Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/176

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
166
Caib. VIII. 37
LÚCÁS

eadar dóibh conus a slánuigheadh é ó’n Leigión; 37Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé ar bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais. 38Agus an fear gur imthigh na deamhain as d’iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis: 39Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d’imthigh sé agus d’fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó.

40Agus do thárla, ar a theacht thar n-ais d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis. 41[1]Agus féach, tháinig chuige fear dár b’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’ghá iarraidh air dul chun a thighe, 42Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do thárla go raibh an tsluagh ag brúth air.

43Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas; 44Agus tháinig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici. 45Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Mháighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom? 46Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim. 47Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. 48Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.

49Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtaráin na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá