Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
9
TÁIN BÓ CUAILNGE

Connaċt san. Dá ṡíoṫċánta é Oilill ní foláir dó an t‑eiteaċas san do ḋíogailt. Anois an t‑am! Tá Conċoḃar ’na ċeas. Tuigim-se cad iad na ceasnaí atá ar Ċonċoḃar. Tá toċt agus náire ar ríogra Ulaḋ mar ġeall ar íde Ċlainne Uisniġ. Ní ṫiocfaiḋ duine acu ag caḃrú leis. D’ḟéadfaí Cúige Ulaḋ do sgrios anois, ó Ċuailnge go hEaṁain agus go faraige ó ṫuaiḋ. Tá Fearġus agus an ċuid is fearr de ríogra Ulaḋ annso agam. Féaċ ċuġat féin a Ċonċoḃair! Táṫar ċuġat! Ní ṡaorfaiḋ “Tóg uaim é ’s gan uaim aċ é” tu orm an turus so.

(Imṫiġeas.)




AN TRÍOṀAḊ RAḊARC.


Cuailnge—Faiṫċe tiġe Dáire ṁic Fiaċna. Dáire féin ann. Tig Mac Roṫ agus a naonḃar eaċlaċ ar an ḃfaiṫċe.


Dáire.—Míle fáilte roṁat, a Ṁic Roṫ! Conus ḟágaḃair Méiḃ agus Oilill agus maiṫe Connaċt i nḃur ndiaiḋ?

Mac Roṫ.—D’ḟágamair iad uile go maiṫ, agus cuirid gráḋ agus ionṁuine agus gaċ deiġ-ṁéinn ċuġaiḃ-se, a rí. Agus tá a lán de ṁaiṫiḃ Ulaḋ ṫiar againn anois agus duḃradar linn a ndeiġ-ṁéinn agus a ndúṫraċt do ṫaḃairt do ṁaiṫiḃ Cuailnge agus go mór mór do Ḋáire ṁac Ḟiaċna féin.