Nuair a dhúisigh sé as a chodladh is amhlaidh a fuair sé é féin agus é ag rádh na bhfocal úd d’fhág sé gan chríochnughadh nuair a bhí sé ag caint leis an mnaoi chosnochtaithe ar an gcnuc.
“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruidhe a chruthuigh thú! – agus le h-Íosa Críosd a cheannuigh thú! – agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!”
Dar leis féin is sínte ar an bplásóig a bhí sé, agus cheap sé go raibh sí ansúd i n’ aice, ach gan radharc a bheith aige uirthi. Nuair a choruigh sé a lámh agus fuair sé an t-éadach leapthan air bhí iongnadh a chroídhe air. Bhí iongnadh ba mhó ’ná san air nuair fheuch sé ’na thimpal agus a chonaic sé frathacha an tíghe. Chrom sé ar mhachtnamh agus ar smaoineamh agus ar chur agus ar chúiteamh i n’aigne, a d’ iaraidh a dhéanamh amach conus a tháinig sé isteach ó’n gcnuc. Níor bh’ fhéidir leis an sgéal a thuisgint. D’ fheuch sé i dtreó na finneóige. Chonaic sé duine thall i n-aice na finneóige. Bean dob’ eadh í. An bhean fhriotháilte chéadna a bhí ag tabhairt aire do Dhiarmuid Liath nuair a bhí an bhreóiteacht air, isí a bhí ann! Tháinig iongnadh agus alltacht ar fad ar Shéadna nuair a chonaic sé í sin. Ní fheadair sé an tsaoghal cad a thug ann í, ná cad a thug é féin sa n-áit ’na raibh sé, agus gur amuich ar an gcnuc, ar an bplásóig, do shín sé chun codlata i dtusach na h-oídhche roim ré, dar leis. Cad a thug isteach ó’n gcnuc é? Nó má tháinig sé féin isteach conus nár chuimhin leis teacht isteach? An amhlaidh a shiúbhluigh sé isteach agus é ’na chodla? Do mhothuigh sé a chnámha teinn. D’fheuch sé ar a dhá