Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/178

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
168
Caib. IX. 7
LÚCÁS

7Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine, 8Gur bh’é Eóin a dh’eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh’é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh’eirigh. 9Agus dubhairt Héród: Bhaineas-sa an ceann d’Eóin; ach cé h-é seo go n-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé a d’iarraidh é dh’fheisgint.

10Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida. 11Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.

12Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso. 13Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: [1]Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir. Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. 14Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh ’n-a suidhe iad ’n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain. 15Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine go léir ’n-a suidhe. 16Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’á dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. 17Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh.


18Agus do thárla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? 19Agus