Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
TÁIN BÓ CUAILNGE

ḋéanaṁ. Ní heaḋ aċ ní ḟéadfaḋ ċeiṫre hollċúige Éireann é ḋéanaṁ!

An T. E.—Cad é an ní é sin airiú!

An Ċ. E.—Ní ḟéadfaḋ ċeiṫre hollċúige Éireann an Donn Cuailnge do ḃreiṫ ó Ċúig’ Ulaḋ leó, agus sin é Dáire ’ġá ṫaḃairt dúinne, ’nár naonḃar eaċlaċ, le breiṫ linn amáireaċ. Cad deirir leis sin?

An T. E.—Deirim gur ṁaiṫ an sgéal fuil do ċur leis an mbéal aduḃairt an ċaint sin! Is maiṫ atá a ḟios ag Dáire, mara dtugaḋ sé uaiḋ an tarḃ ar ais go gcaiṫfeaḋ sé é ṫaḃairt uaiḋ ar éigin. Is maiṫ is eól dó go dtiocfaḋ mór-ṡlóiġte Ṁéiḃ agus Oiliolla a d’iaraiḋ an tairḃ, fé stiúrú agus fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Tá ciall ag Dáire agus is maiṫ an ḃail air féin go ḃfuil.

(An triúr atá laistiar tigid ċun an ḃúird agus gnúis gaċ fir acu duḃ le feirg. Buailid an biaḋ agus an lionn ar an mbórd agus imṫiġid gan laḃairt. Tig toċt ar na heaċlaċaiḃ agus féaċaid ar a ċéile go hamadánta.)



AN CÚIGEAḊ RAḊARC.


Tig Dáire mac Fiaċna.


D.—Is iongantaċ an ḃean Méiḃ seo! Tá an ċraoḃ aici. Ní’l aon teóra lé. Naṁaid fíoċṁar do Ċonnaċtaiḃ dob eaḋ Fearġus. Naṁaid dóiḃ dob eaḋ Cormac, mac Conċoḃair. Ní raiḃ duine de ríogra Ulaḋ ná raiḃ fuaṫ agus mioscais aige