Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
TÁIN BÓ CUAILNGE

féin mar d’imṫiġ ar Naoise! Do ġearr Conċoḃar an fód ó n‑a ċois féin nuair a ḋein sé an feall san! Do ṫuit aer agus talaṁ ar a ċéile i gCúige Ulaḋ nuair a ċuaiḋ tásg an ḟill sin ameasg daoine ann. Níor ḋeacair an ċúige sin do ċur fé ċosaiḃ naṁad san am so. Ní’l sé ar ċumas Ċonċoḃair é féin ná sinne do ċosaint. B’ḟéidir nár ṁisde ḋúinn do láṁ a ḃeiṫ linn, a Ṁéiḃ. Aċ bíoḋ foiḋne agat! Ġeaḃair an Donn aċ ní ḃfaġair a ṫuille go fóil.

(Tig an Stíoḃard.)

Stíoḃard.—Ní dóċa, a rí, gur fíor an ní seo a deirtear.

D.—Go gcloisead é ní fios dom an fíor é nó an bréag é.

St.—Deirtear go ḃfuil an Donn Cuailnge ag imṫeaċt amáireaċ go Cúige Connaċt.

D.—Agus má’s fíor é, a ḟir tiġis, cad é sin d’aoinne eile sin?

St.—Agus deirtear gurab é Dáire mac Fiaċna atá ag taḃairt an Duinn do na heaċlaċaiḃ seo, le breiṫ leó ag triall ar Ṁéiḃ.

D.—Mara dtugaḋ Dáire mac Fiaċna ḋóiḃ é le breiṫ leó ní dóċa go ḃféadfaḋ aoinne eile é ṫaḃairt dóiḃ.

St.—Is fíor an ċaint sin, a rí, agus is dóċa gur fíor leis, an rud a deir na heaċlaċa féin.

D.—Cad deir na heaċlaċa féin?

St.—Deir na heaċlaċa go ḃfuil ciall ag Dáire mac Fiaċna agus gur maiṫ an ḃail air féin go ḃfuil.

D.—Ní ró-ḟuirisde loċt d’ḟaġáil ar an gcaint sin, a ḟir tiġis. Aċ cad í an ċiall áiriṫe a deir na heaċlaċa atá ag Dáire mac Fiaċna, agus cad í