Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/175

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. VIII. 25
165
LÚCÁS

chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an bás againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas. 25Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rádh le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?

26Agus do sheóladar an long go tír na nGerasénach atá ar aghaidh Ghaililí anonn. 27Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh. 28Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh. 29Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é. 30Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann. 31Agus bhíodar ’ghá iarraidh air gan a dh’órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis. 32Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d’iarradar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig. 33Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad. 34Agus nuair chonaic an lucht fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d’innseadar sa chathair é agus ins na bailtibh. 35Agus tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach, agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, ’n-a ghlan-mheabhair agus éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus bhí eagal ortha. 36Agus an mhuintir a chonaic é d’inns-