Niamh/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Ciúnas roim Thóirthnigh
[ 188 ]

CAIBIDIOL XIII.

CIÚNAS ROIM ṪÓIRṪNIĠ.

An ḟaid a ḃí Brian ar an gcuaird sin, mór-ṫímpal na h-Éirean, ḃí sé ag táṫuġaḋ agus ag dlúṫuġaḋ agus ag méaduġaḋ a nirt ar gaċ aon tsaġas cuma. Do ḃíoḋ sé ag gríosaḋ na ndaoine a ḃíoḋ neaṁ-ṡuimeaṁail. Ḃí a lán [ 189 ]neaṁ-ṡuimeaṁlaċta ins na daoine i n-áiteanaiḃ. Ní ċreid- fidís go raiḃ aon ḃaoġal go dtiocfaḋ naṁaid go dtí go ḃfeicfidís ag teaċt é. Ansan, nuair a marḃófaí a leaṫ agus nuair a fágfaí an leaṫ eile ḋíoḃ leaṫ-ṁarḃ, agus nuair a ḃéaḋ an naṁaid imṫiġṫe agus a gcuid an tsaoġal beirṫe ċun siúḃail aige, ní ċuirfeaḋ aon níḋ 'n-a luiġe orṫa gur ċeart dóiḃ iad féin d'ollaṁuġaḋ mar nár ḃaoġal ná go dtiocfaḋ an naṁaiḋ sin airís. Nuair a ṫagaḋ Brian ameasg daoine de'n tsórd san, ar a ċuaird, ḃíoḋ sé ag ċaint leó agus ag plé leó agus 'ġá ngríosaḋ agus ag spídiúċán orṫa, go dtí go gcuireaḋ sé a ḃfearg suas agus go socaruiġdís ar na h-airm a ṡoláṫar agus ar ṫaiṫíġe ḋéanaṁ díoḃ ċóṁ maiṫ le cáċ. Ḃuaileaḋ duine uime uaireanta, áṁṫaċ, agus ní ḟéadaḋ a ḋíċeal aon spionaḋ ċur 'n-a ṁisneaċ. Ṫug aon ḟear aṁáin an freagra so air:—

“Ná bí liom, a Árdríġ,” ar seisean. “Dá mbéaḋ sé i n-áiriġṫe agam maireaċtaint míle blian b'ḟearr liom gaċ aon lá de'n ṁíle blian san do ċaiṫeaṁ ar ṁulaċ mo ċinn sa laiṫiġ ag sgláḃaiḋeaċt 'ná aon lá aṁáin do ṫroid!”

B'éigean do Ḃrian eiriġe as. Ní mór de'n tsaġas san, áṁṫaċ, a ḃuail uime ar a ċuaird. Na fir a ḃuail uime, pé neaṁ-ṡuimeaṁlaċt a ḃí orṫa sar ar laḃair sé leó, do ḃain a ċaint an neaṁ-ṡuimeaṁlaċt díoḃ. Do tugaḋ dóiḃ na h-airm agus do cuireaḋ ag déanaṁ na gleacaiḋeaċta iad agus stiúrṫóirí 'n-a mbun, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ nár ró ḟada go mbeidís ábalta ar aġaiḋ a ṫaḃairt ar Loċlanaċ i gcaṫ agus ar ċleas a ṁúineaḋ ḋó.

Um an am 'n-a raiḃ an ċuaird d'á críoċnuġaḋ ḃí measta i n' aigne ag Brian go mbéaḋ suas le ċúig ṁíle ḟiċid fear ollaṁ aige i gcóir na Loċlanaċ nuair a ṫiocfaidís. Do réir a ḃreiṫeaṁantais is go cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ḃíodar le teaċt. Ḃí eólus maiṫ taḃarṫa aige do Ċlainn Ċais, [ 190 ]agus dos na cineaċaiḃ eile sa Muṁain, ar na bóiṫriḃ go Baile Áṫa Cliaṫ. Ní raiḃ aon ḃaoġal go mbéaḋ na slóiġte ag dul amú' ná go mbéidís ag brúṫ ar a ċéile ná ag teaċt crosta ar a ċéile.

Ḃí ḟios aige, dá mbéaḋ fir Éirean go léir i n-aonḟeaċt aige, go mbéaḋ breis ṁór agus daċad míle fear aige, agus ḃí ḟios aige, dá mbéaḋ san aṁlaiḋ, ná tiocfaḋ aon ċogaḋ, mar ná raiḃ aon ċóṁaċt lasmuiċ, i n-aon ṗáirt de'n doṁan, a ḋ'ḟéadfaḋ aġaiḋ a ṫaḃairt ar ċóṁaċt na h-Éirean dá mbéaḋ fir Éirean go léir i n-aonḟeaċt. Aċ ḃí ḟios aige go maiṫ go mbéaḋ cuid d'ḟearaiḃ Éirean ar ṫaoḃ na Loċlanaċ, agus go mbéaḋ cuid acu ná raġaḋ i n-aon ċor sa ċaismirt. Ḋein sé a ḋíċeal, sa ċuaird, ar an dá aicme sin do luiġeaduġaḋ an oiread agus dob' ḟéidir é. Ċuir sé go soiléir os coṁair aigne na ndaoine, coitċianta, agus ins gaċ áit 'n-ar laḃair sé leis na daoine, dá ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ an láṁ uaċtair sa ċogaḋ a ḃí ag teaċt go ngeóḃdís do ċosaiḃ i nGaeḋlaiḃ Éirean ċóṁ tiubaisteaċ san gur ḃ' ḟearr go mór d'á raiḃ de Ċríostaiġṫiḃ sa n-oileán bás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ a troidfí 'ná maireaċtaint i n-Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa san. Ċuaiḋ an ċaint sin i ḃfeiḋm ar ḟorṁór na ndaoine. Ṫuigeadar go raiḃ an ḟírinne sa ċaint. Ṡocaruiġdar a n-aigne ar an láṁ uaċtair a ḃeiṫ acu féin nuair a ṫiocfaḋ an caṫ nó tuitim sa ċaṫ. Ċuaiḋ an focal san amaċ ameasg na ndaoine ins gaċ aon ḃall. Ní h-ar ṫeaċt ó'n gcaṫ a ḃíoḋ aoinne ag tráċt, aċ ar ṫuitim sa ċaṫ nó an naṁaid do ṫuitim. Ċuaiḋ daoine i dtaiṫiġe an ḟocail ċóṁ mór san go raiḃ a n-aigne socair acu, go breaġ réiḋ, gan aon ċorḃuais, ar ḋul sa ċaṫ, nuair a ṫiocfaḋ an caṫ, agus ar gan teaċt as. B'ṡiné saoġal a ġeár gaċ fear amaċ dó féin, go dtí go dtiocfaḋ an caṫ san.

Ní baoġal gur ḟág Brian gan cur 'n-a luiġe orṫa go léir, [ 191 ]coitċianta, an fear a ṫuitfeaḋ sa ċaṫ gur ḃás ar son an Ċreidiṁ dó é, agus ḃí ḟios acu féin an t-é a ḋ'ḟuilingeóċ' bás ar son an Ċreidiṁ go raiḃ aoiḃneas na ḃFlaṫas i n-áiriġṫe ḋó láiṫreaċ. Ní ḟéadfaḋ bás i gcaṫ sgáṫ ná eagla do ċur ar ḟearaiḃ go raiḃ a n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor ċuir, nuair a ṫáinig sé.

An ḟaid a ḃí an ċuaird sin ar siúḃal, leis, ḃí rud eile ar siúḃal. Ḃí Caoilte ag imṫeaċt coitċianta ó áit go h-áit i n-Éirinn, agus ḃíoḋ sé go minic imṫiġṫe tar faraige a gan ḟios d' aoinne aċ do Ṁurċaḋ. Ċuaiḋ sé soir go minic go críċ Loċlan gan spleaḋċas do'n ḟoláraṁ úd a tugaḋ dó sa leitir a fuair sé ó ċaptaéin na loinge a ṫug aḃaile go Corcaiġ é tar éis a ṫamal a ṫaḃairt sa ṗrísún ṫall i gcaṫair ríġ Loċlan. Ċuaiḋ sé anonn airís agus airís eile, agus ṫug sé leis anall, gaċ uair díoḃ, ag triall ar Ṁurċaḋ, cúntas cruinn ar an neart fear a ḃí ṫall ag ríġ Loċlan, agus ar an méid loingeas a ḃí aige ċun na ḃfear a ḃreiṫ ṫar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a ḃí na fir sin le taḃairt, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ an t-am ċuige.

Ċuaiḋ sé óṫuaiḋ, agus níor ḃ'aon uair aṁáin é, go h-Ínsíḃ Orc agus go h-Ínsíḃ Gall, agus ċonaic sé le n-a ṡúiliḃ féin cad é an neart fear a ḃí 'á ḋéanaṁ suas ins na h-oileánaiḃ sin, agus cé r' ḃ'é an ríġ a ḃéaḋ os cionn na ḃfear san. Ċuaiḋ sé, 'n-a ċuardaiḃ, soir óṫuaiḋ go tír na h-Ioruaiḋe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a ḃí uaiḋ, agus eólus ná raiḃ coinne aige leis. Nuair a ḃíoḋ raint eóluis cruinniġṫe aige ṫagaḋ sé aḃaile agus ṫugaḋ sé an t-eólus do Ṁurċaḋ, agus ṫugaḋ Murċaḋ do Ḃrian é, 'sé sin, an méid ba ṁaiṫ a ṫaḃairt dó ḋé. Ḃí cuid de'n eólus agus níor tugaḋ do Ḃrian é go dtí 'n-a ḋiaiġ san.

Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ ag teaċt anall ó ríġ Loċlan agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ 'n-a ḃun. Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ [ 192 ]ag teaċt anall ó ríġ na h-Ioruaiḋe agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ 'n-a ḃun. Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ ag teaċt adtuaiḋ ó Ínsíḃ Orc agus ó Ínsiḃ Gall agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ i mbun na slóġ san. Agus do h-innseaḋ dó náċ naṁaid ar fad a ḃéaḋ ag teaċt; go mbeaḋ congnaṁ fear, agus nár ċongnaṁ ṡuaraċ é, ag teaċt anoir adtuaiḋ ó Ġaeḋlaiḃ Alban, ċun buille ḃualaḋ le Gaeḋlaiḃ Éirean i gcoinniḃ cóṁaċt Loċlan, agus go mbéaḋ an dá ríġ uasal, an dá Ṁaor Ṁór, i gceannus an ċongnaiṁ sin. Fuair Caoilte amaċ, leis, go raiḃ slóiġte ag teaċt anoir ó'n gceann tuaiḋ de'n Almáinn ag caḃruġaḋ le naṁdaiḃ na nGaeḋal. Ḃí, ba ḋóiċ le duine, an Ṗágánaċt go léir, ṫoir agus ṫuaiḋ, ag cruinniuġaḋ agus ag eiriġe, mar a ḃéaḋ tonn ṁór faraige, ċun an oileáin seo na h-Éirean do ḃáṫ agus do ṁúċaḋ agus do ṫraoċaḋ d' aon ṁór-iaraċt aṁáin.

Ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal go h-uaṫḃásaċ ins gaċ aon ḃall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúṫaíḃ ṫall, aċ 'n-a ṫaoḃ san a's uile ní raiḃ aċ síṫċáin agus caradas ins gaċ aon ḃall, i n-Éirinn agus ṫar lear. Ba ċuma é nó an ciúnas roimis an dtóirṫniġ. Ḃí an tsíṫċáin ann. D'á ḃríġ sin ḃí neart do Ċaoilte agus d'á aicme féin ar ḃeiṫ ins gaċ aon ċúinne, ag faire agus ag fáġail eóluis, agus ḃí, ar an gcuma gcéadna, neart do'n naṁaid ar a luċt faire ḃeiṫ acu ins gaċ aon ċúinne d' oileán na h-Éirean, ag feuċaint agus ag iniúċaḋ agus ag fáġail eóluis, ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é.

Pé cúis a ḃí leis, bíoḋ go ndeiġ Caoilte anonn go minic go críoċaiḃ Loċlan, agus anonn go Caṫair na Beirbe, níor deineaḋ aon iaraċt ar aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ air ná ar ḃaint leis i n-aon tsaġas cuma. Ṫug sé féin aire ṁaiṫ gan aon dlíġ a ḃriseaḋ.

Idir an dá aicme faire ba ḋeacair puinn eóluis a ḃeiṫ [ 193 ]i n-Éirinn a gan ḟios do'n naṁaid, agus a ró ḋeacair do'n naṁaid aon ċor a ċur díoḃ a gan ḟios do Ċaoilte. Ní raiḃ ag gaċ taoḃ le déanaṁ aċ ḃeiṫ 'ġá neartuġaḋ féin ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é, agus ḃeiṫ a d'iaraiḋ eóluis a nirt do ċoimeád ó'n dtaoḃ eile ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é, go dtí go bpléasgfaḋ an tóirṫneaċ eatarṫa.

Ḃí ḋá ṡaġas eóluis ag gaċ taoḃ de'n dá ṫaoḃ 'á ċruinniuġaḋ. Ḃí gaċ taoḃ a d'iaraiḋ eóluis a ḋ' ḟáġail ar na neiṫiḃ ab ḟearrr a ḋéanfaḋ cur le n-a neart féin agus ar na neiṫiḃ ab ḟearr a ḋéanfaḋ baint ó neart an taoiḃ eile.