Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
15
TÁIN BÓ CUAILNGE

riaṁ do Ċonnaċtaiḃ agus acu ḋó. Sin é an bainne cíġe a fuaradar ar gaċ taoḃ, agus a sinsir rómpa, ó ċiantaiḃ aimsire. Agus anois sin iad Fearġus agus Cormac Conloingeas, agus na laoċra atá leó, socair go síṫeaċ agus go sáṁ i gCruaċain, ċoṁ neaṁċorḃuaiseaċ agus ḃíodar riaṁ i nEaṁain Ṁaċa, agus gan aoinne de ṁacaiḃ Máġaċ ag cur ċúċa ná uaṫa! Nuair a ċuadar ann ar dtúis níor ṁeasamair go réiḋteóċ an áit leó. Go deiṁin níor ṁeasamair. Ċeapamair gur ġiorraide a saoġal an t‑aistriú. Níor ċeapas féin go raiḃ coṁaċt ar an dtalaṁ so d’ḟéadfaḋ caradas agus muintearṫas do ṫaḃairt idir ḋaoiniḃ ċoṁ mór fuaṫ dá ċéile. Ḃí a ḟios agam go raiḃ smaċt Ṁéiḃ daingean go leór, aċ níor ṁeasas go raiḃ smaċt ar biṫ d’ḟéadfaḋ an ní sin do ċur i ḃfeiḋm. Is ait an teaċtaireaċt é seo curṫa aici ċuġam-sa. Ní foláir nó tá ní éigin laistiar de. Tá níos mó ná an Donn Cuailnge uaiṫi. “Má tá aon ċur ’na ċoinniḃ ag muintir na tíre seo an tarḃ do leogaint uaṫa, me féin do ḋul siar agus an tarḃ do ḃreiṫ liom.” Ní dóċa gur ag cuiṁneaṁ a ḃeaḋ sí ar ṫuille de ríogra Ulaḋ do ṁeallaḋ lé siar. Nár ċóir nár ḃeag di a ḃfuil aici ċeana ḋíoḃ? Cad dob áil lé dá ṫuille acu? An ar ṁaiṫe le Conċoḃar agus le Cúige Ulaḋ atá ’ġár mbailiú lé siar? Ġeaḃair an Donn, a Ṁéiḃ. Aċ ní ḃfaġair mise go fóil. Ní haon ċeataiġe ḋúinn tu ḃeiṫ buiḋeaċ dínn. Ní fios conus oirfeaḋ do ċongnaṁ dúinn. Ba ṁór an lán béil Conċoḃar tamal. Tá sé lag go leór anois. Tá loċt air is measa ná a laige. Ca ḃfios do’n ċara is dílse aige ná himṫeóċ air