Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/195

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
191
NIAṀ

coitċianta, an fear a ṫuitfeaḋ sa ċaṫ gur ḃás ar son an Ċreidiṁ dó é, agus ḃí ḟios acu féin an t-é a ḋ'ḟuilingeóċ' bás ar son an Ċreidiṁ go raiḃ aoiḃneas na ḃFlaṫas i n-áiriġṫe ḋó láiṫreaċ. Ní ḟéadfaḋ bás i gcaṫ sgáṫ ná eagla do ċur ar ḟearaiḃ go raiḃ a n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor ċuir, nuair a ṫáinig sé.

An ḟaid a ḃí an ċuaird sin ar siúḃal, leis, ḃí rud eile ar siúḃal. Ḃí Caoilte ag imṫeaċt coitċianta ó áit go h-áit i n-Éirinn, agus ḃíoḋ sé go minic imṫiġṫe tar faraige a gan ḟios d' aoinne aċ do Ṁurċaḋ. Ċuaiḋ sé soir go minic go críċ Loċlan gan spleaḋċas do'n ḟoláraṁ úd a tugaḋ dó sa leitir a fuair sé ó ċaptaéin na loinge a ṫug aḃaile go Corcaiġ é tar éis a ṫamal a ṫaḃairt sa ṗrísún ṫall i gcaṫair ríġ Loċlan. Ċuaiḋ sé anonn airís agus airís eile, agus ṫug sé leis anall, gaċ uair díoḃ, ag triall ar Ṁurċaḋ, cúntas cruinn ar an neart fear a ḃí ṫall ag ríġ Loċlan, agus ar an méid loingeas a ḃí aige ċun na ḃfear a ḃreiṫ ṫar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a ḃí na fir sin le taḃairt, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ an t-am ċuige.

Ċuaiḋ sé óṫuaiḋ, agus níor ḃ'aon uair aṁáin é, go h-Ínsíḃ Orc agus go h-Ínsíḃ Gall, agus ċonaic sé le n-a ṡúiliḃ féin cad é an neart fear a ḃí 'á ḋéanaṁ suas ins na h-oileánaiḃ sin, agus cé r' ḃ'é an ríġ a ḃéaḋ os cionn na ḃfear san. Ċuaiḋ sé, 'n-a ċuardaiḃ, soir óṫuaiḋ go tír na h-Ioruaiḋe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a ḃí uaiḋ, agus eólus ná raiḃ coinne aige leis. Nuair a ḃíoḋ raint eóluis cruinniġṫe aige ṫagaḋ sé aḃaile agus ṫugaḋ sé an t-eólus do Ṁurċaḋ, agus ṫugaḋ Murċaḋ do Ḃrian é, 'sé sin, an méid ba ṁaiṫ a ṫaḃairt dó ḋé. Ḃí cuid de'n eólus agus níor tugaḋ do Ḃrian é go dtí 'n-a ḋiaiġ san.

Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ ag teaċt anall ó ríġ Loċlan agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ 'n-a ḃun. Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ