Page:Seadna.djvu/294

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

éigin ar do cheann. Bhí an ceann go h-ana olc agat pé ’n-Éirinn é. Bhí sé go h-olc i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Is ar éigin fhéadadh ceathrar thú choimeád sa leabaidh uaireanta. Ach pé mearbhall a bhí air tá sé imthighthe. Is gearr go mbéidh tú chómh maith agus bhís riamh. Codail greas anois, a laoigh. Ná déin a thuille cainte go fóil. Ní raghadh puínn cainte dhuit fós ach go h-olc. An codladh isé dhéanfaidh tairbhe dhuit. Luigh siar anois, a mhic ó, agus feuch an bhféadfá greas maith codlata dhéanamh, go breagh agus go socair agus go sámh.” Agus do shocaruigh sí an peiliúr fé n-a cheann. “Siné!” ar sise. “Ná labhair a thuille anois go fóil.”

Dhún sé a shúile ’ghá leigint air gur ag tuitim ’na chodla a bhí sé. I n-inead aon chodlata dhéanamh, ámhthach, is amhlaidh a dhírigh sé ar mhachtnamh. Bhí cúis mhachtnaimh aige. Trí seachtmhaine imthighthe, má b’ fhíor caint na mná friotháilte, agus go dtabharfadh sé féin an leabhar ná raibh thar trí h-uaire a’ chloig ó bhí sé amuich ar an gcnuc, ar an bplásóig chúnlaigh, ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe! Pé cor a thabharfadh sé dhó féin ní fhéadfadh sé a thuille aimsire dh’ fhághail ann. Agus ansan, ’na choinnibh sin thall, cad a bheir chómh lag é agus a bhí sé! Cad a bheir chómh lom é! Bhí sé chómh lag, chómh lom, chómh snuighte amach agus bhéadh duine go mbéadh rátha luíghcháin curtha dhé aige! Conus fhéadfadh a leithéid d’ athrughadh teacht ar a cholainn agus ar a bhallaibh beatha i n-aon trí h-uaire a’ chloig amháin! Má bhí teinneas agus breóiteacht agus trioblóid air chómh mór agus a dúbhairt an bhean, nár bh’ uathbhásach an obair a rádh nár fhan aon phioc d’á chuimhne aige! Pé troime ná sáimhe codlata a bhéadh ar dhuine, nuair a dhúiseóch’ sé as a chodla bhéadh tuairim éigin aige d’ fhaid nó do