Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
13
TÁIN BÓ CUAILNGE

ṁeasfaḋ lionn ċoṁ bríoġṁar do ḃeiṫ i dtriúċa céad Cuailnge!

(Tig isteaċ, laistiar, stíoḃard tiġe Ḋáire ṁic Ḟiaċna, agus fear le n‑a ċois fé lionn, agus fear fé ḃiaḋ.)
Ní dóiċ liom go ḃfuil lionn is fearr ag Méiḃ féin.

An D. E.—Má tá lionn is fearr ná é ag Méiḃ ní hé is dóiċiġe gur ṫug sí ḋuit-se le n’ól aon ċuid de. Is mairg di nár ṫug! Annsan is eaḋ ḃeaḋ a ḟios agat ná fuil aon ḃreiṫ ag an lionn so air, dá ḟeaḃus é.

An Tríoṁaḋ E.—Ba ḃeag an tairḃe ḋi é ṫaḃairt dó. Ní aiṫneóċ sé lionn foġanta seaċas spaid!

M. R.—Tá an deoċ go maiṫ, a ċlann ó, agus is fear maiṫ an fear go ḃuilimíd ’na rí-ṫeaċ, agus a ṫug dúinn an deoċ.

An Ċ. E.—Deirim-se ná fuil fear i nÉirinn is fearr ná é!

An T. E.—Bain uait féin, a ṁic ó. Is fear maiṫ é gan aṁras, aċ tá fear i nÉirinn is fearr ná é.

An Ċ. E.—Deirim-se leat-sa ná fuil aon ḟear i nÉirinn is fearr ná Dáire mac Fiaċna indiu!

An T. E.—Neósfad-sa aon ḟear aṁáin duit is fearr ná é.

An Ċ. E.—Cé hé féin?

An T. E.—Is fearr Conċoḃar ná é, mar is ag Conċoḃar atá ríġe na Cúige! Anois cad tá le ráḋ agat?

An Ċ. E.—Deirim-se gur fearr Dáire ná Conċoḃar ar ṡliġe.

An T. E.—Ar ṡliġe? Cad é an sliġe?

An Ċ. E.—Ar an sliġe seo. Tá ní ag Dáire dá ḋéanaṁ amáireaċ agus ní ḟéadfaḋ Conċoḃar é