Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
190
NIAṀ

agus dos na cineaċaiḃ eile sa Muṁain, ar na bóiṫriḃ go Baile Áṫa Cliaṫ. Ní raiḃ aon ḃaoġal go mbéaḋ na slóiġte ag dul amú' ná go mbéidís ag brúṫ ar a ċéile ná ag teaċt crosta ar a ċéile.

Ḃí ḟios aige, dá mbéaḋ fir Éirean go léir i n-aonḟeaċt aige, go mbéaḋ breis ṁór agus daċad míle fear aige, agus ḃí ḟios aige, dá mbéaḋ san aṁlaiḋ, ná tiocfaḋ aon ċogaḋ, mar ná raiḃ aon ċóṁaċt lasmuiċ, i n-aon ṗáirt de'n doṁan, a ḋ'ḟéadfaḋ aġaiḋ a ṫaḃairt ar ċóṁaċt na h-Éirean dá mbéaḋ fir Éirean go léir i n-aonḟeaċt. Aċ ḃí ḟios aige go maiṫ go mbéaḋ cuid d'ḟearaiḃ Éirean ar ṫaoḃ na Loċlanaċ, agus go mbéaḋ cuid acu ná raġaḋ i n-aon ċor sa ċaismirt. Ḋein sé a ḋíċeal, sa ċuaird, ar an dá aicme sin do luiġeaduġaḋ an oiread agus dob' ḟéidir é. Ċuir sé go soiléir os coṁair aigne na ndaoine, coitċianta, agus ins gaċ áit 'n-ar laḃair sé leis na daoine, dá ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ an láṁ uaċtair sa ċogaḋ a ḃí ag teaċt go ngeóḃdís do ċosaiḃ i nGaeḋlaiḃ Éirean ċóṁ tiubaisteaċ san gur ḃ' ḟearr go mór d'á raiḃ de Ċríostaiġṫiḃ sa n-oileán bás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ a troidfí 'ná maireaċtaint i n-Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa san. Ċuaiḋ an ċaint sin i ḃfeiḋm ar ḟorṁór na ndaoine. Ṫuigeadar go raiḃ an ḟírinne sa ċaint. Ṡocaruiġdar a n-aigne ar an láṁ uaċtair a ḃeiṫ acu féin nuair a ṫiocfaḋ an caṫ nó tuitim sa ċaṫ. Ċuaiḋ an focal san amaċ ameasg na ndaoine ins gaċ aon ḃall. Ní h-ar ṫeaċt ó'n gcaṫ a ḃíoḋ aoinne ag tráċt, aċ ar ṫuitim sa ċaṫ nó an naṁaid do ṫuitim. Ċuaiḋ daoine i dtaiṫiġe an ḟocail ċóṁ mór san go raiḃ a n-aigne socair acu, go breaġ réiḋ, gan aon ċorḃuais, ar ḋul sa ċaṫ, nuair a ṫiocfaḋ an caṫ, agus ar gan teaċt as. B'ṡiné saoġal a ġeár gaċ fear amaċ dó féin, go dtí go dtiocfaḋ an caṫ san.

Ní baoġal gur ḟág Brian gan cur 'n-a luiġe orṫa go léir,