Jump to content

Page:Seadna.djvu/299

From Wikisource
This page has been proofread.

féin níos tapamhla ná mar a tháinig Diarmuid Liath féin. Má chuir an saghas luíghcháin a bhí air amú’ daoine, chuir an t-eiríghe a bhí déanta aige amú’ níos mó iad. Nuair a chonaic daoine an saghas galair a bhí air agus an chuma ’na raibh sé gan mheabhair gan chiall gan aithne gan urlabhra, dúbhairt cuid acu ná raibh aon bhreith aige go deó ar eiríghe as an leabaidh ’na raibh sé. Dúbhairt tuille acu dá ráinigheadh go gcuirfeadh sé an bhreóiteacht de gur bheag an mhaith dhó san, mar ná béadh sé choídhche ach i n’ amadán, agus gur bh’fheara dhó bás d’ fhághail ’ná bheith ’na shampla ar an gcuma san os cómhair na ndaoine. Dúbhairt tuille go mbéadh an sgéal níosa mheasa aige ’ná san féin, mar go raibh a chaint chómh millte le n-a chiall agus dá maireadh sé cheithre fichid bliaghan ná labharfadh sé aon fhocal i gcaitheamh a shaoghail.

Nuair a fuaradar go léir go raibh sé ’na shuídhe agus ag teacht chuige féin go tiugh, agus a chaint aige, go h-áluinn agus go bríoghmhar, agus gan lóipín ná lúb ar lár ar a chiall ná ar a mheabhair, ach é chómh gunta chómh géarchúiseach agus a bhí sé riamh, bhí áthas mór ortha gan amhras, ach bhí oiread iongnadh ortha agus a bhí d’áthas ortha, agus geallaim dhuit go raibh cathughadh a ndóithin ortha nár éisteadar go dtí go mbéadh a fhios acu cad a dhéanfadh sé. Isé rud a deiridís eatartha féin ’ná, “Dá mb’ aoinne eile bhéadh ann ach é féin d’ fhéadfadh duine tuairim éigin a thabhairt fé ’n rud a dhéanfadh sé, ach níor thug aoinne riamh fós aon tuairim fé siúd ach tuairim a chuaidh amú’.”