Séadna/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 34
[ 296 ]
CAIBIDIOL A CEATHAIR A’S TRÍOCHAD.

An focal úd a dúbhairt Diarmuid Liath i dtaobh Mháire Ghearra, ’sé sin gur bheag aon deirea oídhche ná tagadh sí, do chuir an focal san Séadna ag machtnamh.

“Seadh!” ar seisean i n’aigne, “tá an sgéal go h-ait agam. Dúbhart léi go raibh ceangal orm i láthair Dé gan pósadh choídhche. Gan amhras do bhí ceangal orm gan í féin ná aon chailín eile mar í do tharang isteach sa chontabhairt a bhí rómham, do réir mar a mheasas. Dúbhairt an cladhaire úd go dtiocfadh sé a’m iaraidh chómh luath agus bhéadh na trí bliaghna déag caithte. Bhíos lán deimhnightheach go dtiocfadh sé. Tá an aimsir caithte. Tá sí caithte agus gan na trí seachtmhaine úd d’ áireamh. Tá an sparán anso agam fós. Tá sé chómh teann agus a bhí sé aon lá i gcaitheamh na h-aimsire. Is mór an iongnadh nár tháinig sé a’m iaraidh féin nó a d’ iaraidh an sparáin. Is deacair a dhéanamh amach cad é an brígh atá leis mar sgéal. Is dócha, dá mbéadh sé le teacht, go dtiocfadh sé an lá a gheall sé. Ní fheadar cad a chuir dé é. Tá aon nídh amháin deimhnightheach go leór. Ní h-ar mhaithe liom-sa d’ fhan sé gan teacht. Thiocfadh se mura mbéadh rud éigin ’á chosg. Cad a choisg é ar theacht? Cad a choimeád uaim é? Siní an cheist. Cé choisg é ar theacht? Ba mhór an spórt é dá bhfanadh an sparán agam d’á aimhdheóin! Níor úsáideas aon phioc de’n airgead, ach chun leathair a cheannach, ó’n lá úd a tógadh uaim an sparán ar an aonach. Níor leig sgannradh dhom dul thar fhocal an mhargaidh. B’fhéidir ná raibh aon ghádh leis an sgannradh. Má bhí sé [ 297 ]chómh seasamhach chun an mhargaidh cad ’na thaobh nár tháinig sé nuair a bhí na trí bliaghna déag istigh! Má’s rud é nár fhéad sé teacht agus a mhargadh do chur i bhfeidhm nuair a bhí an aimsir istigh, tá gach aon deabhramh ná féadfaidh sé baint liom pé úsáid a dhéanfad de’n airgead. Ní fada go mbainfead triail as an sgéal, le congnamh Dé, pé ’n-Éirinn é!... Is truagh cráidhte ná raibh fhios agam ná raibh sé le teacht!... Ba mhór an obair di teacht anso gach aon oídhche!... Ach tá sé socair go daingean ’na h-aigne go bhfuil an ceangal orm, agus gur ceangal é nach féidir a sgaoileadh... Tá an sgéal go h-ait againn!”

Bhí sí féin agus a h-athair ar an gcéad bheirt a tháinig ’ghá fheuchaint chómh luath agus d’ airigheadar aithne agus urlabhra bheith tagaithe dhó. Tháinig Máire Ghearra féin go minic ’na dhiaigh sin agus d’ inis sí dhó go cruinn, ó thusach go deire, cad é an saghas an bhreóiteacht a bhí air agus na cómharthaí a lean í. Ní h-ar an mbreóiteacht ná ar na cómharthaíbh a bhíodh Séadna ag cuimhneamh, agus é ag éisteacht léi, ach ar a mhachtnamh féin. Conus a ’neósfadh sé dhi cad é an saghas ceangail a bhí air gan pósadh? Conus a ghlacfadh sise an sgéal nuair a ’neósfaí dhi é? Nuair airigh sí an sgéal ar dtúis i dtaobh an cheangail dúbhairt sí gur cheangal uasal é, agus gur cheangal naomhtha é. Cad déarfadh sí anois dá n-innstí dhi cad é an saghas é agus cad fé ndear é? Dá n-innseadh sé dhi i dtaobh an sparáin agus i dtaobh an Fhir Dhuibh agus i dtaobh an mhargaidh, b’ fhéidir gur b’ amhlaidh a thiocfadh fuath aici dhó féin agus ná tiocfadh sí ’ghá fheuchaint a thuille. Agus conus fhéadfadh sé a mhíniughadh agus a léiriughadh dhi cad é an saghas an ceangal gan an sgéal go léir d’ innsint di! Ar an dtaobh eile de’n sgéal conus fhéadfadh sé a fhágáilt [ 298 ]níos sia gan innsint di go raibh dearmhad ar a h-aigne-sin i dtaobh an cheangail a bhí air-sean. Nuair inis sé dhi an cheud lá an ceangal do bheith air do ghlac sí an sgéal i gcéill a bhí bun os cionn leis an bhfírinne. D’ fhág sé mar sin aici é an uair sin mar cheap sé go gcuirfeadh deire na dtrí mbliaghan ndéag deire le n-a shaoghal, agus ansan gur chuma cad é an saghas an ceangal agus gur chuma cad fé ndear é ná cad ba bhun leis. B’ shiné an sgéal go léir ar a mhalairt de chuma anois, ámhthach. Ní raibh aon bhreith aige ar an ndearmhad d’ fhágáil ar a h-aigne níos sia. Ní raibh aon dul aige ó fhírinne an sgéil a thabhairt dí chómh luath agus dob’ fhéidir é. Ag machtnamh agus ag breithniughadh ar an méid sin oibre a bhí le déanamh aige iseadh bhíodh sé an fhaid a bhíodh sise ’ghá innsint dó cad iad na comharthaí éagsamhlacha do lean an bhreóiteacht a bhí air, agus cad é an neart a bhíodh ann nuair a bhíodh a ndóthain mór ag ceathrar fear le déanamh ’ghá choimeád gan imtheacht as an leabaidh.

An lá bhí sé thiar ag an dtigh aici, ’ghá innsint dí go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche, ní raibh uaidh ach a chur as a h-aigne-sin amach go raibh aon bhreith go deó aige ar í féin a phósadh. Nuair a dúbhairt sé an focal léi dúbhairt sise focal leis. Ní raibh aon choinne aige leis an bhfocal adúbhairt sí, ach níor chuir sé puínn suime sa bhfocal an uair sin. Sidé an focal a dúbhairt sí. “Má ’s ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é.” Chrom sé ar fhiafruighe dhé féin anois cad é an brígh a bhí aici leis an bhfocal san, nó ar bh’fhéidir gur bh’ amhlaidh a bhéadh ceangal curtha aici uirthi féin, i láthair Dé, gan pósadh choídhche!

Bhí smaointe de’n tsórd san agus neithe de’n tsórd [ 299 ]san agus machtnamh de’n tsórd san ag ruith tré n’aigne coitchianta agus é ag teacht chuige féin. Ach, bíodh gur chuireadar mórán buartha air, agus mórán ceisnimh agus mórán céimaighráidh, níor chuireadar aon chosg leis an bhfeabhas a bhí ag dul air. Do lean sé ag cur na feóla suas agus ag dul i láidireacht agus i misneamhlacht, go dtí go raibh daoine ’ghá rádh go n-iompóch’ sé amach níos fearr agus níos stóinsighthe agus níos curanta ’na shláinte ’ná mar a bhí sé riamh sul a dtáinig an bhreóiteacht air.

 

Mí díreach tar éis na leapthan d’ fhágáilt dó, do bhuail chuige suas ó’n sráid, ar muin capaill, fear cinn riain an rígh agus fiche marcach i n-aonfheacht leis. Bhí a chlóca síoda ar gach fear díobh, agus a chaipín cogaidh, agus a chlaidheamh fada síos le maoitheán a chapaill, agus a chlaidheamh gearr ’n-a chrios aige, agus a shleagh bhreagh fhada fhuinnseóige ’n-a seasamh anáirde aige agus ceann fada caol, de chruaidh gheal ghéar, ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin ar an sleagh, agus na ribíní síoda ag rinnce sa ghaoith, thuas idir adhmad agus iaran, ar an sleagh. An t-é fheuchfadh ar na fearaibh sin agus do chífeadh na súile glana géara aibeamhla, agus na gnúiseana daingeana gan staon, agus na cúla casa, agus na guailne téagartha neartmhara córacha agus na h-uchta leathana, agus na mása ramhara troma, na troighthe teanna agus na géaga lúthmhara, agus na dóirne cruadha, déarfadh sé gan amhras nár bh’ aon dóichín iad do’n namhaid a cheapfadh aon chur isteach a dhéanamh ortha!

“Seadh, a Shéadna,” arsa ’n ceann, “tá an tréimhse úd caithte. Is dócha go bhfuíl gach nídh curtha i dtreó agat um an dtaca so. Isé is fada leis an rígh go [ 300 ]bhfeicfidh sé thíos i n’ aice thú. Is ad’ iaraidh a thánamair.”

“Tá go maith, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna. “Pé rud atá i dtreó ná ná fuil, an rud a gheallas-sa cómhlíonfad é.”

Agus d’imthigh sé leó.

Gobnait. – Ó, a thiarcais, a Pheig! Tá sé ’n-a lá gheal!

Cáit. – Agus feuch! Sidí anso Síle agus a ceann am’ ucht agus í n-a codladh go sámh!

Nóra. – Ba mhithid do d’ mháthair bheith tagaithe, a Pheig. Dúbhradar go mbéadh an t-abhras snímhte acu sul a dtiocfadh an lá ortha.

Peig. – Sidí chúgainn isteach í.

Máire. – Seadh! a chailíní, an raibh uaigneas oraibh? An bhfuil an sgéal críochnuighthe? “Seafra,” – nó – “Stiabhna”, nó – greadadh chuige, cad é an ainim seo agam air?

Peig. – “Séadna,” a mháthair.

Máire. – Ó, ’seadh. “Séadna.” An bhfuil sé marbh?

Cáit. – Ní’l, a Mháire. Tá sé imthighthe le muíntir an rígh.

Máire. – Chun bheith ag déanamh bróg do’n rígh, is dócha. Feuch, a Pheig, ná leig uait iad san go fóil. Ná leig dóibh imtheacht mar imthigheadar an oídhche eile úd. Thugas-sa rud éigin liom. Béidh sgruid againn. Cá bhfuil Síle? ’Na codla! Andaigh isí a dhéin an ceart!

CRÍOCH.
Caibidiol 34