Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/203

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
199
NIAṀ

CAIBIDIOL XV.

BUILLE FÉ ṪUAIRIM; NÓ,

FUADAR NÁ FEADAR.

Ḃí an ḃeirt istiġ i seómra i ríġṫeiġlaċ Ṡitric i mBaile Áṫa Cliaṫ agus iad ag cur 's ag cúiteaṁ i dtaoḃ an sgéil.

“Ní ḋéanfaiḋ sí an ḃeart,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní'l an sgairt ċóṁ láidir aici agus do ṁeasas. Siné fé ndeár gan an gnó ḃeiṫ déanta fadó. Do cuireaḋ Niaṁ ag faire uirṫi. Isí Niaṁ a ċoisg í ar an obair a ḋéanaṁ an ḟaid a ḃí Brian sa ḃaile, aċ ní leis an ḃfaire do ċoisg sí í. Ċuir Niaṁ Gormḟlaiṫ ó'n ndroċ ġníoṁ a gan ḟios do Ġormḟlaiṫ féin. Deirim an méid seo leat, a ríġ. Dá ḃfanaḋ Brian sa ḃaile i gCeann Cora agus dá ḃfanaḋ Niaṁ ann, agus í féin agus Gormḟlaiṫ a ḃeiṫ ċóṁ mór i gcuideaċtanas a ċéile agus ḃíodar, ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ an gníoṁ i n-aon ċor. Ḃéaḋ sí ceapaiṫe ar an ngníoṁ a ḋéanaṁ, aċ an ḟaid a ḃéaḋ Niaṁ ann agus í fé ṡúiliḃ Gormḟlaiṫ, agus a h-anál ag dul fé Ġormḟlaiṫ, agus a guṫ agus a gáire ag dul fé Ġormḟlaiṫ, ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ an gníoṁ.”

“Aċ!” arsa Sitric. “Ariú, náċ eólgaiseaċ an buaċail tu! Cá ḃfuarais an ḟáiḋeaṁlaċt go léir? Ba ḋóiċ le duine gur ag breiṫniuġaḋ aigne an duine a ċaiṫis do ṡaoġal.”

“Abair do roġa rud, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “i dtaoḃ conus a ċaiṫeas mo ṡaogal, aċ bain-se an ċluas anuas ó'n gceann díom mura ḃfuil an ceart sa méid úd agam. Ḃéaḋ an rud atá uainn déanta fadó mura mbéaḋ Niaṁ a ṫeaċt go Ceann Cora. Ċun na faire ḋéanaṁ iseaḋ do tugaḋ ann í. Ḋein sí an ḟaire, aċ ní leis an ḃfaire do ċoisg sí an gníoṁ, aċ le h-í féin a ḃeiṫ ann.”