Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
6
TÁIN BÓ CUAILNGE

ar Ṁéiḃ le gráḋ do Ḋeirdre agus ní’l Deirdre ná Méiḃ anois aige. Ní’l aoinne is fearr a ṫáinig as ná mise. Tá an ḃean is fearr agus is breáġṫa agus is uaisle de’n ḃeirt agam, agus má ġeiḃean sí lom ar Ċonċoḃar beiḋ táinte bó go tiuġ ó Ċúige Ulaḋ agam.

(Imṫiġeas.)




AN DARA RAḊARC.


Hala i rí-ṫeaċ Cruaċna. Tig Méiḃ isteaċ.


M.—Ḋeinis an feall, a Ċonċoḃair. Tá riṫte leat tamal maiṫ gan díol as. Tiocfar suas leat. Ḋeinis feall fuaṫṁar orm. Ċuiris teaċtaireaċt ’am iaraiḋ. Teaċtaireaċt ḃréagaċ. Teaċtaireaċt éiṫiġ. Ní me ḃí uait. Tá buaḋ urlaḃra agat. Do ċumais an ċaint go gasda. Ċumais í i dtreó nár ḃ’ ḟoláir d’inġin Eoċaiḋ an diúlta do ṫaḃairt duit. Ní foláir dom a adṁáil gur ḋall do ṗearsa uasal agus do ṁór-ċlú me. Aċ d’osgail an teaċtaireaċt mo ṡúile. Táim buiḋeaċ díot a Ċonċoḃair. Ċuiris comaoine orm. Ṁúinis ciall dom. Ní ceart é ḋul níos sia gan a ċúiteaṁ leat. Ó, cia ṁeasfaḋ feall ċoṁ duḃ do ḃeiṫ fé éagosg ċoṁ huasal! Aċ ní horm-sa aṁáin a ḋeinis feall. Is measa a ḋeinis ar Ḋeirdre é ná orm-sa féin. Is fearr a ṫuig sí ṫu ná mar a ṫuigeamair-ne ṫu. Ní hiongna liom anois í ḋ’imṫeaċt uait le Naoise. Agus tusa