Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Chéad Radharc
[ 1 ]

TÁIN BÓ CUAILNGE

’NA ḊRÁMA

AN ĊÉAD ĠNÍOṀ.

AN ĊÉAD RAḊARC.

An Áit—Cruaċain Aoi.

Méiḃ agus Oilill ’na rí-ṫeaċ.


Oilill.—Is maiṫ bean deiġ-ḟir, a Ṁéiḃ.

Méiḃ.—Is fíor sin, a Oilill. Aċ conus a ḃainean an sean-ḟocal leat-sa, nó cad dó go ḃfuilir ’ġá ṫagairt?

O.—Bainean an sean-ḟocal liom-sa ar an gcuma so, agus is do so atáim ’ġá ṫagairt. Is maiṫ an ḃean tusa ó ṫugas-sa liom ṫu.

M.—Ba ṁaiṫ an ḃean mise, a Oilill, sar a ḃfeaca riaṁ ṫu.

O.—B’ṡin maiṫ nár ċualamair agus ná feacamair, a ’nġín ó. Is é rud a ċualamair agus a ċonacamair ná go mbíoḋ luċt na gcríoċ ba ġiorra ḋuit ag fuadaċ do ċreaċ agus do ḃó-ṫáinte agus do ṁaoine, agus ná bíoḋ ar do ċumas iad do ċosg.

M.—Ní mar sin a ḃíoḋ, a Oilill. Agus ní’l aoinne is fearr gur ḃ’eól dó san ná mar dob eól duit-se é. Cér ḃ’é m’aṫair? Eoċaiḋ Feiḋleaċ, árdrí Éirean! Cé ḟéadfaḋ bó-ṫáinte do ḃreiṫ uaiḋ [ 2 ]sin i ḃfuadaċ? Ḃí seisear inġean aige, Deirḃre agus Eiṫne agus Éile agus Cloṫra agus Muġain agus Méiḃ, mise. Dob uasal an tseisear iad, agus mise an inġean dob uaisle ḋíoḃ. Is me ba ṁó séada agus maoin agus saiḋḃreas. Is me ba ċróḋa agus ba ċurata i gcaṫ agus i gcoṁlann. Is agam a ḃí an teaġlaċ oirḋeirc de na fearaiḃ dob ḟearr i nÉirinn. Ḃí agam ċúig céad déag ríġ-aṁus, toġa ríogra Éirean uile. Ḃí agam a gcoṁmeas san de ṁacaiḃ uasal. Is é sin le ráḋ, deiċniuḃar le gaċ aṁus agus móir-ṡeisear le gaċ aṁus, agus cúigear le gaċ aṁus, agus ceaṫrar le gaċ aṁus, agus triúr le gaċ aṁus, agus dís le gaċ aṁus, agus aṁus le gaċ aṁus. B’ṡin iad mo ġnáṫ-ṫeaġlaċ, a rí. Farais sin, ṫug m’aṫair dom cúige de ċúigíḃ Éirean, an ċúige seo ’na ḃfuilimíd, cúige Ċruaċan. Agus is mar ġeall air sin a tugtar Méiḃ Ċruaċan orm. Agus féaċ, a rí, do tánaṫas ’gam iaraiḋ-se mar ḃain-ċéile ó Ḟionn ṁac Rosa Ruaiḋ, ó rí Laiġean, agus ṫugas diúlta ḋó.

O.—Ambasa, a ríogan, is eól dúinn go dtugais diúlta ḋó san.

M.—Is dóċa gurab eól duit leis go dtánaṫas ’am iaraiḋ ó Ċairbre Nia Fear, mac Rosa Ruaiḋ, rí Teaṁraċ, agus gur ṫugas an diúlta céadna ḋó.

O.—Is eól.

M.—Agus b’ḟéidir gurab eól duit go dtánaṫas ’am iaraiḋ ó Ċonċoḃar mac Faċtna, rí Ulaḋ, agus gur ṫugas an diúlta céadna ḋó.

O.—Ha, ha, ha! Ṫugais diúlta ḋó gan aṁras, aċ [ 3 ]níor ḃ’é an diúlta céadna é. Tuigimíd an ní sin go háluinn, a ’ġnín ó. Ha, ha, ha!

M. (Ag féaċaint go géar air.)—Cad a ṫuigean tú? Cad é “an ní sin”?

O.—Is neaṁní anois é, aċ níor neaṁní an uair sin é. Ha, ha, ha!

M.—Níor neaṁní an uair sin é. Níor ḃ’eaḋ ċeana, mar is me d’iar na coinġill iongantaċa, nár iar bean roṁam riaṁ.

O.—Cad iad na coinġill iad san?

M.—Duḃart ná pósfainn ċoiḋċe aċ fear a ḃeaḋ gan éad, gan náire, gan eagla.

O.—Is ait na coinġill iad san gan aṁras. An aṁlaiḋ ná fuarais ag Conċoḃar iad?

M.—Mara ḃfuaras ag Conċoḃar iad, do fuaras agat-sa iad, a rí.

O.—Agus cad ċuige ḋuit iad do lorg?

M.—Sdó, is bean gan eagla mise, agus dá mba fear oṁnaċ imeaglaċ a ḃeaḋ pósda agam ní oirfimís dá ċéile. Agus is bean me gan suim i n‑éad agus dá mba fear éadṁar a ḃeaḋ pósda agam ní oirfimís dá ċéile. Agus is bean ṁí-náireaċ me agus dá ḃríġ sin ní oirfeaḋ aon ḟear dom aċ fear ná féadfaí náire do ċur air. Ní ḃfuaras aon ḟear go raiḃ na trí coinġill sin aige aċ tusa, a rí. Ha, ha, ha! An dtuigean tú an méid sin a rí? Agus féaċ, a Oilill. Ní tusa a ṫug taḃarṫas agus saḋḃreas doṁsa mar is gnáṫ le fear do ṫaḃairt dá ṁnaoi aċ is mise a ṫug duit-se iad. Ṫugas tiomṫaċt dáréag d’éide gaċ daṫa ḋuit, agus carbad trí seaċt gcuṁal, agus coṁleiṫead t’aġaiḋ de ḋearg-ór, agus coṁḟad do láiṁe clé d’ḟiondruine. Agus rud [ 4 ]eile, a rí, atá agam le ráḋ. Dá dtugaḋ duine masla ḋuit-se anois, ní tusa ḋéanfaḋ an masla do ḋíogailt air aċ mise. Is fear ar sgáṫ mná ṫu, a Oilill!

O.—Stad, a ’ġnín ó. Tá dearṁad ort. Ní fear ar sgáṫ mná me. Tá mo ċlú agus mo ċáil féin agam. Is fear me do ṡíolraiġ ó’n ḃfuil is uaisle. Ḃíodar ḋá ḋearḃráṫair ṁaiṫe agam. Duine acu Cairbre, ’na rí i dTeaṁair, agus an fear eile ’na rí ar Laiġniḃ. Fuaras féin an ċúige seo Connaċt i ndualgas cirt mo ṁáṫar. Agus féaċ, fuaras mar ṁnaoi an inġean rí is uaisle dá raiḃ i nÉirinn riaṁ, tusa féin, a Ṁéiḃ, inġean Árdrí Éirean, agus an inġean is fearr dár ṫáinig fós ar ríogra Éirean. Agus i dtaoḃ maoine agus saiḋḃris, is mó mo ṡaiḋḃreas agus m’ollṁaiṫeas ná do ṡaiḋḃreas-sa, a Ṁéiḃ.

M.—Ní fíor sin, a rí.

O.—Deintear ár saiḋḃreas do ṁeas agus ċifear gur fíor.

M.—Imṫeóċad láiṫreaċ agus cuirfead an meas dá ḋéanaṁ.

(Imṫiġeas Méiḃ.)

O.—Is éagsaṁlaċ an ḃean í! Tá aigne agus croiḋe agus misneaċ fir aici. Is ’mó fear ná fuil leaṫ ċoṁ mór-aigeanta lé. Is ’mó fear ná fuil croiḋe leaṫ ċoṁ láidir ċoṁ cróḋa aige. Ní hé gaċ aon ḟear d’ḟéadfaḋ seasaṁ os a coṁair agus féaċaint idir an dá ṡúil uirṫi gan criṫniú. Ní dóiċ liom go ḃfeadair sí cad a ḃainean le heagla. An rud a ċuirfeaḋ eagla agus criṫ ċos agus láṁ ar ṁnaoi eile is aṁlaiḋ a ċruaḋan sé í agus ċuirean sé fuinneaṁ inti. Ní ḟeaca riaṁ aon ní ċoṁ [ 5 ]huaiḃreaċ lé nuair a ḃíon fearg i gceart uirṫi. Is cuma nó an splanc í. Mo ṫruaġ-sa an naṁaid ’na dtugan sí aġaiḋ an uair sin air! Aċ nuair a ḃíon sí ar a suaineas agus ar a socraċt, agus a haigne ciúin ó ḟeirg agus ó ḃuairt níos ḋóiċ leat gur ḃ’í an ḃean ċéadna ḃeaḋ agat i n‑aon ċor, bíon sí ċoṁ mín ċoṁ maorḋa ċoṁ cneasda san. Annsan is eaḋ ċítear áilneaċt a gnúise agus daonaċt a croiḋe agus solus a gáire. Is minic a ċráḋaim í, aċ ní ḃíon leiġeas agam air. Ní beag liom do ṡult ḃeiṫ ġá cur i ḃfeirg agus annsan ġá maolú. Díolaim as go minic, aċ d’ḟuilingeóċainn oiread eile. Ní dóiċ liom go raiḃ an ḃean san riaṁ i nÉirinn do b’ḟearr ná í. A! a Ċonċoḃair, is olc a sgarais lé. Tu féin fé ndeár é. Aċ is mise a ḃuaiḋ leis. Ċuir sé teaċtaireaċt ’ġá hiaraiḋ aċ ba ṫeaċtaireaċt é nár ḃ’ḟoláir diúlta ḋó. Diúlta iseaḋ do ṫeastaiġ ó Ċonċoḃar. Ċeap sé go mbeaḋ an dá ṫráiġ ag teaċt leis nuair a ḃeaḋ iarṫa aige agus ná glacfaí é. Is dóiċ liom go raiḃ ana-ḋúil aici go n‑iarfaí í ar ċuma ’na ḃféadfaḋ sí é ġlacaḋ. Is dóiċ liom go raiḃ sí i ngráḋ leis go mór tamal. Níor ḃ’iongna go mbeaḋ. Is áluinn, uasal, ríoga an fear é. Pé cleas d’imir sé uirṫi san iaraiḋ a ċuir ḟiaċaiḃ uirṫi diúlta ḋó, tá a ṫoraḋ anois aige. Tá fuaṫ niṁneaċ marḃṫaċ aici ḋó, mo ġraiḋn í! Is dóiċ liom gur mó an fuaṫ atá aici ḋó ná mar a ḃí aici do Ḋeirdre féin. Ní ḟeadar cad do ḋall Conċoḃar. Is fiú seaċt nDeirdre Méiḃ. Dá mb’ ag tráċt ar áilneaċt féin é is breáġṫa go mór í ná Deirdre. Is ait mar atá an sgéal anois ag Conċoḃar. Do ḋein sé feall [ 6 ]ar Ṁéiḃ le gráḋ do Ḋeirdre agus ní’l Deirdre ná Méiḃ anois aige. Ní’l aoinne is fearr a ṫáinig as ná mise. Tá an ḃean is fearr agus is breáġṫa agus is uaisle de’n ḃeirt agam, agus má ġeiḃean sí lom ar Ċonċoḃar beiḋ táinte bó go tiuġ ó Ċúige Ulaḋ agam.

(Imṫiġeas.)



An Chéad Ghníomh, An Chéad Radharc