Niamh/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Buille fé thuairim; nó, Fuadar ná feadar
[ 199 ]

CAIBIDIOL XV.

BUILLE FÉ ṪUAIRIM; NÓ,

FUADAR NÁ FEADAR.

Ḃí an ḃeirt istiġ i seómra i ríġṫeiġlaċ Ṡitric i mBaile Áṫa Cliaṫ agus iad ag cur 's ag cúiteaṁ i dtaoḃ an sgéil.

“Ní ḋéanfaiḋ sí an ḃeart,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní'l an sgairt ċóṁ láidir aici agus do ṁeasas. Siné fé ndeár gan an gnó ḃeiṫ déanta fadó. Do cuireaḋ Niaṁ ag faire uirṫi. Isí Niaṁ a ċoisg í ar an obair a ḋéanaṁ an ḟaid a ḃí Brian sa ḃaile, aċ ní leis an ḃfaire do ċoisg sí í. Ċuir Niaṁ Gormḟlaiṫ ó'n ndroċ ġníoṁ a gan ḟios do Ġormḟlaiṫ féin. Deirim an méid seo leat, a ríġ. Dá ḃfanaḋ Brian sa ḃaile i gCeann Cora agus dá ḃfanaḋ Niaṁ ann, agus í féin agus Gormḟlaiṫ a ḃeiṫ ċóṁ mór i gcuideaċtanas a ċéile agus ḃíodar, ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ an gníoṁ i n-aon ċor. Ḃéaḋ sí ceapaiṫe ar an ngníoṁ a ḋéanaṁ, aċ an ḟaid a ḃéaḋ Niaṁ ann agus í fé ṡúiliḃ Gormḟlaiṫ, agus a h-anál ag dul fé Ġormḟlaiṫ, agus a guṫ agus a gáire ag dul fé Ġormḟlaiṫ, ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ an gníoṁ.”

“Aċ!” arsa Sitric. “Ariú, náċ eólgaiseaċ an buaċail tu! Cá ḃfuarais an ḟáiḋeaṁlaċt go léir? Ba ḋóiċ le duine gur ag breiṫniuġaḋ aigne an duine a ċaiṫis do ṡaoġal.”

“Abair do roġa rud, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “i dtaoḃ conus a ċaiṫeas mo ṡaogal, aċ bain-se an ċluas anuas ó'n gceann díom mura ḃfuil an ceart sa méid úd agam. Ḃéaḋ an rud atá uainn déanta fadó mura mbéaḋ Niaṁ a ṫeaċt go Ceann Cora. Ċun na faire ḋéanaṁ iseaḋ do tugaḋ ann í. Ḋein sí an ḟaire, aċ ní leis an ḃfaire do ċoisg sí an gníoṁ, aċ le h-í féin a ḃeiṫ ann.”

[ 200 ]“Ba ḋóiċ liom gur conus a déanfar an gníoṁ an ċeist anois agus náċ conus a coisgeaḋ é. Ó ḃreiṫniġis an cosg ċóṁ maiṫ b' ḟéidir go ḃfuil breiṫniuġaḋ éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg ar an slíġ,” arsa Sitric.

“Tá an breiṫniuġaḋ san, leis, déanta agam, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Is maiṫ é sin. Sgaoil ċúġainn toraḋ do ṁaċtnaiṁ,” arsa Sitric.

“Ar airiġis riaṁ,” arsa Aṁlaoiḃ, “conus a deineaḋ Árdríġ de Ḋiarmaid mac Céirḃeóil?”

“Do marḃuiġeaḋ Tuaṫal Maolgarḃ,” arsa Sitric. “Aċ ar airiġis-se cad d' imṫiġ ar an ḃfear a ṁairḃ Tuaṫal?”

“Do deineaḋ goin galáin dé,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Go díreaċ,” arsa Sitric; “an rud a ḋ' imṫeóċ' láiṫreaċ bonn ar an t-é a ṁarḃóċ' Brian, aċ so a ḃeiṫ de ḋeifriġeaċt idir an dá sgéal. Do deineaḋ goin galáin de 'n t-é ṁairḃ Tuaṫal, aċ tar éis an ġníṁ sic a deineaḋ dé é. An fear a ṫaḃarfaḋ fé Ḃrian a ṁarḃuġaḋ, roimis an ngníoṁ a déanfaí goin galáin dé.”

Ḃí an ḃeirt ag caint ar an gcuma san. Ṫáinig seirḃíseaċ isteaċ.

“Tá duine sa ṗóirse agus ba ṁaiṫ leis laḃairt leat, a ríġ,” arsa'n seirḃíseaċ.

“Taḃair anso isteaċ é,” arsa Sitric.

Do tugaḋ isteaċ é.

Sidé saġas duine a ċonaic an ḃeirt nuair a ṫáinig sé isteaċ. Firín beag agus ceann mór air. Ḃí folt oḋar ar a ċeann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ġuailliḃ agus siar síos ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí mar ḃéaḋ saca beag óir ar gaċ taoḃ d'á ċeann, agá uiseanaiḃ, ag coimeád a ġruaige siar d'á éadan agus d'á ṡúiliḃ. Ḃí éadan leaṫan árd air agus fáiḃrí treasna ann, 'ġá ṫaisbeáint go raiḃ sé, an ċuid ba luġa ḋé, trí fiċid blian. Ḃí srón ḟada ḋíreaċ [ 201 ]air agus ḋá ṡúil ṁaiṫe ṁóra ṡolusṁara aige, agus iad aibiġ go maiṫ. Ḃí a ċeannaċa faidleicineaċ agus ḃí féasóg ṫrom, liaṫ-ġorm air agus í ag dul aḃfad síos ar a ḃrollaċ. Ḃí brat, nó clóca, de'n éadaċ saiḋḃir ba ċeart a ḃeiṫ ar ḋuin'uasal, aniar ar a ṡlinneánaiḃ.

“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a ḋuine ṁacánta?” arsa Sitric leis.

“Liaġ iseaḋ mé, a ríġ,” arsa'n duine iasaċta. “Tá mórán de ċríoċaiḃ an doṁain siúḃalta agam i gcaiṫeaṁ mo ṡaoġail. Ó'n mBreatain anall a ṫánag le déanaiġe. Tá mórán taiṫiġe agam ar na galaraiḃ a ṫagan ar an nduine, agus ar na neiṫiḃ is fearr ċun na ngalar san do leiġeas. Ṫánag anso go dtí an ċaṫair seo ag braṫ air go mb’ḟéidir go ḃféadfainn úsáid a ḋéanaṁ ann de'n eólus atá agam agus raint tairḃṫe ḋéanaṁ do ḋaoine a ḃéaḋ 'n-a ġátar. Is léir duit féin, a ríġ,” ar seisean, “gur ró ḃeag an gnó a ḃéaḋ agam' leiṫéid ag teaċt anso ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ gan mé féin do ċur i n-iúil ar dtúis do'n ríġ agus cead a ḋ'iaraiḋ air.”

“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “aċ cá ḃ' ḟios dóṁ-sa náċ díoḃáil a ḋéanfá dom' ḋaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus ċuir sé gáire as. “Cá ḃ'ḟios dom,” ar seisean, “ná gur b' aṁlaiḋ a ṫaḃarfá niṁ dúinn go léir.”

“Cúis ġáire ċúgat, a ríġ”, arsa'n duine iasaċta. “Ní gáḋ ḋom a ḋ'innsint duit-se, a ríġ,” ar seisean, “gur b'é meón agus nádúr an liaiġ gur túisge leis go mór leiġeas a ḋéanaṁ 'ná aon díoḃáil sláinte ḋéanaṁ d' aon duine. Tuigim go maiṫ cad a ḃainean le niṁ, agus cad a ḃainean le duine do leiġeas ó niṁ dá mbéaḋ sé tar éis an níṁe do ṫógaint, pé 'cu le tionóisg nó le toil a ḃéaḋ an niṁ tógṫa aige. Aċ ní gáḋ ḋom ḃeiṫ 'ġá innsint cad a ḋ'ḟéadfainn a ḋéanaṁ. Tá teistiméireaċtaí anso agam ó [ 202 ]ríġṫiḃ agus ó uaisliḃ agus ó ċoláistíḃ móra, 'ġá ṫaisbeáint cad é an saġas mé, agus cad é an saġas oibre a ḋeineas ċeana ins na h-áiteanaiḃ eile 'n-a raḃas sar a dtánag anso.”

Ṫaraing sé amaċ beart ṗápéar agus ṡín sé ċun an ríġ iad. Ṫóg Sitric iad agus ċrom sé ar iad do léiġeaḋ. Ṫaisbeáin sé d' Aṁlaoiḃ cuid acu. Do léiġ Aṁlaoiḃ iad.

“Ċím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”

“Iseaḋ, a ríġ,” ar seisean. “Lonán m' ainim.”

“Tá go maiṫ,” arsa Sitric. “Tá mo ċead-sa agat ċun aon tairḃṫe is féidir leat a ḋéanaṁ do ṁuintir na caṫaraċ so. Is dóċa gur cuma leat cé 'cu Loċlanaiġ nó Éireanaiġ an ṁuintir n-a n-imireóċair do ċuid eóluis orṫa?”

“Is cuma, a ríġ,” arsa Lonán. “Imireóċad mo ċuid eóluis ar an muintir is mó a ċífead 'n-a ġátar agus ar an muintir is fearr a ḋíolfaiḋ mé.”

“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba ḋóiċ liom féin, áṁṫaċ,” ar seisean, “go ḃfaġaḋ duine a ṡiúḃluiġ oiread agus ṡiúḃluiġis-se ceannaċ ar a ċuid eóluis, agus díol as, níos fearr 'ná mar a ġeóḃair-se sa ċaṫair seo.”

“Conus san, a ríġ, le d'ṫoil?” arsa Lonán.

“Ba ḋóiċ liom gur 'mó ríġ, nó Árdríġ, gur ṁaiṫ leis tusa ḃeiṫ i n' aice i gcóṁnuiġe ag feuċaint i ndiaiġ a ṡláinte ḋó, agus go mb’ḟéidir gur ḃ' ḟearr a ḋíolfaḋ sé ṫú as do ċuid eóluis 'ná mar ḟéadfaḋ daoine boċta na caṫaraċ so ṫú ḋíol,” arsa Sitric.

Do ġeal gnúis Lonáin.

“Tá go maiṫ, a ríġ,” ar seisean. “Ní'l aon rud ab ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ liom, má's ċuige atá t' onóir, 'ná an gnó san a ḋéanaṁ do t' onóir-se. Ṫaḃarfainn aire ṁaiṫ do'n ġnó, agus is dóiċ liom, nuair a ḃéaḋ taiṫiġe agat ar m' eólus ar feaḋ tamail, agus ar m'obair, náċ go ró ḃog ba ṁaiṫ leat sgaraṁaint liom.” [ 203 ]“Ní h-orm féin a ḃíos ag cuiṁneaṁ nuair a laḃras,” arsa Sitric. “Is ar Árdríġ Éirean, ar Ḃrian, a ḃíos ag cuiṁneaṁ.”

Do ḋoirċiġ gnúis Lonáin. Níor laḃair sé. B'ḟuiriste a ḋ'aiṫint go raiḃ rud éigin nár ḃ'ḟóġanta istiġ aige i gcoinniḃ an Árdríġ. D'ḟeuċ an ḃeirt eile ar a ċéile. Ar ball do laḃair Lonán.

“Gaḃaim párdún agat, a ríġ,” ar seisean, “agus agat- sa, a ríġ,” ar seisean le h-Aṁlaoiḃ. “Ṫáinig ainim an ḟir sin ró oban orm. Ṫáinig ainim an Árdríġ sin ró oban orm,” ar seisean. Do stad sé. “Ṁeasas gur ort féin a ḃís ag tráċt, a ríġ,” ar seisean.

“Ní ṁeasaim,” arsa Sitric, “go ḃfuil aon ġráḋ ró ṁór agat do'n Árdríġ.”

Níor laḃair Lonán, aċ do ḋoirċiġ a ġnúis airís.

“Aċ bíoḋ náċ orm féin a ḃíos ag cuiṁneaṁ ar dtúis b' ḟéidir nár ḃ'ḟearra ḋom rud a ḋéanfainn 'ná cuiṁneaṁ orm féin anois. B'ḟéidir náċ i gcóṁnuiġe a ṫiocfaḋ do leiṫéid-se crosta orm. Tar ċugam anso amáireaċ agus b'ḟéidir go ḃféadfaimís socaruġaḋ,” arsa Sitric.

Do ġeal gnúis Lonáin airís. Ba ḋóiċ le duine air gur ríġeaċt a bronnaḋ air ḃí sé ċóṁ h-áṫasaċ, ċóṁ mórálaċ, ċóṁ buiḋeaċ.

D'imṫiġ sé. D'ḟeuċ an beirt ar a ċéile.

“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Aṁlaoiḃ.

“Fágaim le h-uaḋaċt,” arsa Sitric, “ná feadar cad é an fuadar é seo fúm!”

“Ní'l aon ġráḋ ag Lonán do Ḃrian,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní ḟeadar an doṁan cad a ḋein Brian air.”

“Is 'mó duine náċ é gur ḋein Brian droċ ḃeart air,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Ḃí sé ar ḃara mo ṫeangan ḋá uair a ḋ' ḟiafraiġe ḋé [ 204 ]cad a ḋein Brian air, aċ ḃí eagal orm go saṁlóċ' sé go raiḃ cúis éigin agam leis an gceist a ċur ċuige,” arsa Sitric.

“Tiocfaiḋ sé anso amáireaċ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Ní deirim ná go dtiocfaiḋ,” arsa Sitric.

“Agus cad a ḋéanfair leis?” arsa Aṁlaoiḃ.

“B'ḟéidir gur 'mó rud a féadfaí a ḋéanaṁ leis,” arsa Sitric.

Do stad an ḃeirt agus iad ag maċtnaṁ. Ḃí Sitric 'n-a ṡuiḋe ar ċaṫaoir agus ḃí Aṁlaoiḃ ag siúḃal síos a's suas. Ṫug an ḃeirt tamal maiṫ ar an gcuma san. Ar ball do laḃair Aṁlaoiḃ:—

“Is fíor san,” ar seisean. “Is 'mó rud, b'ḟéidir, a féadfaí a ḋéanaṁ leis. Tiocfaiḋ sé anso amáireaċ. Ní gáḋ ḋom a ráḋ leat aire ṁaiṫ a ṫaḃairt. Faiġ-se greim air má 's féidir é, aċ ná leig dó aon ġreim ḟáġail ort.”

“Ná bíoḋ eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúḃairt, ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a socarófar isé Lonán féin a ṡocaróċaiḋ air, uaiḋ féin.”

“Siní an ċaint,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ansan, má sgéiḋean sé is air féin a sgéiḋfiḋ sé.”

Do sgar an ḃeirt i gcóir na h-oíḋċe.