Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
11
TÁIN BÓ CUAILNGE

Tá tarḃ ar ḃuaiḃ Oiliolla. Seóid uasal saineaṁail is eaḋ é. Ar ḃuaiḃ na ríogna is eaḋ do rugaḋ agus do beaṫuiḋeaḋ é. Beiṫiḋeaċ iongantaċ is eaḋ é. Tá mar ḃeaḋ ciall daonna aige. Ċoṁ luaṫ agus ḃí sé fásta suas ’na ṫarḃ d’imṫiġ sé ó ḃuaiḃ na ríogna anonn ar ḃuaiḃ Oiliolla. Deirtear gurab aṁlaiḋ ba lag leis ḃeiṫ fé smaċt mná.

D.—Níor lag do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ ḃeiṫ fé smaċt Ṁéiḃ.

M. R.—Ní ḃeiḋ Méiḃ sásta ċoiḋċe go dtí go mbeiḋ tarḃ ċoṁ maiṫ leis, nó níos fearr ná é, ar a buaiḃ féin. D’airiġ sí tráċt ar an dtarḃ so atá agat-sa. Is dóiċ lé dá mbeaḋ an Donn Cuailnge ar iasaċt aici ar feaḋ bliaḋna go ráineóċ go dtiocfaḋ gaṁuin firean uaiḋ d’ḟásfaḋ suas ’na ṫarḃ agus do ḃéarfaḋ buaḋ agus barr ó’n dtarḃ so atá ag Oilill. Ċuir sí mise ċuġat a d’iaraiḋ iasaċta an tairḃ ort. Duḃairt sí liom a ráḋ leat go gcuirfaí an tarḃ ċuġat tar n‑ais i gcionn na bliaḋna agus caogad saṁaisg le n‑a ċois. Agus duḃairt sí liom rud eile do ráḋ leat. Duḃairt sí liom a ráḋ leat, má’s olc le muintir na háite seo an tarḃ do leogaint uaṫa, tú féin do ṫeaċt i n‑aoinḟeact leis an dtarḃ agus go dtaḃarfaí ḋuit oiread t’ḟearainn féin i gCuailnge de’n talaṁ is fearr i Maġ Aoi, agus carbad trí seaċt gcuṁal, agus caradas fé leiṫ uaiṫi féin.

D.—Dar láṁ m’aṫar, a Ṁic Roṫ, pé olc maiṫ le muintir na háite seo é, tá an tarḃ le faġáil ag Méiḃ! Beiriḋ liḃ amáireaċ é. Féadfar é ċur annso aḃaile nuair ḃeifear réiḋ leis. Ní glacfar