Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/200

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
196
NIAṀ

an áit seo fút féin. Ba ċóir go ḃféadfá rud éigin a ḋéanaṁ nuair a ṫiocfaḋ an t-Árdríġ seo aḃaile. Nár ċóir go ḃféadfá ḃeiṫ ollaṁ i dtreó nár ġáḋ ḋuit tú féin a ċur i n-aon ċontaḃairt nuair a ḃéaḋ sé sa ḃaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagaḋ an bás air díreaċ nuair a ḃéaḋ ár neart ag teaċt isteaċ i gcuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ ḃéaḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn láiṫreaċ. Ḃéaḋ Éire againn gan a ḃeiṫ orainn oiread agus aon ḟear aṁáin do ċailleaṁaint. Do ṫuitfeaḋ neart Ḃriain as a ċéile. D'éileóċ' M'lṡeaċlainn airís an Árdríġeaċt a baineaḋ dé ċun í ṫaḃairt do Ḃrian. D'éileóċ' Murċaḋ an Árdríġeaċt ó 'sé an ríġḋaṁna é. D'éireóċ' Ua Néill ċun gan an Árdríġeaċt d' ḟágáilt ag aoinne acu aċ í ḃeiṫ aige féin. Ḃéidís go léir ag marḃuġaḋ a ċéile láiṫreaċ bonn. Níor ġáḋ ḋúinn aon ṗioc d'á nduaġ ḋ' ḟáġail. Ṁarḃó'dís féin a ċéile ḋúinn. Ní ḃéaḋ le déanaṁ againn aċ sgaoileaḋ leó agus ḃeiṫ ag brúṫ isteaċ orṫa fé mar a ḃéidís ag laguġaḋ a ċéile. Um an dtaca 'n-a mbéidís dísgiġṫe agá ċéile ḃéimís-ne i seilḃ an oileáin. Déin rud éigin, a ṁáṫair. Taḃair congnaṁ éigin do Ḃrian ċun an tsaoġail seo ḋ'ḟágaint. Is miṫid dó imṫeaċt.”

“Déanfad mo ḋíċeal, a ṁic ó,” ar sise. “Aċ caiṫfir aon níḋ aṁáin a ġeallaṁaint dom, a Aṁlaoiḃ,” ar sise.

“Geallfad aon rud is maiṫ leat duit, a ṁáṫair,” ar seisean. “Cad é an rud é?”

“Geall dom,” ar sise, “má eiriġean linn go bpósfair Niaṁ.”

“Aililiú!” ar seisean, agus do leaṫ a ḋá ṡúil air. “Ag magaḋ aṫaoín tú, a ṁáṫair!” ar seisean.

“Ní h-eaḋ, a ṁic mo ċroíḋe!” ar sise. “Lom dáiríriḃ atáim. Ní'l cor 'n-a croíḋe ná 'n-a h-aigne ná fuil 'ḟios agam. Níor ḃuail a leitéid eile riaṁ umam. Go dtí gur ḃuail sí féin umam níor ṁeasas go raiḃ a leiṫéid ar biṫ.