Page:Seadna.djvu/296

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

cad é sin agam d’á rádh?” ar seisean airís. “Deir sí seo go bhfuil trí seachtmhaine ó buaileadh breóite mé! Ní rabhas breóite indé. Lá arna mháireach an lae indé a bhí sé le teacht. Is éagsamhlach an sgéal é má ’tá trí seachtmhaine idir indé agus indiú! Agus má táid na trí seachtmhaine ann tá an lá imthighthe agus an cladhaire úd gan teacht! B’ fhéidir ná tiocfadh sé i n-aon chor! Is greannmhar na trí seachtmhaine iad! Ca bhfuil an tslígh dhóibh! Ní’l tar trí h-uaire ’chloig ó bhíos ag caint léi, agus ag éisteacht léi, agus ag feuchaint uirthi. O, isí an t-aingeal í! Isí an t-aingeal soluis í!”

D’fhan sé ar feadh abhfad ag cuimhneamh uirthi, ar a gnúis áluinn, agus ar an solus a bhí as a súilibh agus ar a h-éadan agus ar a beul. Chuimhnigh sé ar an gcuma ’na ndéigh an solus ó n-a súilibhsin isteach ’n-a shúilibh féin agus siar ’n-a cheann agus síos ’n-a chroídhe. Ba chuimhin leis an chaint adúbhairt sé féin nuair a mhothuigh sé an t-áthas a tháinig air agus nuair a bhí sé ag gabháil a bhuidhchais leis an Athair Síoruidhe a chruthuigh í agus leis an Aon-Mhac a cheannuigh í agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh í. Ba chuimhin leis gur labhair sise ach níor chuimhin leis anois cad dúbhairt sí. Ba chuimhin leis gur airigh sé a glór agus guth a cainte, ach níor chuimhin leis gur thuig sé an chaint. Ní raibh aon bhlúire cuimhne aige ar bhrígh na cainte. Pé fada gairid do leanfadh sé ag machtnamh níor bh’ fhéidir leis d’ fhághail i n-a aigne go raibh d’ aimsir idir é agus an uair a sgar sé léi ar an gcnuc ach an t-aon tamall amháin de’n oídhche, trí h-uaire ’chloig nó mar sin. An codla a tháinig air nuair a bhí sí ag sgaramhaint leis, b’ shiné an codla as a raibh sé tar éis dúiseacht an neómat san, dar leis.