Jump to content

Niamh/35

From Wikisource
181497Niamh — Congnamh do’n ChongnamhPeadar Ua Laoghaire
[ 193 ]

CAIBIDIOL XIV.

CONGNAṀ DO'N ĊONGNAṀ.

Ní raiḃ Brian aḃfad imṫiġṫe ó Ċeann Cora, ar a ċuaird ríġ, agus Niaṁ agus a h-aṫair imṫiġṫe i gcualaċt Ḃriain, nuair a tugaḋ fé ndeara daoine iasaċta ag teaċt ann. Níor cuireaḋ aon tsuim ró ṁór sa méid sin. Ḃíoḋ daoine ag teaċt ó gaċ aon ṗáirt d' Éirinn go ceártain Ṁeargaiġ ag ceannaċ na n-arm. Ḃí cúram teiġlaiġ an Árdríġ i gCeann Cora ar an Árdrígain, níḋ nár ḃ'iongnaḋ, agus ba léir do gaċ aoinne go raiḃ sí ábalta ar a smaċt do ċur i ḃfeiḋm agus ar ṁuintir an teiġlaiġ do ċoimeád fé n-a láiṁ, agus ar a gceann a ċoimeád fúṫa, agus ar a ċur ḟiaċaiḃ orṫa a ngnó ḋéanaṁ mar ba ċeart. D'á ḃríġ sin, nuair a ṫagaḋ daoine iasaċta ann, ní leigeaḋ eagla d'aoinne de ṁuintir an teiġlaiġ aon rud a ṫaḃairt fé ndeara ná aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ ar neiṫiḃ nár ḃain leó, dar leó féin.

[ 194 ]I n-éaġmuis na ndaoine iasaċta eile d'ár ṫáinig ann ṫáinig Aṁlaoiḃ ann. Sa n-oíḋċe iseaḋ ṫáinig sé, agus ḃí ḟios ag Gormḟlaiṫ roim ré go raiḃ sé ag teaċt. Do ṡleaṁnuiġ sé isteaċ a gan ḟios do'n teiġlaċ. Ní ḟeacaiḋ aoinne é. B'éigean dó teaċt ar an gcuma san mar ḃí an iomad aiṫne sa n-áit air, agus dá ḃfeictí ann é do ṡroisfeaḋ an ráfla Inis Caṫaiġ agus Uíḃ Máine. Ansan do ṡroisfeaḋ sé Murċaḋ agus Brian agus níor ḃ' ḟios cad a ṫiocfaḋ as. Ṫáinig sé ann sa n-oíḋċe, a gan ḟios d'aoinne. Nuair a ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ i ḃfoċair a ċéile, i seómra a ḃí aḃfad isteaċ, do ċuir sí na mílte fáilte roimis. B' ḟuiriste a ḋ' aiṫint ó'n gcuma 'n-ar ġlac sí é go raiḃ an gaol aċamair go maiṫ eatarṫa. Ná féadfaḋ sé ḃeiṫ níb' aċamaire.

“Ó! a ṁic ó, a laoġ,” ar sise, “náċ fada gur ḟéadais teaċt! Ṡíleas ná tiocfá ċoíḋċe. Conus tá an obair ag dul ċun cinn? Caṫin a buailfear an buille do ṡaorfaiḋ sinn ó'n annsgian, ní h-eaḋ aċ ó'n sluaġ annsgian! Caṫin a ṫiocfaiḋ an ċaḃair, a ṁic?”

“Tiocfaḋ an ċaḃair amáireaċ, a ṁáṫair,” ar seisean, “dá mbéaḋ do ṫaoḃ-sa de'n obair déanta.”

“Conus ḟéadfainn mo ṫaoḃ de'n obair a ḋéanaṁ anois agus gan Brian anso? An ḟaid a ḃí sé anso ḃí an eascú san Ṫaiḋg Ṁóir ag faire orm ins gaċ aon ċúinne gaċ aon rae ṡoluis. Ní ḟéadfainn cor a ċur díom gan mé féin a ċur i gcontaḃairt. Tá Murċaḋ ag faire orm. Tá Donn mac Beaṫaċ ag faire orm. 'Sé mo ṫuairim láidir gur ḋein an t-easbog úd a ḃí anso ó'n Róiṁ rud éigin, nó go ndúḃairt sé rud éigin, do ċuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Ṫugas fé ndeara é, cúpla uair, ag feuċaint orm, agus níor ṫaiṫn an ḟeuċaint liom. Ṁeasas gur ḟeuċ sé treasna ṫríom. Ní ḟeadar an doṁan cad a ċuir iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor ḋeineas aon níḋ [ 195 ]a ḋ' ḟéadfaḋ aon rud do ċur ar a súiliḃ dóiḃ. An ḟaid a ḃí Niaṁ anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súiliḃ ċóṁ h-osgailte agus dob' ḟéidir dom é. Ḋeineas gaċ aon rud, dar liom, ċun a ṫaisbeáint dí ná raiḃ bríġ ná bunús leis an ḃfaireaċán. Ḋeineas níba ṁó 'ná san. Ṫugas mé féin di ċóṁ h-iomlán san gur dóiċ liom dá ḃfanaḋ sí aḃfad eile anso go mbéaḋ sí curṫa fé 'n gcré agam!”

“Airiú, cad a ċuirfeaḋ fé'n gcré í, a ṁáṫair? Ar nóin ní h-aṁlaiḋ a ṫaḃarfá ḋi féin an rud n-a raiḃ sí ag faire ort sar a dtaḃarfá do Ḃrian é!” ar seisean.

“Ní h-aṁlaiḋ,” ar sise. “Níor ġáḋ ḋom é. Cailín fíor uasal 'n-a h-aigne iseaḋ í. Do deineaḋ árd éagcóir uirṫi nuair a cuireaḋ anso í. Tá sí ana ġéarċúiseaċ, aċ tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon rud i ḃfuirm faireaċáin a ṫaḃairt le déanaṁ di. Ní raiḃ fasg agá h-aṫair agus í ṫaḃairt anso. Níor ḋeineas-sa aċ í ṫaċtaḋ agus do ṁúċaḋ le séiṁe agus le soilḃreas agus le gealġáiriteaċt. Go deiṁin le fírinne ḋuit, a Aṁlaoiḃ, do ḃíoḋ truaġ agam do'n ċailín ḃoċt nuair a ċínn í ag casaḋ le gáire ḋéanaṁ agus gan aon ġáire 'n-a croíḋe. Mura mbéaḋ a luaṫaċt a rugadar leó ċun siúḃal í ḃéaḋ sí ar an gclár acu.”

“Ḃí aiṫne agam uirṫi,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċonac í ṫiar sa ḃaile cúpla uair. Níor ṁeasas gur ḃ' aon rud fóġanta í.”

“Aon rud fóġanta!” arsa Gormḟlaiṫ. “Taḃarfad a ceart féin dí, a ṁic, agus tuigim cad tá agam 'á ráḋ. Isí cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine croíḋe agus aigne d'ár ḃuail riaṁ fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineaḋ sí oiread eile faireaċáin orm. Ní'l fasg ag an muintir a ċuir anso í.”

“Tá sí imṫiġṫe anois, a ṁáṫair, pé 'r doṁan é, agus tá [ 196 ]an áit seo fút féin. Ba ċóir go ḃféadfá rud éigin a ḋéanaṁ nuair a ṫiocfaḋ an t-Árdríġ seo aḃaile. Nár ċóir go ḃféadfá ḃeiṫ ollaṁ i dtreó nár ġáḋ ḋuit tú féin a ċur i n-aon ċontaḃairt nuair a ḃéaḋ sé sa ḃaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagaḋ an bás air díreaċ nuair a ḃéaḋ ár neart ag teaċt isteaċ i gcuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ ḃéaḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn láiṫreaċ. Ḃéaḋ Éire againn gan a ḃeiṫ orainn oiread agus aon ḟear aṁáin do ċailleaṁaint. Do ṫuitfeaḋ neart Ḃriain as a ċéile. D'éileóċ' M'lṡeaċlainn airís an Árdríġeaċt a baineaḋ dé ċun í ṫaḃairt do Ḃrian. D'éileóċ' Murċaḋ an Árdríġeaċt ó 'sé an ríġḋaṁna é. D'éireóċ' Ua Néill ċun gan an Árdríġeaċt d' ḟágáilt ag aoinne acu aċ í ḃeiṫ aige féin. Ḃéidís go léir ag marḃuġaḋ a ċéile láiṫreaċ bonn. Níor ġáḋ ḋúinn aon ṗioc d'á nduaġ ḋ' ḟáġail. Ṁarḃó'dís féin a ċéile ḋúinn. Ní ḃéaḋ le déanaṁ againn aċ sgaoileaḋ leó agus ḃeiṫ ag brúṫ isteaċ orṫa fé mar a ḃéidís ag laguġaḋ a ċéile. Um an dtaca 'n-a mbéidís dísgiġṫe agá ċéile ḃéimís-ne i seilḃ an oileáin. Déin rud éigin, a ṁáṫair. Taḃair congnaṁ éigin do Ḃrian ċun an tsaoġail seo ḋ'ḟágaint. Is miṫid dó imṫeaċt.”

“Déanfad mo ḋíċeal, a ṁic ó,” ar sise. “Aċ caiṫfir aon níḋ aṁáin a ġeallaṁaint dom, a Aṁlaoiḃ,” ar sise.

“Geallfad aon rud is maiṫ leat duit, a ṁáṫair,” ar seisean. “Cad é an rud é?”

“Geall dom,” ar sise, “má eiriġean linn go bpósfair Niaṁ.”

“Aililiú!” ar seisean, agus do leaṫ a ḋá ṡúil air. “Ag magaḋ aṫaoín tú, a ṁáṫair!” ar seisean.

“Ní h-eaḋ, a ṁic mo ċroíḋe!” ar sise. “Lom dáiríriḃ atáim. Ní'l cor 'n-a croíḋe ná 'n-a h-aigne ná fuil 'ḟios agam. Níor ḃuail a leitéid eile riaṁ umam. Go dtí gur ḃuail sí féin umam níor ṁeasas go raiḃ a leiṫéid ar biṫ. [ 197 ]Níor ṁeasas gur ḃ'ḟéidir a leiṫéid a ḃeiṫ ar biṫ. An oíḋċe úd a ḃíoḃair go léir anso nuair a ċonac tu ag rince léi ṁeasas ná feaca riaṁ aon ḃeirt ċóṁ h-oireaṁnaċ d'á ċéile. Ní mise aṁáin a ṁeas é. D' airiġeas an ċogarnaċ: ‘Ó! náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má eiriġean linn?”

“Ní'l eiriġṫe linn fós, a ṁáṫair,” ar seisean, “aċ ní dóiċ liom gur miste ḋom a ġeallaṁaint duit go bpósfad í — má ṗósan sí mé. Tá sé i mbéal gaċ aoinne go ḃfuil socair aici 'n-a h-aigne gan pósaḋ ċoíḋċe.”

“Ó'n aiṫne atá curṫa agam uirṫi ní ċuirfeaḋ san féin blúire iongnaḋ orm,” arsa Gormḟlaiṫ. “Tá meón ana ṁaiṫ, ana naoṁṫa, aici. B'ḟéidir go n-aṫaróċ' sí a h-aigne. Is cuiṁin liom cogarnaċ eile ḋ'airiġeas an oíḋċe ċéadna ad' ṫaoḃ-sa. ‘Ó,’ adeirṫí, ‘náċ mór an truaġ sagart a ḋéanaṁ de!’ Cúis ġáire ċúġainn! Aċ pósfair í má ṗósan sí ṫú?”

“Tá go maiṫ, a ṁáṫair,” ar seisean. “Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, go bpósfaiḋ sí mé pé taṫant a ḋéanfair uirṫi. Is éagsaṁlaċ an ḃean ṫú, a ṁáṫair,” ar seisean. “Ṁeasas go marḃófá mé níba ṫúisge 'ná mar a leigfeá dom í ṗósaḋ!” “Dá dtuigṫeá a feaḃas mar a ṫuigim-se é ní ṁeasfá san,” arsa Gormḟlaiṫ.

Ṫugadar forṁór na h-oíḋċe ag caint. Ṫug Aṁlaoiḃ cúntas cruinn di ar an neart a ḃí le teaċt go h-Éirinn ċun seilḃ na h-Éirean do ġlacaḋ ċóṁ luaṫ agus ġeóḃaḋ Brian bás. D'inis sé ḋi cad é an neart fear a ḃí ollaṁ ag ríġ Loċlan agus cad iad na loingeas a ḃí ollaṁ ar uisge aige. D'inis sé ḋi cad é an neart fear a ḃí ollaṁ ag ríġ na h-Ioruaiḋe, agus cad iad na loingeas a ḃí ollaṁ ar uisge aige, agus conus mar a ḃí beirt mac an ríġ, an ḃeirt óigḟear ba ṫreise agus ba ṫréine i dtír na h-Ioruaiḋe an [ 198 ]uair sin, ag teaċt 'n-a ḃfearaiḃ cinn-riain ar ṡlóiġtiḃ na h-Ioruaiḋe.

D'inis sé ḋi conus mar a ḃí Sígurd mac Lódair, ríġ Ínsí h-Orc, ċun teaċt agus mór-ṡluaġ aige d'ḟearaiḃ luaṫa láidire cruaḋa ó Ínsíḃ Orc agus ó Ínsíḃ Gaill, ó Sgaṫaiġ agus ó Ċeann Tíre agus ó-s na dúṫaíḃ sin go léir mór-ṫímpal.

Ṫug sé gaċ aon ċúntas mar sin di ar an gcuma 'n-a raiḃ neart Loċlan suiḋte an uair sin agus ar an gcuma 'n-a raiḃ an neart ag méaduġaḋ agus ag dul i n-acfuinníġe i n-aġaiḋ an lae. Agus ċuir sé 'n-a luiġe ar a h-aigne ná raiḃ aon níḋ ag teastuḃáil feasta aċ bás Ḃriain.

D'ḟan Aṁlaoiḃ i gCeann Cora an ċuid eile de'n oíḋċe sin agus an lá a ḃí ċúġainn. Níor ṫaisbeáin sé é féin d' aoinne i gcaiṫeaṁ an lae. Ċóṁ luaṫ agus ḃí am ṁairḃ na h-oíḋċe airís ann d'imṫiġ sé. Ṫug sé aġaiḋ ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Ċuaiḋ sé ċun cainte le Sitric, ríġ Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ, agus d'inis sé ḋó an uile ḟocal de'n ċaint a ḃí idir é féin agus Gormḟlaiṫ.

Ḃí eagal ar an mbeirt ná déanfaḋ Gormḟlaiṫ an ḃeart. Níor ṫaiṫn leó i n-aon ċor an ḃáiġ a ṫaisbeáin sí a ḃeiṫ aici do Niaṁ. Ṫuigeadar 'n-a n-aigne má ḃí congnaṁ le taḃairt do Ḃrian ċun imṫeaċt as an saoġal, agus má b' í Gormḟlaiṫ a ṫaḃarfaḋ an congnaṁ san dó, nár ḃ' ḟoláir congnaṁ a ṫaḃairt do Ġormḟlaiṫ féin sa ġnó.

Conus a taḃarfaí an congnaṁ san dí, áṁṫaċ, agus cad é an saġas an congnaṁ a taḃarfaí ḋi? B'ṡiní an ċeist acu agus níor ċeist ró ḃog í.