Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Ceathramhadh Radharc
[ 12 ]

AN CEAṪRAṀAḊ RAḊARC.


Mac Roṫ agus a naonḃar eaċlaċ ’na suiḋe ag bórd. Glainí leanna ar a n‑aġaiḋ amaċ. Iad ar bog ṁeisge. Cuid acu ag aṁrán agus cuid acu ag caint.


Eaċlaċ.—Dar Duaċ, a Ṁic Roṫ, is maiṫ an áit ’nar ṫug ar gcosa sinn!

Eaċlaċ eile.—Éist do ḃéal a ḃriolóig! Ní hiad ár gcosa a ṫug annso sinn aċ cosa na n‑eaċ.

An Ċéad E.—Ó, náċ deisḃéalaċ é! Níor ṁisde ḋuit-se cosa an eiċ do ḃeiṫ fút. Ní ḃéarfaḋ do ċosa féin ró ḟada ar an sliġe ṫu.

An Dara E.—Adṁuiġim ná raiḃ breiṫ acu ar ḟeaḃus na gcos a ḃí fút-sa an lá úd a rugadar saor tu ó Ḟearċú Loingseaċ!

M. R.—Go réiḋ, a ḃuacaillí! Ní haon náire d’aoinne a ċosa ġá ḃreiṫ saor ó’n annsgian san.

An D. E.—Is fíor ḋuit-se sin, a rí. Is mór an trua.g cead a ċos aige ċoṁ fada. Dá mb’ agam-sa ḃeaḋ slóiġte Ṁéiḃ agus Oiliolla ba ḋóiċ liom go mbainfinn ó n‑a ċoisiḋeaċt fad ó.

E. Eile.—Dar Duaċ, is áluinn an lionn é seo! Cé [ 13 ]ṁeasfaḋ lionn ċoṁ bríoġṁar do ḃeiṫ i dtriúċa céad Cuailnge!

(Tig isteaċ, laistiar, stíoḃard tiġe Ḋáire ṁic Ḟiaċna, agus fear le n‑a ċois fé lionn, agus fear fé ḃiaḋ.)
Ní dóiċ liom go ḃfuil lionn is fearr ag Méiḃ féin.

An D. E.—Má tá lionn is fearr ná é ag Méiḃ ní hé is dóiċiġe gur ṫug sí ḋuit-se le n’ól aon ċuid de. Is mairg di nár ṫug! Annsan is eaḋ ḃeaḋ a ḟios agat ná fuil aon ḃreiṫ ag an lionn so air, dá ḟeaḃus é.

An Tríoṁaḋ E.—Ba ḃeag an tairḃe ḋi é ṫaḃairt dó. Ní aiṫneóċ sé lionn foġanta seaċas spaid!

M. R.—Tá an deoċ go maiṫ, a ċlann ó, agus is fear maiṫ an fear go ḃuilimíd ’na rí-ṫeaċ, agus a ṫug dúinn an deoċ.

An Ċ. E.—Deirim-se ná fuil fear i nÉirinn is fearr ná é!

An T. E.—Bain uait féin, a ṁic ó. Is fear maiṫ é gan aṁras, aċ tá fear i nÉirinn is fearr ná é.

An Ċ. E.—Deirim-se leat-sa ná fuil aon ḟear i nÉirinn is fearr ná Dáire mac Fiaċna indiu!

An T. E.—Neósfad-sa aon ḟear aṁáin duit is fearr ná é.

An Ċ. E.—Cé hé féin?

An T. E.—Is fearr Conċoḃar ná é, mar is ag Conċoḃar atá ríġe na Cúige! Anois cad tá le ráḋ agat?

An Ċ. E.—Deirim-se gur fearr Dáire ná Conċoḃar ar ṡliġe.

An T. E.—Ar ṡliġe? Cad é an sliġe?

An Ċ. E.—Ar an sliġe seo. Tá ní ag Dáire dá ḋéanaṁ amáireaċ agus ní ḟéadfaḋ Conċoḃar é [ 14 ]ḋéanaṁ. Ní heaḋ aċ ní ḟéadfaḋ ċeiṫre hollċúige Éireann é ḋéanaṁ!

An T. E.—Cad é an ní é sin airiú!

An Ċ. E.—Ní ḟéadfaḋ ċeiṫre hollċúige Éireann an Donn Cuailnge do ḃreiṫ ó Ċúig’ Ulaḋ leó, agus sin é Dáire ’ġá ṫaḃairt dúinne, ’nár naonḃar eaċlaċ, le breiṫ linn amáireaċ. Cad deirir leis sin?

An T. E.—Deirim gur ṁaiṫ an sgéal fuil do ċur leis an mbéal aduḃairt an ċaint sin! Is maiṫ atá a ḟios ag Dáire, mara dtugaḋ sé uaiḋ an tarḃ ar ais go gcaiṫfeaḋ sé é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin. Is maiṫ is eól dó go dtiocfaḋ mór-ṡlóiġte Ṁéiḃ agus Oiliolla a d’iaraiḋ an tairḃ, fé stiúrú agus fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Tá ciall ag Dáire agus is maiṫ an ḃail air féin go ḃfuil.

(An triúr atá laistiar tigid ċun an ḃúird agus gnúis gaċ fir acu duḃ le feirg. Buailid an biaḋ agus an lionn ar an mbórd agus imṫiġid gan laḃairt. Tig toċt ar na heaċlaċaiḃ agus féaċaid ar a ċéile go hamadánta.)


An Chéad Ghníomh, An Ceathramhadh Radharc