Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/196

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
192
NIAṀ

ag teaċt anall ó ríġ na h-Ioruaiḋe agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ 'n-a ḃun. Do h-innseaḋ dó cad é an neart slóġ a ḃéaḋ ag teaċt adtuaiḋ ó Ínsíḃ Orc agus ó Ínsiḃ Gall agus cé r' ḃ'iad na taoiseaċa a ḃéaḋ i mbun na slóġ san. Agus do h-innseaḋ dó náċ naṁaid ar fad a ḃéaḋ ag teaċt; go mbeaḋ congnaṁ fear, agus nár ċongnaṁ ṡuaraċ é, ag teaċt anoir adtuaiḋ ó Ġaeḋlaiḃ Alban, ċun buille ḃualaḋ le Gaeḋlaiḃ Éirean i gcoinniḃ cóṁaċt Loċlan, agus go mbéaḋ an dá ríġ uasal, an dá Ṁaor Ṁór, i gceannus an ċongnaiṁ sin. Fuair Caoilte amaċ, leis, go raiḃ slóiġte ag teaċt anoir ó'n gceann tuaiḋ de'n Almáinn ag caḃruġaḋ le naṁdaiḃ na nGaeḋal. Ḃí, ba ḋóiċ le duine, an Ṗágánaċt go léir, ṫoir agus ṫuaiḋ, ag cruinniuġaḋ agus ag eiriġe, mar a ḃéaḋ tonn ṁór faraige, ċun an oileáin seo na h-Éirean do ḃáṫ agus do ṁúċaḋ agus do ṫraoċaḋ d' aon ṁór-iaraċt aṁáin.

Ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal go h-uaṫḃásaċ ins gaċ aon ḃall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúṫaíḃ ṫall, aċ 'n-a ṫaoḃ san a's uile ní raiḃ aċ síṫċáin agus caradas ins gaċ aon ḃall, i n-Éirinn agus ṫar lear. Ba ċuma é nó an ciúnas roimis an dtóirṫniġ. Ḃí an tsíṫċáin ann. D'á ḃríġ sin ḃí neart do Ċaoilte agus d'á aicme féin ar ḃeiṫ ins gaċ aon ċúinne, ag faire agus ag fáġail eóluis, agus ḃí, ar an gcuma gcéadna, neart do'n naṁaid ar a luċt faire ḃeiṫ acu ins gaċ aon ċúinne d' oileán na h-Éirean, ag feuċaint agus ag iniúċaḋ agus ag fáġail eóluis, ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é.

Pé cúis a ḃí leis, bíoḋ go ndeiġ Caoilte anonn go minic go críoċaiḃ Loċlan, agus anonn go Caṫair na Beirbe, níor deineaḋ aon iaraċt ar aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ air ná ar ḃaint leis i n-aon tsaġas cuma. Ṫug sé féin aire ṁaiṫ gan aon dlíġ a ḃriseaḋ.

Idir an dá aicme faire ba ḋeacair puinn eóluis a ḃeiṫ