Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/177

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VIII. 50
167
LÚCÁS

t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide. 50Agus d’airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán. 51Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín. 52Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla. 53Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh. 54Ach do rug sé féin ar láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. 55Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d’eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. 56Agus bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh’innsint d’aoinne cad a bhí tuitithe amach.



CAIBIDIOL IX.

Na h-Asboil dá gcur amach ag Críost. Bia dá thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bhulógaibh. an t-Atharú gné do theacht air. Deamhan a’ duine dá chur amach aige.


1[1]Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh. 2Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite. 3Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh; 4Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann, agus ná h-imthighidh amach as. 5Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin [2]agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.

6Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.