiḋeaċ de Ḋáire ṁac Ḟiaċna mar ġeall ar an dtarḃ do ṫaḃairt uaiḋ mar gur ró-ṁaiṫ a ḃí fios aige, mara dtugaḋ sé uaiḋ ar ais é go gcaiṫfeaḋ sé é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin nuair a ṫiocfaḋ mór-ṡoċraide Ṁéiḃ agus Oiliolla ’ġá iaraiḋ, dá stiúrú fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Dar leó, tá ciall ag Dáire. Is fearr leis an tarḃ do ṫaḃairt uaiḋ ar ais ná é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin.

D. (Ag lasaḋ le feirg).—Tá go maiṫ, a ḟir tiġis, duḃairt an t-eaċlaċ, mara dtugtaí ar ais go mbéarfaí ar éigin. Deirim-se anois ná faġfar an tarḃ ar ais ná ar éigin. Imṫiġ, a ḟir tiġis.

(Imṫiġeas an St.)

Dar láṁ m’aṫar! A Ṁéiḃ, tá dearṁad mór ort. Ní maiṫ í do ċiall nó níor ṁúinis a gceaċt go cruinn dod’ ṫeaċtairíḃ. Nó má ṁúinis níor ṫugadar leó an sgéal i gceart. Má’s tuille de ṁaiṫiḃ Ulaḋ atá uait ní mar sin a ṫiocfair ar iad do ḃreiṫ leat. “Mara dtugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é!” Tá go maiṫ! Ní béas le Mac Fiaċna caint de’n tsórd san do ḟulang. Is líonṁar iad do ṡlóiġte. Beiḋ gá agat leó uile ċun an Duinn do ḃreiṫ ar éigin leat.

(Tig Mac Roṫ.)

M. R.—Is dóċa, a rí, go ḃfuil sé ċoṁ maiṫ againn ḃeiṫ ag gluaiseaċt aḃaile. Is dóċa náċ féidir dúinn an Donn a ḃreiṫ linn gan cúpla saṁaisg do ḃreiṫ i n‑aoinḟeaċt leis.

D.—Ní ḃéarfair saṁaisg ná tarḃ leat, a rí-eaċlaċ