Séadna/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 33
[ 288 ]
CAIBIDIOL A TRÍ A’S TRÍOCHAD.

Nuair a dhúisigh sé as a chodladh is amhlaidh a fuair sé é féin agus é ag rádh na bhfocal úd d’fhág sé gan chríochnughadh nuair a bhí sé ag caint leis an mnaoi chosnochtaithe ar an gcnuc.

“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruidhe a chruthuigh thú! – agus le h-Íosa Críosd a cheannuigh thú! – agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!”

Dar leis féin is sínte ar an bplásóig a bhí sé, agus cheap sé go raibh sí ansúd i n’ aice, ach gan radharc a bheith aige uirthi. Nuair a choruigh sé a lámh agus fuair sé an t-éadach leapthan air bhí iongnadh a chroídhe air. Bhí iongnadh ba mhó ’ná san air nuair fheuch sé ’na thimpal agus a chonaic sé frathacha an tíghe. Chrom sé ar mhachtnamh agus ar smaoineamh agus ar chur agus ar chúiteamh i n’aigne, a d’ iaraidh a dhéanamh amach conus a tháinig sé isteach ó’n gcnuc. Níor bh’ fhéidir leis an sgéal a thuisgint. D’ fheuch sé i dtreó na finneóige. Chonaic sé duine thall i n-aice na finneóige. Bean dob’ eadh í. An bhean fhriotháilte chéadna a bhí ag tabhairt aire do Dhiarmuid Liath nuair a bhí an bhreóiteacht air, isí a bhí ann! Tháinig iongnadh agus alltacht ar fad ar Shéadna nuair a chonaic sé í sin. Ní fheadair sé an tsaoghal cad a thug ann í, ná cad a thug é féin sa n-áit ’na raibh sé, agus gur amuich ar an gcnuc, ar an bplásóig, do shín sé chun codlata i dtusach na h-oídhche roim ré, dar leis. Cad a thug isteach ó’n gcnuc é? Nó má tháinig sé féin isteach conus nár chuimhin leis teacht isteach? An amhlaidh a shiúbhluigh sé isteach agus é ’na chodla? Do mhothuigh sé a chnámha teinn. D’fheuch sé ar a dhá [ 289 ]láimh. Ní raibh ionta ach na cnámha. Chuir sé lámh síos ar a chliabh. Bhí na h-asnaidheacha chómh lom aige le seana chiseán!

“Ní fheadar ó thalamh an domhain,” ar seisean, i n’ a aigne féin, “cad ’tá imthighthe orm!”

Ghlaoidh sé ar an mnaoi. Níor aithin sé a ghlór féin bhí an glór chómh lag san. Phreab sise chuige anall láithreach. “Ó, moladh go deó le Dia! a Shéadna,” ar sise, “tá do chiall agus do mheabhair agat fé dheire! Tá sé curtha dhíot agat. Ní’l baoghal ort anois, le congnamh Dé.”

“Cad tá curtha dhíom agam?” ar seisean.

“Tá,” ar sise, “an t-éagcruas cinn ba mheasa d’ár bhuail riamh umam. Ach tá sé imthighthe, buidhchas mór le Dia d’á chionn! Ná labhair a thuille anois, taoi ’n tú ró lag chun puínn cainte dhéanamh. Ní fada go mbéidh tú láidir do dhóithin chuige, le congnamh Dé. Tá deoch anso agam duit. Ól uaim é. Déanfaidh sé maitheas duit. Siné!”

“An fada ’táim anso, a Mháire?” ar seisean.

“Tá trí seachtmhaine ó thánag-sa,” ar sise, “agus is dóich liom go rabhais breóite trí lá sul ar cuireadh fios orm.”

Do luigh Séadna siar agus dhún sé a shúile, ach ní chun codlata é.

“Trí seachtmhaine!” ar seisean i n’aigne. “Cad tá imthighthe orm i n-aon chor? A Mháire!” ar seisean leis an mnaoi.

“Teacht! a Shéadna,” ar sise.

“An bhfuil aon tuairim agat do’n chuma ’na dtáinig an bhreóiteacht orm?” ar seisean.

“D’airigheas iad á rádh,” ar sise, “gur dhócha gur bh’amhlaidh a chodlais amuich agus gur buaileadh droch nídh [ 290 ]éigin ar do cheann. Bhí an ceann go h-ana olc agat pé ’n-Éirinn é. Bhí sé go h-olc i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Is ar éigin fhéadadh ceathrar thú choimeád sa leabaidh uaireanta. Ach pé mearbhall a bhí air tá sé imthighthe. Is gearr go mbéidh tú chómh maith agus bhís riamh. Codail greas anois, a laoigh. Ná déin a thuille cainte go fóil. Ní raghadh puínn cainte dhuit fós ach go h-olc. An codladh isé dhéanfaidh tairbhe dhuit. Luigh siar anois, a mhic ó, agus feuch an bhféadfá greas maith codlata dhéanamh, go breagh agus go socair agus go sámh.” Agus do shocaruigh sí an peiliúr fé n-a cheann. “Siné!” ar sise. “Ná labhair a thuille anois go fóil.”

Dhún sé a shúile ’ghá leigint air gur ag tuitim ’na chodla a bhí sé. I n-inead aon chodlata dhéanamh, ámhthach, is amhlaidh a dhírigh sé ar mhachtnamh. Bhí cúis mhachtnaimh aige. Trí seachtmhaine imthighthe, má b’ fhíor caint na mná friotháilte, agus go dtabharfadh sé féin an leabhar ná raibh thar trí h-uaire a’ chloig ó bhí sé amuich ar an gcnuc, ar an bplásóig chúnlaigh, ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe! Pé cor a thabharfadh sé dhó féin ní fhéadfadh sé a thuille aimsire dh’ fhághail ann. Agus ansan, ’na choinnibh sin thall, cad a bheir chómh lag é agus a bhí sé! Cad a bheir chómh lom é! Bhí sé chómh lag, chómh lom, chómh snuighte amach agus bhéadh duine go mbéadh rátha luíghcháin curtha dhé aige! Conus fhéadfadh a leithéid d’ athrughadh teacht ar a cholainn agus ar a bhallaibh beatha i n-aon trí h-uaire a’ chloig amháin! Má bhí teinneas agus breóiteacht agus trioblóid air chómh mór agus a dúbhairt an bhean, nár bh’ uathbhásach an obair a rádh nár fhan aon phioc d’á chuimhne aige! Pé troime ná sáimhe codlata a bhéadh ar dhuine, nuair a dhúiseóch’ sé as a chodla bhéadh tuairim éigin aige d’ fhaid nó do [ 291 ]ghioracht na h-aimsire a bhéadh caithte sa chodladh aige, bíodh a’s ná cuimhneóch’ sé ar aon nídh d’ár thuit amach dó i gcaitheamh na h-aimsire. Níor mhar sin do Shéadna. Ní h-é amháin go raibh gach ar thuit amach dó imthighthe as a chuimhne glan, ach bhí an aimsir féin imthighthe uaidh glan. Thuig sé i n-a aigne go raibh trí h-uaire a’ chloig, nó mar sin, ó bhí sé ar an gcnuc ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe, agus thuig sé i n-a aigne nár bh’ fhéidir a thuilleadh aimsire bheith ann. Cá bhfuaradh na trí seachtmhaine! B’ shiní an cheist.

Bhí an aimsir imthighthe glan as a chuimhne agus as a aigne. Thabharfadh sé an leabhar ná raibh thar trí h-uaire ’chloig nó mar sin ó bhí sé sa phlásóig ar an gcnuc ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe. Ní raibh aon bhlúire cuimhne aige ar ar thuit amach dó ó’n neómat a sgar sí leis go dtí an neómat ’na dtáinig a mheabhair dó ar a leabaidh. Bhí an aimsir sin, agus ar thuit amach dó i gcaitheamh na h-aimsire sin, agus an méid d’á mheabhair agus d’á chuimhne a bhí ag gabháil leis an aimsir sin, chómh glan as a aigne agus dá ngearthaí amach as a cheann le sgiain iad. Ní raibh blúire cuimhne aige ar an lá breagh a bhí aige ar an gcnuc, ná ar an radharc áluinn, ná ar na dúthaíbh breaghtha, ná ar shiúbhal na gcnuc dó, ná ar phiocadh na mónadán dó, ná ar an sódhluist a thug Neans dó, ná ar an gcuma ’nar fhill sé abhaile, ná ar an sníomh a bhí ar a aigne agus é ag feitheamh leis an bhFear nDubh, ná ar theacht an Fhir Dhuibh, ná ar an abhcóidigheacht a bhí eatartha, ná ar an gcuma ’nar sgaradar le chéile.

Ba chuimhin leis, ámhthach, na trí bliaghna déag do bheith istigh.

“Indiú atá sé le teacht,” ar seisean, i n-a aigne féin. “Is olc an t-am é agus mé chómh lag so. – Ach [ 292 ]cad é sin agam d’á rádh?” ar seisean airís. “Deir sí seo go bhfuil trí seachtmhaine ó buaileadh breóite mé! Ní rabhas breóite indé. Lá arna mháireach an lae indé a bhí sé le teacht. Is éagsamhlach an sgéal é má ’tá trí seachtmhaine idir indé agus indiú! Agus má táid na trí seachtmhaine ann tá an lá imthighthe agus an cladhaire úd gan teacht! B’ fhéidir ná tiocfadh sé i n-aon chor! Is greannmhar na trí seachtmhaine iad! Ca bhfuil an tslígh dhóibh! Ní’l tar trí h-uaire ’chloig ó bhíos ag caint léi, agus ag éisteacht léi, agus ag feuchaint uirthi. O, isí an t-aingeal í! Isí an t-aingeal soluis í!”

D’fhan sé ar feadh abhfad ag cuimhneamh uirthi, ar a gnúis áluinn, agus ar an solus a bhí as a súilibh agus ar a h-éadan agus ar a beul. Chuimhnigh sé ar an gcuma ’na ndéigh an solus ó n-a súilibhsin isteach ’n-a shúilibh féin agus siar ’n-a cheann agus síos ’n-a chroídhe. Ba chuimhin leis an chaint adúbhairt sé féin nuair a mhothuigh sé an t-áthas a tháinig air agus nuair a bhí sé ag gabháil a bhuidhchais leis an Athair Síoruidhe a chruthuigh í agus leis an Aon-Mhac a cheannuigh í agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh í. Ba chuimhin leis gur labhair sise ach níor chuimhin leis anois cad dúbhairt sí. Ba chuimhin leis gur airigh sé a glór agus guth a cainte, ach níor chuimhin leis gur thuig sé an chaint. Ní raibh aon bhlúire cuimhne aige ar bhrígh na cainte. Pé fada gairid do leanfadh sé ag machtnamh níor bh’ fhéidir leis d’ fhághail i n-a aigne go raibh d’ aimsir idir é agus an uair a sgar sé léi ar an gcnuc ach an t-aon tamall amháin de’n oídhche, trí h-uaire ’chloig nó mar sin. An codla a tháinig air nuair a bhí sí ag sgaramhaint leis, b’ shiné an codla as a raibh sé tar éis dúiseacht an neómat san, dar leis. [ 293 ]Tháinig Diarmuid Liath ’ghá fheuchaint.

“Cad é an fhaid aimsire atá ó buaileadh breóite mé, a Dhiarmuid?” ar seisean le Diarmuid. “Ní’lim ró chruinn air.”

“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa Diarmuid, “táim cruinn go maith air agus ní h-iongnadh dhom san. Is maith an ceart dom bheith cruinn air. Ní fada go mbéidh trí seachtmhaine ann. Ní baoghal go dtáinig an aimsir a gan fhios orm. Chómh luath agus d’ airigh Micil go rabhais ad’ luíghe do phreab sé aníos agus b’ éigean dom féin an siopa sheasamh, agus gan mé oireamhnach air ach go h-olc. Ní’l aon oídhche ó buaileadh breóite thu nár tháinig sé aníos. Théadh sé síos airís ar eiríghe lae, ach má théidheadh ba bheag an mhaith thíos é. ’Na chodla sa tsiopa iseadh do gheibhtí é nuair a thagadh daoine isteach ag lorg leathair. D’ fhanadh sé anso ag tabhairt conganta do’n mhnaoi fhriotháilte go dtí go dtagadh Máire Ghearra. Is beag aon deire oídhche ná tagadh Máire. Bhí sí anso ar maidin indiu sul a ndéigh Micil síos, ach ní raibh aon leus de d’ mheabhair tagaithe dhuit-se an uair sin. Ní aithneóchá aoinne. Ní fheaca féin riamh aon duine breóite chómh glan as a mheabhair agus bhís i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Ní raibh thúm ná thám ionat. Nuair a bhíos-sa breóite bhí spreabhraídí orm, ach má bhí féin ní rabhas as mo mheabhair ar fad. Bhí ciall agus cuimhne agam ar chuma éigin. D’ aithnighinn na daoine agus do thuiginn a gcaint agus do labhrainn leó, bíodh a’s ná raibh puínn cruinnis le m’ chaint uaireanta. Ach oiread agus aon fhocal amháin ní raibh le fághail uait-se amach as do bheul. Do réir mar a deirtear liom ní dóich liom go dtáinig oiread agus aon smiog amháin cainte amach as do bheul ó’n lá a buaileadh breóite thú go dtí gur labhrais indiu le [ 294 ]Máire ’nghean Airt. Ní h-é sin féin, ach ba dhóich le duine ná raibh aon mhothughadh ionat. Ní raibh aon tsuím agat i n-aon rud. Ní raibh aon choinne ag aoinne go dtiocfá as. Bhí an sagart anso go minic agus do theip air aon fhocal fhághail asat. Is dócha nach fada go mbéidh sé anso anois, agus geallaim dhuit gur b’ air a bhéidh an iongnadh agus an t-áthas. Béidh iongnadh agus áthas ar gach aoinne. Ní raibh aon tsúil ag aoinne go gcurfá dhíot é. Ach ambasa tá sé curtha dhíot agat, buidhchas mór le Dia d’á chionn! An t-é fheuchfadh ort anois níor dhóich leis i n-aon chor gur tú an fear céadna a bhí ansan indé. Níor fhéad aoinne a dhéanamh amach cad a bhí ort. Dúbhairt an bhean fhriotháilte gur bh’ éagcruas cinn é, ach ní dóich liom gur chreid aoinne í. Chuir an sagart beirt nó triúr dochtúirí anso i gcaitheamh na h-aimsire feuchaint an bhféadfaidís aon rud a dhéanamh duit. Níor dhéin aoinne acu ach feuchaint ort agus imtheacht. Ní fheacaís a leithéid de chéimaighrá riamh agus bhí orainn go léir.”

Bhailigh Séadna fírinne an sgéil mar sin ó chómharsain agus ó chómharsain eile, agus fé dheire do chuaidh ’na luíghe air nár bh’fholáir nó bhí an aimsir ann, pé cuma ’na bhfuaradh an tslígh dhi. Ach conus a fuaradh an tslígh, nó conus fhéadfadh breis agus trí seachtmhaine bheith caithte agus gan i n-a aigne, i gcoinnibh na dtrí seachtmhaine, ach trí h-uaire ’chloig, do theip glan air a dhéanamh amach, agus b’ éigean dó eiríghe as.

Ach ba mhar a chéile é. Chómh luath agus a tháinig an chiall agus an mheabhair dó thosnuigh sé ar dhul i bhfeabhas go tiugh. Thosnuigh an fheóil ar theacht. D’á loime bhíodar na h-asnaidheacha aige níor bh’fhada go rabhdar ag dul ó chómhaireamh. Ba ghearr go raibh na géaga ag dul i ngairbhe dá chaoile a bhíodar. Tháinig sé chuige [ 295 ]féin níos tapamhla ná mar a tháinig Diarmuid Liath féin. Má chuir an saghas luíghcháin a bhí air amú’ daoine, chuir an t-eiríghe a bhí déanta aige amú’ níos mó iad. Nuair a chonaic daoine an saghas galair a bhí air agus an chuma ’na raibh sé gan mheabhair gan chiall gan aithne gan urlabhra, dúbhairt cuid acu ná raibh aon bhreith aige go deó ar eiríghe as an leabaidh ’na raibh sé. Dúbhairt tuille acu dá ráinigheadh go gcuirfeadh sé an bhreóiteacht de gur bheag an mhaith dhó san, mar ná béadh sé choídhche ach i n’ amadán, agus gur bh’fheara dhó bás d’ fhághail ’ná bheith ’na shampla ar an gcuma san os cómhair na ndaoine. Dúbhairt tuille go mbéadh an sgéal níosa mheasa aige ’ná san féin, mar go raibh a chaint chómh millte le n-a chiall agus dá maireadh sé cheithre fichid bliaghan ná labharfadh sé aon fhocal i gcaitheamh a shaoghail.

Nuair a fuaradar go léir go raibh sé ’na shuídhe agus ag teacht chuige féin go tiugh, agus a chaint aige, go h-áluinn agus go bríoghmhar, agus gan lóipín ná lúb ar lár ar a chiall ná ar a mheabhair, ach é chómh gunta chómh géarchúiseach agus a bhí sé riamh, bhí áthas mór ortha gan amhras, ach bhí oiread iongnadh ortha agus a bhí d’áthas ortha, agus geallaim dhuit go raibh cathughadh a ndóithin ortha nár éisteadar go dtí go mbéadh a fhios acu cad a dhéanfadh sé. Isé rud a deiridís eatartha féin ’ná, “Dá mb’ aoinne eile bhéadh ann ach é féin d’ fhéadfadh duine tuairim éigin a thabhairt fé ’n rud a dhéanfadh sé, ach níor thug aoinne riamh fós aon tuairim fé siúd ach tuairim a chuaidh amú’.”

Caibidiol 33