Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
7
TÁIN BÓ CUAILNGE
id’ ċeann ar uaisliḃ na Craoḃruaiḋe. Faire! faire! faire! Ó, a Ḋeirdre ḃoċt, is ort a ḃí an mí-áḋ. Seaḋ! tá fear is fearr ná Conċoḃar agam. Agus na huaisle is fearr a ḃí ag Conċoḃar táid siad annso agam-sa anois.

(Tig Mac Roṫ.)

Seaḋ a rí eaċlaċ, an ḃfuil an t‑airṁeas déanta?

M. R.—Tá sé déanta, a ríogan.

M.—Ceoca againn is mó ollṁaiṫeas?

M. R.—Féaċ, a ríogan (ag síne sgríḃinne ċúiċi). Sin áireaṁ ar na seóidíḃ uaisle atá agat-sa agus ag Oilill agus is coṁ-líonṁar, coṁ-uasal iad, ar gaċ taoḃ. Sin áireaṁ (ag síne sgríḃinne eile) ar na hordnasgaiḃ atá agat-sa agus ag Oilill agus gan a ḃeag ná a ṁór de ḋeifriġeaċt idir an dá áireaṁ. Agus seo (ag síne an tríoṁaḋ sgríḃinne) áireaṁ ar ḃur ḃfáinníḃ óir, agus an coṫrom céadna eadraiḃ. Sid iad (ag síne an ċeaṫraṁaḋ sgríḃinne) ḃur n‑éadaiġe ioldaiṫte, idir ċorcra agus gorm agus uaiṫne agus duḃ agus buiḋe agus breac aguc laċtna agus oḋar agus riaḃaċ. Féaċ féin, a ríogan, gur cruinn atá an coṫrom céadna díoḃ uile agat-sa agus ag an rí. Sid é (ag síne an ċúigeaḋ sgríḃinne), an t‑áireaṁ a deindeaḋ ar ḃur dtréada caoraċ agus ar ḃur mall-tréada muc agus ar ḃur mbó-ṫáinte, ar ḃur n‑innile agus ar ḃur n‑alṁa, ar ḃur n‑eiċ agus ar ḃur n‑eaċra tré ṁaġaiḃ agus tré ċluanaiḃ agus tré ṫalaṁ fosaiḋeaċta agus tré ċoilltiḃ diaṁra Cúige Connaċt, agus is coṁ-ṡaiḋḃir tusa agus an rí i ngaċ ollṁaiṫeas díoḃ san, aċ go ḃfuil aon tseóid aṁáin ar ḃuaiḃ an rí agus gan a leiṫéid ar do ḃuaiḃ-se, a ríogan.