Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Tríomhadh Radharc
[ 9 ]

AN TRÍOṀAḊ RAḊARC.


Cuailnge—Faiṫċe tiġe Dáire ṁic Fiaċna. Dáire féin ann. Tig Mac Roṫ agus a naonḃar eaċlaċ ar an ḃfaiṫċe.


Dáire.—Míle fáilte roṁat, a Ṁic Roṫ! Conus ḟágaḃair Méiḃ agus Oilill agus maiṫe Connaċt i nḃur ndiaiḋ?

Mac Roṫ.—D’ḟágamair iad uile go maiṫ, agus cuirid gráḋ agus ionṁuine agus gaċ deiġ-ṁéinn ċuġaiḃ-se, a rí. Agus tá a lán de ṁaiṫiḃ Ulaḋ ṫiar againn anois agus duḃradar linn a ndeiġ-ṁéinn agus a ndúṫraċt do ṫaḃairt do ṁaiṫiḃ Cuailnge agus go mór mór do Ḋáire ṁac Ḟiaċna féin.

[ 10 ]D.—Is maiṫ linn sin a Ṁic Roṫ, agus is ana-ḃuiḋeaċ sinn de Ṁéiḃ agus d’Oilill agus de ṁaiṫiḃ Connaċt uile mar ġeall ar an mbáid agus ar an muintearṫas atá taisbeánta acu do ríogra Ulaḋ atá anois ar díbirt ó n‑a mbailtiḃ dúṫċais féin.

M. R.—Is mór an t‑áṫas liom-sa, a rí, a ḃeiṫ le hinnsint agam do Ṁéiḃ agus d’Oilill agus do ṁaiṫiḃ Connaċt nuair ḟillfead go ḃfuil buiḋeaċas Ḋáire ṁic Ḟiaċna acu mar ġeall ar an ngníoṁ atá déanta acu.

D.—Ní hé mo ḃuiḋeaċas-sa aṁáin atá acu de ḃarr an ġníṁ aċ buiḋeaċas Ultaċ uile.

M. R. (Ag cur smuta gáire as).—Ní dóċa go ḃfuil buiḋeaċas Ċonċoḃair acu!

D.—Tá dearṁad ort, a rí-eaċlaċ. Tá buiḋeaċas Ċonċoḃair acu agus beiḋ sé acu. Ní’l gnioṁ ar biṫ is fearr a ṫuillean buiḋeaċas ó ḋuine ná an gníoṁ a ċoisgean, nó a leiḋisean, nó a ḃainean ó n‑a ḋroċ-ġníoṁ féin. Tá olc a ḋóiṫin tagaiṫe ar Ċonċoḃar ó n‑a ḋroċ-ġnióṁ féin. Aċ do ḃeaḋ olc ní ba ṡeaċt measa ná é tagaiṫe air féin agus ar Ċúige Ulaḋ mara mbeaḋ an díon so a fuair Fearġus agus Cormac Conloingeas agus an ċuid eile dár muintir i gConnaċtaiḃ. Agus, a Ṁic Roṫ, mar ċoṁarṫa ar mo ċion-sa de’n ḃuiḋeaċas, pé gnó a ṫug tusa agus do naonḃar eaċlaċ annso indiu déanfad-sa mo ḋíċeall ar é ċur ċun cinn duit má ṫeastuiġean mo ċongnaṁ uait.

M. R.—Tá eagal orm go ndéarfair gur greannṁar an toisg a ṫug me. Aċ is dóċa ná fuil agam aċ teaċt ’na ṫosaċ agus é innsint duit tríd síos. [ 11 ]Tá tarḃ ar ḃuaiḃ Oiliolla. Seóid uasal saineaṁail is eaḋ é. Ar ḃuaiḃ na ríogna is eaḋ do rugaḋ agus do beaṫuiḋeaḋ é. Beiṫiḋeaċ iongantaċ is eaḋ é. Tá mar ḃeaḋ ciall daonna aige. Ċoṁ luaṫ agus ḃí sé fásta suas ’na ṫarḃ d’imṫiġ sé ó ḃuaiḃ na ríogna anonn ar ḃuaiḃ Oiliolla. Deirtear gurab aṁlaiḋ ba lag leis ḃeiṫ fé smaċt mná.

D.—Níor lag do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ ḃeiṫ fé smaċt Ṁéiḃ.

M. R.—Ní ḃeiḋ Méiḃ sásta ċoiḋċe go dtí go mbeiḋ tarḃ ċoṁ maiṫ leis, nó níos fearr ná é, ar a buaiḃ féin. D’airiġ sí tráċt ar an dtarḃ so atá agat-sa. Is dóiċ lé dá mbeaḋ an Donn Cuailnge ar iasaċt aici ar feaḋ bliaḋna go ráineóċ go dtiocfaḋ gaṁuin firean uaiḋ d’ḟásfaḋ suas ’na ṫarḃ agus do ḃéarfaḋ buaḋ agus barr ó’n dtarḃ so atá ag Oilill. Ċuir sí mise ċuġat a d’iaraiḋ iasaċta an tairḃ ort. Duḃairt sí liom a ráḋ leat go gcuirfaí an tarḃ ċuġat tar n‑ais i gcionn na bliaḋna agus caogad saṁaisg le n‑a ċois. Agus duḃairt sí liom rud eile do ráḋ leat. Duḃairt sí liom a ráḋ leat, má’s olc le muintir na háite seo an tarḃ do leogaint uaṫa, tú féin do ṫeaċt i n‑aoinḟeact leis an dtarḃ agus go dtaḃarfaí ḋuit oiread t’ḟearainn féin i gCuailnge de’n talaṁ is fearr i Maġ Aoi, agus carbad trí seaċt gcuṁal, agus caradas fé leiṫ uaiṫi féin.

D.—Dar láṁ m’aṫar, a Ṁic Roṫ, pé olc maiṫ le muintir na háite seo é, tá an tarḃ le faġáil ag Méiḃ! Beiriḋ liḃ amáireaċ é. Féadfar é ċur annso aḃaile nuair ḃeifear réiḋ leis. Ní glacfar [ 12 ]díoluiġeaċt as an iasaċt. Téanam go gcurfar cóis éigin oraiḃ tar éis ḃur n‑aisdir.

(Imṫiġid.)



An Chéad Ghníomh, An Tríomhadh Radharc