Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
10
TÁIN BÓ CUAILNGE

D.—Is maiṫ linn sin a Ṁic Roṫ, agus is ana-ḃuiḋeaċ sinn de Ṁéiḃ agus d’Oilill agus de ṁaiṫiḃ Connaċt uile mar ġeall ar an mbáid agus ar an muintearṫas atá taisbeánta acu do ríogra Ulaḋ atá anois ar díbirt ó n‑a mbailtiḃ dúṫċais féin.

M. R.—Is mór an t‑áṫas liom-sa, a rí, a ḃeiṫ le hinnsint agam do Ṁéiḃ agus d’Oilill agus do ṁaiṫiḃ Connaċt nuair ḟillfead go ḃfuil buiḋeaċas Ḋáire ṁic Ḟiaċna acu mar ġeall ar an ngníoṁ atá déanta acu.

D.—Ní hé mo ḃuiḋeaċas-sa aṁáin atá acu de ḃarr an ġníṁ aċ buiḋeaċas Ultaċ uile.

M. R. (Ag cur smuta gáire as).—Ní dóċa go ḃfuil buiḋeaċas Ċonċoḃair acu!

D.—Tá dearṁad ort, a rí-eaċlaċ. Tá buiḋeaċas Ċonċoḃair acu agus beiḋ sé acu. Ní’l gnioṁ ar biṫ is fearr a ṫuillean buiḋeaċas ó ḋuine ná an gníoṁ a ċoisgean, nó a leiḋisean, nó a ḃainean ó n‑a ḋroċ-ġníoṁ féin. Tá olc a ḋóiṫin tagaiṫe ar Ċonċoḃar ó n‑a ḋroċ-ġnióṁ féin. Aċ do ḃeaḋ olc ní ba ṡeaċt measa ná é tagaiṫe air féin agus ar Ċúige Ulaḋ mara mbeaḋ an díon so a fuair Fearġus agus Cormac Conloingeas agus an ċuid eile dár muintir i gConnaċtaiḃ. Agus, a Ṁic Roṫ, mar ċoṁarṫa ar mo ċion-sa de’n ḃuiḋeaċas, pé gnó a ṫug tusa agus do naonḃar eaċlaċ annso indiu déanfad-sa mo ḋíċeall ar é ċur ċun cinn duit má ṫeastuiġean mo ċongnaṁ uait.

M. R.—Tá eagal orm go ndéarfair gur greannṁar an toisg a ṫug me. Aċ is dóċa ná fuil agam aċ teaċt ’na ṫosaċ agus é innsint duit tríd síos.