Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Dara Radharc
[ 6 ]

AN DARA RAḊARC.


Hala i rí-ṫeaċ Cruaċna. Tig Méiḃ isteaċ.


M.—Ḋeinis an feall, a Ċonċoḃair. Tá riṫte leat tamal maiṫ gan díol as. Tiocfar suas leat. Ḋeinis feall fuaṫṁar orm. Ċuiris teaċtaireaċt ’am iaraiḋ. Teaċtaireaċt ḃréagaċ. Teaċtaireaċt éiṫiġ. Ní me ḃí uait. Tá buaḋ urlaḃra agat. Do ċumais an ċaint go gasda. Ċumais í i dtreó nár ḃ’ ḟoláir d’inġin Eoċaiḋ an diúlta do ṫaḃairt duit. Ní foláir dom a adṁáil gur ḋall do ṗearsa uasal agus do ṁór-ċlú me. Aċ d’osgail an teaċtaireaċt mo ṡúile. Táim buiḋeaċ díot a Ċonċoḃair. Ċuiris comaoine orm. Ṁúinis ciall dom. Ní ceart é ḋul níos sia gan a ċúiteaṁ leat. Ó, cia ṁeasfaḋ feall ċoṁ duḃ do ḃeiṫ fé éagosg ċoṁ huasal! Aċ ní horm-sa aṁáin a ḋeinis feall. Is measa a ḋeinis ar Ḋeirdre é ná orm-sa féin. Is fearr a ṫuig sí ṫu ná mar a ṫuigeamair-ne ṫu. Ní hiongna liom anois í ḋ’imṫeaċt uait le Naoise. Agus tusa [ 7 ]id’ ċeann ar uaisliḃ na Craoḃruaiḋe. Faire! faire! faire! Ó, a Ḋeirdre ḃoċt, is ort a ḃí an mí-áḋ. Seaḋ! tá fear is fearr ná Conċoḃar agam. Agus na huaisle is fearr a ḃí ag Conċoḃar táid siad annso agam-sa anois.

(Tig Mac Roṫ.)

Seaḋ a rí eaċlaċ, an ḃfuil an t‑airṁeas déanta?

M. R.—Tá sé déanta, a ríogan.

M.—Ceoca againn is mó ollṁaiṫeas?

M. R.—Féaċ, a ríogan (ag síne sgríḃinne ċúiċi). Sin áireaṁ ar na seóidíḃ uaisle atá agat-sa agus ag Oilill agus is coṁ-líonṁar, coṁ-uasal iad, ar gaċ taoḃ. Sin áireaṁ (ag síne sgríḃinne eile) ar na hordnasgaiḃ atá agat-sa agus ag Oilill agus gan a ḃeag ná a ṁór de ḋeifriġeaċt idir an dá áireaṁ. Agus seo (ag síne an tríoṁaḋ sgríḃinne) áireaṁ ar ḃur ḃfáinníḃ óir, agus an coṫrom céadna eadraiḃ. Sid iad (ag síne an ċeaṫraṁaḋ sgríḃinne) ḃur n‑éadaiġe ioldaiṫte, idir ċorcra agus gorm agus uaiṫne agus duḃ agus buiḋe agus breac aguc laċtna agus oḋar agus riaḃaċ. Féaċ féin, a ríogan, gur cruinn atá an coṫrom céadna díoḃ uile agat-sa agus ag an rí. Sid é (ag síne an ċúigeaḋ sgríḃinne), an t‑áireaṁ a deindeaḋ ar ḃur dtréada caoraċ agus ar ḃur mall-tréada muc agus ar ḃur mbó-ṫáinte, ar ḃur n‑innile agus ar ḃur n‑alṁa, ar ḃur n‑eiċ agus ar ḃur n‑eaċra tré ṁaġaiḃ agus tré ċluanaiḃ agus tré ṫalaṁ fosaiḋeaċta agus tré ċoilltiḃ diaṁra Cúige Connaċt, agus is coṁ-ṡaiḋḃir tusa agus an rí i ngaċ ollṁaiṫeas díoḃ san, aċ go ḃfuil aon tseóid aṁáin ar ḃuaiḃ an rí agus gan a leiṫéid ar do ḃuaiḃ-se, a ríogan.

[ 8 ]M.—Cad é an seóid é sin, a rí-eaċlaċ.

M. R.—Tarḃ áluinn saineaṁail is eaḋ é, agus Finn-ḃeannaċ ainm dó. Is ar do ḃuaiḃ-se do rugaḋ agus do hoileaḋ é. Aċ nuair ḟás sé suas ’na ṫarḃ ba lag leis ḃeiṫ fé smaċt mná agus d’imṫiġ sé anonn ar ḃuaiḃ an rí. Dá mbeaḋ tarḃ mar é ar do ḃuaiḃ-se, a ríogan, ḃeaḋ ḃur saiḋḃreas coṁ-mór arís.

M.—An ḃfuil a ḟios agat-sa, a Ṁic Roṫ, cá ḃfuil a leiṫéid sin do ṫarḃ eile le faġáil?

M. R.—Tá a ḟios agam, a ríogan, cá ḃfuil tarḃ is fearr ná é le faġáil.

M.—Cad é an áit?

M. R.—Ag Dáire mac Fiaċna, i dtriúċa céad Cuailnge ṫoir. An Donn Cuailnge is ainm do agus is fearr de ṫarḃ é ná an Finn-ḃeannaċ.

M.—Eirig-se uaim-se a Ṁic Roṫ ag triall ar Ḋáire mac Fiaċna, agus abair leis iasaċt an tairḃ sin do ṫaḃairt doṁsa ar feaḋ bliaḋna agus go dtaḃarfar dó mar ḋíoluiġeaċt as an iasaċt san an Donn Cuailnge féin tar éis na bliaḋna agus caogad saṁaisg le n‑a ċois. Agus má ḃíon aon ċur ’na ċoinniḃ ag muintir na tíre sin an tarḃ do leogaint uaṫa, abair le Dáire teaċt annso agus a ṫarḃ do ṫaḃairt leis, agus go ḃfaġaiḋ sé coṫrom a ḟearainn i gCuailnge de’n talaṁ is fearr agus is míne agus is torṫaṁla san áit seo, agus caradas fé leiṫ uaim-se féin.

M. R.—Ní ṫaḃarfaiḋ Dáire an tarḃ uaiḋ.—Nó má ṫugan ní leogfaid muintir na háite uaṫa é.—Eiteóċar me.—Ní ḟuilingeóċaid muintir Ċúige [ 9 ]Connaċt san. Dá ṡíoṫċánta é Oilill ní foláir dó an t‑eiteaċas san do ḋíogailt. Anois an t‑am! Tá Conċoḃar ’na ċeas. Tuigim-se cad iad na ceasnaí atá ar Ċonċoḃar. Tá toċt agus náire ar ríogra Ulaḋ mar ġeall ar íde Ċlainne Uisniġ. Ní ṫiocfaiḋ duine acu ag caḃrú leis. D’ḟéadfaí Cúige Ulaḋ do sgrios anois, ó Ċuailnge go hEaṁain agus go faraige ó ṫuaiḋ. Tá Fearġus agus an ċuid is fearr de ríogra Ulaḋ annso agam. Féaċ ċuġat féin a Ċonċoḃair! Táṫar ċuġat! Ní ṡaorfaiḋ “Tóg uaim é ’s gan uaim aċ é” tu orm an turus so.

(Imṫiġeas.)



An Chéad Ghníomh, An Dara Radharc